-
Saving Private Ryan - Shot on Location in Ireland
-
King Arthur - Shot on Location in Ireland
-
Baker Street Irregulars - Shot on Location in Ireland
Film Commissioner
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Ficsean – Léiriú Idirnáisiúnta |
Tabhair faoi deara 1: ní áirítear drámaíocht teilifíse (clár aonair nó sraith) leis an gcatagóir seo
Tabhair faoi deara 2: is do phríomhscannáin bheoghnímh agus bheochana, ach ní le haghaidh sraitheanna beochana teilifíse, atá an clár seo.
Maidir leis an maoiniúchán
Cuirtear an maoiniúchan ar fáil i bhfoirm iasachtaí iontaobh-teoranta atá infhaighte ar ais ó sciar den ioncam as saothrú an scannáin agus a chuireann BSÉ/IFB i dteideal sciar den bhrabús glan.
Ba chóir go mbeidh iarratasóirí ar an eolas maidir leis na rialúcháin agus teoireannacha a rialaíonn na suimeanna airgid gur féidir le BSÉ/IFB a bhronnadh ar thionscnamh. Is féidir iad seo a aimsiú ar leathanach Rialúcháin agus Teoireannacha san Fhorléargas ar an laithreán seo. Is gá go mbeidh BSÉ/IFB sásta go bhfuil an méid atá le bronnadh ar aon dul leis an lámh atá ag foireann Éireannach, agus ag eilimintí agus áiseanna Éireannacha, sa chomhléiriúcháin.
Go ginearálta, cuirtear maoiniú BSÉ/IFB ar fáil le linn an tréimhse léiriúcháin, i gcomhar le sruth airgeadais comhaontaithe. Sula thugtar maoiniú, beidh ar BSÉ/IFB a bheith sásta go bhfuil lucht maoinithe ar bith eile geallta agus faoi chonradh, agus gur leor an t-airgeadú chun an buiséad iomlán a chlúdach. Gnáth-riachtanas ag BSÉ/IFB is ea banna faofa críochnúcháin nuair atá a chuid maoiniúcháin lena chur ar fáil le linn léiriúcháin. De ghnáth bíonn sé riachtanach chomh maith gníomhaire bailiúcháin a cheapadh.
I bprionsabal, caithfear scannáin a bhfuil maoiniú Cruthaitheach Comh-léiriúcháin tugtha dóibh a bheith faomhaithe mar chomh-léiriúcháin oifigiúla faoi chonradh déthaobhach nó faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chomh-Léiriú Cineamatagrafach. I gcásanna éisceachtúla nuair atá BSÉ/IFB sásta an riachtanas seo a tharscaoileadh, caithfidh an scannán a bheith mar chomh-léiriú bona fide ina roinntear úinéireacht, cearta agus airgead idir na comh-léiritheoirí. Ní tharscaoilfí BSÉ/IFB anois leis an riachtanas go gcaithfidh stádas oifigiúil a bheith ann maidir le comh-léiriúchán sa Ríocht Aontaithe.
Critéir
Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir agus aird faoi leith acu ar na hailt maidir le:
Breisíocht
Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
Cineama á Dhéanamh
Úrnuacht
Cúrsaí Breise
Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinne na daoine cheana a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena iontaofacht ghairmiúil.
Cé atá i dteideal Iarratas a Dhéanamh
Tá maoiniúchán BSÉ/IFB do chomhléiriúchán cruthaitheach ar fáil dó léiritheoirí Éireannacha atá ag iarraidh comhléiriú agus comhoibriú a dhéanamh ar phríomhscannán (beoghnímh nó beochana) a tionscnaíodh lasmuigh d'Éirinn, atá struchtúrtha mar chomhléiriúchán oifigiúil.
I gcásanna comh-léiriúcháin nuair nach mbeidh ábhar físe Éireannach ar bith, nó beagán ábhar físe Éireannach, nó gaol cultúrtha soiléir le hÉire ann, beidh sé mar riachtanas ag BSÉ/IFB gealltanas a bheith ann ó ghníomhaíocht mhaoiniúcháin i dtír an phríomhléiritheora chun tacaíocht dheiltíneach chomhionann a chur ar fáil do scannán Éireannach taobh istigh de theorann ama aontaithe. Má theastaíonn ó BSÉ/IFB tacaíocht a thabhairt do thionscnamh i bprionsabal, oibreoidh a chuid feidhmeannach i gcomhar leis an léiritheoir Éireannach mar is gá chun gealltanas cuí ón ngníomhaíocht mhaoiniúcháin sin a shocrú.
Is féidir scannáin a fhaigheann maoiniú faoin gclár Comhléiriúchán Chruthaitheach seo a dhéanamh in aon teanga.
Agus Iarratas á Dhéanamh
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir agus ar cé hiad na feidhmeannaigh BSÉ/IFB atá i gceannas ar gach cineál maoiniúcháin.
Tá sé riachtanach freisin, i gcás maoiniú Comhléiriúchán Cruthaitheach, go ndéanann tú na treorlínte ar Caiteachas Ceadaithe Éireannach atá ceangailte leis an leathanach seo a íoslódáil agus a léamh go cúramach.
Tabhair Faoi Deara an rud nua atá le soláthrú faoi Ábhair Bhreise, an chéad rud ar an liosta thíosluaite.
Sula ndéanann tú d'iarratas ar an gcineál seo maoiniú léiriúcháin, bá chóir teagmháil phearsanta a dhéanamh le duine ó fhoireann léiriúcháin BSÉ/IFB - ceachtar acu, an Príomhfheidmeannach (Simon Perry), nó duine de na Feidhmeannaigh Léiriúcháin (Emma Scott, Alan Maher) - chun stádas an tionscnaimh a phlé, agus le feiceáil an bhfuil sé réidh le breithniú a dhéanamh air. I gcás maoiniúcháin do Chomhléiriúchán Cruthaitheach tá sé tábhachtach ach go háirithe an cothrom maidir leis an gcomhalartacht atá ann san am idir na tíortha atá páirteach sa chomhléiriúchán a dheimhniú.
Ní ghlacfar le hiarratais (i.e. logáilte agus proiséasáilte) gan an réamh-comhrá seo.
Agus na treoirlínte Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, má tá ceist ar bith eile agat faoin chineál seo maoiniú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháín agus Forbartha, Sarah Dillon.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise a chaithfear a chur san áireamh:
- (Rud nua) Míniú ar an struchtúr chomhléiriúcháin, leis na tíortha, na cuideachtaí agus na léiritheoirí áirithe atá i gceist a leagadh amach, araon leis an obair atá le déanamh ag gachéinne, agus na céatadáin atá a n-íoc acu.
- Script scannáin (agus a dháta)
- Cur síos aonlíne (ca. 25 focal)
- Achoimre (ca. ½ leathanach A4)
- CVanna na bpríomh-pháirtithe ar fad, lena n-áirítear comhléiritheoirí
- Nóta maidir le haon fhoireann aisteoireachta nó pearsanra cruthaitheach/teicniúil atá ceaptha
- Nóta maidir le haon ghnéithe indíolta eile den tionscadal
- Buiséad léiriúcháin lena n-áirítear Topsheet
- Plean airgeadais ag taispeáint na bhfoinsí deimhnithe
- Fianaise maidir le cearta úinéireachta i ngach ábhar a bhaineann
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
Bord Scannán na hÉireann
Queensgate
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir tagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.
Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 1-11 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.

