-
Perrier's Bounty
-
Colony
-
Ondine
Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Ficsean – Léiriú Éireannach |
Is féidir an catagóir seo a shíneadh ó am go chéile ach ní go huathoibríoch chun drámaíocht teilifíse (drámaí aonair agus sraitheanna) a chur san áireamh.
Is do scannáin fhicsin bheoghnímh atá an clár seo; déantar maoiniú ar phríomhscannáin bheochana agus sraitheanna i gclár léiriúcháin éagsúil, Beochan.
Maidir leis an Maoiniúchán
Cuirtear an maoiniúchan ar fáil i bhfoirm iasachtaí iontaobh-teoranta atá infhaighte ar ais ó sciar den ioncam as saothrú an scannáin agus a chuireann BSÉ/IFB i dteideal sciar den bhrabús glan.
Ba chóir go mbeadh iarratasóirí go hiomlán ar an eolas maidir leis na rialúcháin agus na teorainneacha a rialaíonn an méid maoiniúchain gur féidir le BSÉ/IFB a chur ar fáil do thionscadal. Is féidir teacht orthu sin ar an leathanach ‘Rialúcháin & Teorainneacha' sa mhír Forléargas ar an láithreán seo.
Go hiondúil cuirtear maoiniú léiriúcháin BSÉ/IFB ar fáil le linn léiriúcháin de réir sreabhadh airgid atá comhaontaithe. Sula gcuireann sé tús leis an maoiniúchán, ní mór BSÉ/IFB a shásamh go bhfuil gealltanas faighte ó agus conradh déanta leis na soláthróirí maoiniucháin eile ar fad atá ag an léiriúchán, agus go bhfuil dóthain sa mhéid airgeadais atá ar fáil leis an mbuiséad iomlán a chlúdú.
Gnáth-riachtanas ag BSÉ/IFB is ea banna faofa críochnúcháin nuair atá a chuid maoiniúcháin lena chur ar fáil le linn léiriúcháin. De ghnáth bíonn sé riachtanach chomh maith gníomhaire bailiúcháin a cheapadh.
Critéir
Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir agus aird faoi leith acu ar na hailt maidir le:
Breisíocht
Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
Cineama á Dhéanamh
Úrnuacht
Cúrsaí Breise
Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinne na daoine cheana a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena iontaofacht ghairmiúil.
Coinníoll Speisialta
Ó cuireadh teorainneacha nua ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2008, ní mór do bhuiséid léiriúcháin do thionscadail a aighnítear iad le haghaidh maoiniúcháin faoin gclár seo míreanna líne a bheith iontu a bhfuil dóthain iontu chun costas táirgthe ábhar margaíochta ar ard-chaighdeán dod' scannán a chlúdú.
Níl ach scannáin a dhéantar ar mhiocrabuiséad a bhfuil buiséad léiriúcháin €100,000 nó níos lú acu saor ón gcoinníoll seo.
I measc na n-ábhar margaíochta a chaithfear a tháirgeadh lena seachadadh chuig gníomhairí díolacháin agus lucht dáiliúcháin ní mór go mbeadh:
- Réimse leathan grianghraf faofa den bhfoireann aisteoireachta a bhfuil cead faighte iad a úsáid sa phríomh-ealaín (póstaeirí etc.) agus i gcomhair cuspóirí cur chun cinn eile;
- Réimse leathan grianghraf léiriúcháin;
- Nótaí léiriúcháin ullmhaithe go proifisiúnta, lena n-áirítear agallaimh sonraithe leis an stiúrthóir, an léiritheoir, an príomh-fhoireann aisteoireachta agus an príomh- chriú.
- EPK (Trealamh Leictreonach Preas), lena n-áireofar radharcanna ón scannán glanta le haghaidh feidhmeanna cur chun cinn, agallaimh leis an bpríomh-fhoireann aisteoireachta agus píosaí scannán taobh-thiar-den- radharc a thaispeánann an scannán á léiriú.
Ba chóir bolscaire a cheapadh chun forbhreathnú a dhéanamh ar tháirgeadh na míreanna sin agus chun a seachadadh a chinntiú. Beidh na liúntais sa bhuiséad le haghaidh ábhar agus pearsanra margaíochta faoi réir faomhadh BSÉ/IFB. Beidh an ceart ag BSÉ/IFB an bolscaire, an grianghrafadóir agus an fhoireann EPK a ceaptar a fhaomhadh. Chun níos mó eolais a fháil faoi na hábhair inseachadta éigeandacha seo déan teagmháil le Louise Ryan, Feidhmeannach Margaíochta agus Cumarsáide.
Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá maoiniúchán BSÉ/IFB le haghaidh Léiriúchán Éireannach ar fáil do léiritheoirí atá ag iarraidh príomhscannán (nó dráma teilifíse ó am go chéile) a léiriú a tionscnaíodh in Éirinn agus a bheidh go príomha faoi stiúir chruthaitheach ag talann Éireannach, agus a mbeidh a bhainistíocht phraiticiúil go príomha Éireannach.
Soláthraíonn BSÉ/IFB maoiniú faoin gclár seo do Léiriúchán Éireannach chun déanamh scannán atá den chuid is mó i nGaeilge nó i mBéarla, nó i meascán den dá theanga, a chumasú.
Agus Iarratas á Dhéanamh
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.
Nuair nach bhfuil sé i gceist ach beagán den scannánú a dhéanamh in Éirinn, nó fiú gan scannánú ar bith a dhéanamh in Éirinn, tá sé riachtanach freisin go ndéanann tú treorlínte ar Caiteachas Ceadaithe Éireannach atá ceangailte leis an leathanach seo a íoslódáil agus a léamh go cúramach.
Sula ndéanann tú d'iarratas ar an gcineál seo maoiniú léiriúcháin, bá chóir teagmháil phearsanta a dhéanamh le duine ó fhoireann léiriúcháin BSÉ/IFB - ceachtar acu, an Príomhfheidmeannach (Simon Perry), nó duine de na Feidhmeannaigh Léiriúcháin (Emma Scott, Alan Maher) - chun stádas an tionscnaimh a phlé, agus le feiceáil an bhfuil sé réidh le breithniú a dhéanamh air.
Ní ghlacfar le hiarratais (i.e. logáilte agus proiséasáilte) gan an réamh-comhrá seo.
Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB, Sarah Dillon.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh:
Script scannáin (agus a dháta)
Cur síos aonlíne (ca. 25 focal)
Achoimre (ca. ½ leathanach A4)
CVanna na bpríomhaithe ar fad
Nóta maidir le haon fhoireann aisteoireachta nó pearsanra cruthaitheach/teicniúil atá ceaptha
Nóta maidir le haon ghnéithe indíolta eile den tionscadal
Buiséad léiriúcháin lena n-áirítear Topsheet
Dréachtphlean/plean táscach
Fianaise maidir le cearta úinéireachta i ngach ábhar a bhaineann
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir tagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.
Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 1-10 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.

