-
The Secret of Kells
-
Niko and The Way To The Stars
-
Granny O'Grimms Sleeping Beauty
Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Beochan |
Maidir leis an Maoiniúchán
Cuirtear an maoiniúchan ar fáil i bhfoirm iasachtaí iontaobh-teoranta atá infhaighte ar ais ó sciar den ioncam as saothrú an scannáin agus a chuireann BSÉ/IFB i dteideal sciar den bhrabús glan.
Ba chóir go mbeidh iarratasóirí ar an eolas maidir leis na rialúcháin agus teoireannacha a rialaíonn na suimeanna airgid gur féidir le BSÉ/IFB a bhronnadh ar thionscnamh. Is féidir iad seo a aimsiú ar leathanach Rialúcháin agus Teoireannacha san Fhorléargas ar an laithreán seo.
Go hiondúil cuirtear maoiniú léiriúcháin BSE/IFB ar fáil le linn léiriúcháin de réir sreabhadh airgid atá comhaontaithe. Sula gcuireann sé tús leis an maoiniúchán, ní mór BSÉ/IFB a shásamh go bhfuil gealltanas faighte ó agus conradh déanta leis na soláthróirí maoiniucháin eile ar fad atá ag an léiriúchán, agus go bhfuil dóthain sa mhéid airgeadais atá ar fáil leis an mbuiséad iomlán a chlúdú.
Gnáth-riachtanas ag BSÉ/IFB is ea banna faofa críochnúcháin nuair atá a chuid maoiniúcháin lena chur ar fáil le linn léiriúcháin. De ghnáth bíonn sé riachtanach chomh maith gníomhaire bailiúcháin a cheapadh.
Critéir
Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir agus aird faoi leith acu ar na hailt maidir le:
- Breisíocht
- Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
- Cineama á Dhéanamh
- Úrnuacht
- Cúrsaí Breise
Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinne na daoine cheana a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena iontaofacht ghairmiúil.
De bharr an mhéadaithe i líon agus i gcaighdeán an tsaothair bheochana in Éirinn le blianta beaga anuas, tá na caighdeáin sa réimse gníomhaíochta seo tar éis ardú agus tá an earnáil an-iomaitheach ar fad. Ina theannta sin, i réimse gnó ina bhfuil sé soiléir go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis, ba chóir go mbeadh léiritheoirí a chuireann iarratas isteach le haghaidh tionscadal beochana ag súil leis go mbeidh orthu cás láidir a dhéanamh lena chruthú go bhfuil tacaíocht phoiblí de dhíth orthu.
Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá maoiniúchán BSÉ/IFB do Léiriúchán Beochana ar fáil do léiritheoirí atá ag iarraidh príomhscannán beochana nó sraith teilifíse beochana a léiriú a bheidh tionscanta in Éirinn agus a mbeidh talainn Éireannacha i gceannas go cruthaitheach air agus a mbeidh a bhainistíocht go príomha Éireannach.
Soláthraíonn BSÉ/IFB maoiniú faoin gclár Léiriúcháin Beochana seo chun déanamh scannán agus sraitheanna teilifíse a chumasú nuair is Béarla nó Gaeilge, nó meascán den dá cheann, an bunteanga.
Chun Iarratas a Dheanamh
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.
Nuair is comh-léiriú atá i gceist, tá sé riachtanach freisin go ndéanann tú treorlínte ar Caiteachas Ceadaithe Éireannach atá ceangailte leis an leathanach seo a íoslódáil agus a léamh go cúramach.
Sula ndéanann tú d'iarratas ar an gcineál seo maoiniú léiriúcháin, bá chóir teagmháil phearsanta a dhéanamh le duine ó fhoireann léiriúcháin BSÉ/IFB - ceachtar acu, an Príomhfheidmeannach (Simon Perry), nó duine de na Feidhmeannaigh Léiriúcháin (Emma Scott, Alan Maher) - chun stádas an tionscnaimh a phlé, agus le feiceáil an bhfuil sé réidh le breithniú a dhéanamh air.
Ní ghlacfar le hiarratais (i.e. logáilte agus proiséasáilte) gan an réamh-comhrá seo.
Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB, Sarah Dillon.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh:
- Script scannáin do phríomhscannán nó scripteanna samplacha do shraith teilifíse
- Cur síos aonlíne (ca. 25 focal)
- Achoimre de phríomhscannán nó breac-chuntas ar shraith teilifíse (ca. ½ leathanach A4)
- Samplaí den réadú amhairc, e.g. dearadh carachtar, cúlraí, scéalchláir, etc
- CVanna na bpríomhaithe ar fad
- Nóta maidir le haon ghuthanna atá roghnaithe nó pearsanra cruthaitheach/teicniúil atá ceaptha cheana féin
- Nóta maidir le haon ghnéithe indíolta eile den tionscadal
- Buiséad léiriúcháin, lena n-áirítear an barrleathanach
- Dréachtphlean/plean táscach airgeadais
- Fianaise maidir le húinéireacht cearta i ngach ábhar ábhartha
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
Bord Scannán na hÉireann
Queensgate
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir tagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.
Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 1-12 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.

