-
Garage - CICAE Art and Essai Cinema Prize, Cannes Film Festival 2007
-
Once - Best Original Song (Falling Slowly), Academy Awards 2008
-
The Wind That Shakes The Barley - Winner Palme D'Or, Cannes Film Festival 2006
Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Conas Iarratas a Dhéanamh |
Is iad seo a leanas na leathanaigh a moltar duit iad a léamh roimh iarratas a dhéanamh:
- Prionsabail agus critéir: ina leagtar amach na dálaí atá mar thaca dár gcuid cinntí ar fad i leith maoiniúcháin.
- Nósanna Imeachta: Cuspóirí agus Cleachtais ina mínítear na cuspóirí agus na sonraí praiticiúla a bhaineann lenár nósanna imeachta maidir le hiarratais agus le cinnteoireacht.
- Forléargas a chuirfidh faisnéis úsáideach ar fáil duit faoi na cineálacha maoiniúcháin atá ar fáil agus faoi leithdháileadh ár gcuid acmhainní; agus, ach go háirithe, a thabharfaidh comhairle duit maidir leis na rialacha a rialaíonn na suimeanna airgid gur féidir linn a sholáthar d'aon tionscadal faoi leith: féach Rialúcháin & Teorainneacha
Tá bealaí ansin atá beagán éagsúil óna chéile le leanúint ag braith ar an bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar mhaoiniúchán forbartha, maoiniú léiriúcháin nó maoiniú dáileacháin.
Maoiniúchán Forbartha
Téigh go dtí an leathanach atá ábhartha don chineál maoiniúcháin atá á éileamh agat. (Muna bhfuil tú cinnte cé acu an leathanach ábhartha, féach ar an téacs ag tús gach leathanaigh a d'fhéadfadh a bheith i gceist go dtí go bhfaigheann tú an ceann atá ceart duitse). Is féidir do rogha a dhéanamh ó na leathanaigh seo a leanas:
- Iasachtaí Forbartha Ficsin
- Iasachtaí Céad Dhréachta
- Iasachtaí Forbartha Beochana
- Forbairt Ilthionscadail
Léigh an leathanach cuí go cúramach, agus aire faoi leith á thabhairt d'aon nótaí ‘Tabhair Faoi Deara' ag barr an leathanaigh, agus na hailt faoi Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh agus Chun Iarratas a Dhéanamh. Má tá sé i gceist agat ath-iarratas a dhéanamh ar son tionscadail ar dhiúltaigh BSÉ/IFB maoiniúchán dó roimhe seo, ní mór duit fios a chur ar Andrew Meehan, an Feidhmeannach Forbartha, roimh ré chun a chomhaontú a fháil maidir leis an ath-iarratas. Ní dócha go bhfaighidh tú an comhaontú sin ach amháin sa chás go bhfuil athrú ábharach tagtha ar an iarratas ó rinneadh an t-iarratas deireanach.
Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach atá ábhartha don mhaoiniúchán atá á éileamh agat, comhlánaigh an fhoirm ina hiomlán agus comhordaigh na hábhair bhreise ar fad atá de dhíth. Tabhair aire géar do na treoir ar fad a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Seol d'iarratas sa phost, nó le teachtaire nó déan é a sheachadadh chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh, a bhfuil a seoladh tugtha ar an bhfoirm iarratais, agus marcáil é d'aird an Chomhordaitheoir Scéimeanna agus Iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais ar faics nó ar ríomhphost.
Má theastaíonn a thuilleadh eolais uait nach bhfuil teacht air ar an láithreán gréasáin, nó má tá aon rud míshoiléir sna treoirlínte, déan teagmháil, led' thoil, le Sarah Dillon, an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha.

