Film Commissioner
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Fiscin: Léiriú Idirnáisiúnta Beoghnímh |
Maoiniú do phríomhscannáin agus do dhrámaí teilifíse a cuireadh ar bun agus a dhéantar bainistíocht orthu go príomha taobh amuigh d'Éireann, a mbíonn Éire mar shuíomh scannánaíochta acu, agus a mbaineann leas as eilimintí chruthaitheacha Éireannacha, le seirbhísí áitiúla á gcur ar fáil ag léiritheoir atá bunaithe in Éirinn.
Nóta: i bprionsabal, níl a dhóthain airgid ag BSÉ/IFB chun an clár seo a mhaoiniú ar bhonn leanúnach le linn na bliana. Is fiú €750,000 an ciste don tréimhse atá fágtha de 2011. Ní féidir tairiscintí ar iasachtaí a thabhairt anonn ó bhliain go bliain. Ní féidir le BSÉ/IFB tacaíocht a thabhairt ach amháin do thionscnaimh a bhfuil >90% dá gcuid maoiniú daingnithe, a bhfuil solas glas tugtha dóibh le tosú ar obair léiriúcháin laistigh den bhliain féilire ina rinneadh an t-iarratas, agus a bhfuil eilimintí chruthaitheacha Éireannacha acu.
Maidir leis an Mhaoiniú
Cuirtear an maoiniú ar fáil i bhfoirm iasachtaí iontaobh-teoranta atá infhaighte ar ais ó sciar den ioncam as saothrú an scannáin agus a chuireann BSÉ/IFB i dteideal sciar den bhrabús glan. Mar threoir, bíonn BSÉ/IFB ag súil go hiondúil le cóimheas 20:1 idir Caiteachas Ceadaithe Éireannach agus infheistíocht BSÉ/IFB, ach déanfaí gach tionscnamh a mheas cás ar chás. Ní bheidh Maoiniú Réigiúnda ar fáil do léiriúcháin a bhfuil maoiniú faighte acu ón gCiste Idirnáisiúnta Léiriúcháin. Ba chóir go mbeidh iarratasóirí go hiomlán ar an eolas maidir leis na rialacháin agus na teorainneacha a rialaíonn an mhéid mhaoiniú gur féidir le BSÉ/IFB a thabhairt d'aon thionscnamh. Is féidir iad seo a aimsiú ar an leathanach Rialacháin agus Teoireannacha sa mhír Forléargas ar an láithreán gréasáin seo. Is iondúil a chuirtear maoiniú léiriúcháin ar fáil le linn an tréimhse léiriúcháin le sreabhadh airgid aontaithe ann. Sula thugtar maoiniú, ní mór go mbeidh BSÉ/IFB sásta go bhfuil aon fhoinse mhaoiniú eile geallta
agus faoi chonradh, agus gur leor an mhéid airgid atá ar fáil chun an buiséad ar fad a chlúdach. Gnáth-riachtanas ag BSÉ/IFB is ea banna faofa críochnúcháin do phríomhscannán nuair atá a chuid maoiniú le cur ar fáil le linn an tréimhse léiriúcháin. De ghnáth bíonn sé riachtanach go gceapfar gníomhaire bailiúcháin do phríomhscannáin; déanfaí athbhreithniú ar shocraithe chríochnúcháin agus bhailiúcháin do dhrámaí teilifíse cás ar chás.
Critéir
Ag glacadh leis go bhfuil teist mhaith ag an léiritheoir Éireannach agus an léiritheoir eachtrach go dtí seo, agus go bhfuil na heilimintí chruthaitheacha sásúil, bunófaí an measúnú a dhéanfaí BSÉ/IFB ar an éifeacht ‘iolraitheach' eacnamaíoch den mhaoiniú a thabhairt san áireamh, agus ar na deiseanna atá ann chun pearsanra Éireannacha a fhostú sna príomh-rólanna. Go ginearálta, agus go háirithe nuair is mó an t-éileamh ná an maoiniú atá ar fáil, cuirfidh BSÉ/IFB béim ar:
▪ fostaíocht Éireannach sna gráid ar fad
▪ fabhar a thabhairt do thionscnaimh gur féidir leo fostaíocht a ofráil san príomh-rólanna cruthaitheacha - stiúrthóir, príomh-fhoireann aisteoireachta, stiúrthóir grianghrafadóireachta, dearthóir léiriúcháin, dearthóir feistis, eagarthóir agus cumadóir ceoil san áireamh
▪ an páirt a ghlacann an tionscnamh i mbonneagar closamhairc na hÉireann
▪ fabhar a thabhairt do thionscnaimh a mbainfidh leas as stiúideonna scannáin agus áiseanna iar-léiriúcháin
▪ caiteachas i ngeilleagar na hÉireann
▪ fabhar a thabhairt do thionscnaimh a chruthóidh gníomhaíocht eacnamaíoch shuntasach sa bhreis ar an mhéid sin a ghineann aon mhaoiniú Éireannach eile, Alt 481 ina measc (maoiniú dreasachta cáin-bhunaithe).
Agus aon chineál maoiniú á chur ar fáil aige, caitheann BSÉ/IFB súil ghéar ar aon réamhobair de chuid na ndaoine sin a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu, ag tabhairt san áireamh a gcumais chruthaitheacha sna meáin chlosamhairc, chomh maith lena gcumas agus lena n-iontaofacht ghairmiúil.
Toisc go mbraitheann tacaíocht BSÉ/IFB do Léiriúchán Idirnáisiúnta ar an tionchar a bheas ag scannán nó ag clár teilifíse ar an ngeilleagar taobh istigh den tionscal Éireannach, scaoiltear le fórmhór an mhaoiniú seo de réir a chéile le linn an tréimhse léiriúcháin, nuair a fhaightear tuairiscí chostas a léiríonn go bhfuil na spriocanna do chaiteachas Éireannach bainte amach.
Cé Atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá maoiniú BSÉ/IFB do Léiriúchán Idirnáisiúnta ar fáil do léiritheoirí atá ag iarraidh seirbhísí léiriúcháin a sholáthar do phríomhscannán nó do dhrámaíocht theilifíse (clár aonair nó sraith) a tionscnaíodh lasmuigh d'Éirinn agus a mbeidh an bhainistíocht á déanamh go príomha lasmuigh d'Éirinn, a mbeidh Éire á húsaid aige mar shuíomh agus/nó mar bhunáit léiriúcháin agus iar-léiriúcháin. Ionas go mbeidh siad incháilithe, ní mór do thionscnaimh >90% dá gcuid maoiniú léiriúcháin a bheith deimhnithe cheana féin. Go hiondúil caithfidh go bhfuil sé beartaithe tabhairt faoin obair réamh-léiriúcháin taobh istigh de 3 mhí ón uair a éisíodh tairiscint iasachta BSÉ/IFB, agus laistigh den bhliain féilire ina rinneadh an tairiscint.
Agus Iarratas a Dhéanamh
Sula dhéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo
maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh. Tabhair faoi deara, sula dhéantar iarratas ar an gcineál seo maoiniú léiriúcháin, go bhfuil sé riachtanach teagmháil phearsanta a dhéanamh leis an bPríomhfheidhmeannach (James Hickey) nó le Coimisinéir Scannán na hÉireann (Naoise Barry) leis an staid ina bhfuil an tionscnamh agus cé chomh réidh is atá sé lena bhreithniú a phlé.
Iarrfaí ort "foirm eolais" a chomhlánú i dtosach báire. Ní ghlacfaí le hiarratas (i.e, logáilte
agus proiséasáilte) gan an réamh-comhrá seo, agus gan an "fhoirm phointí" comhlánaithe agus curtha isteach. Agus an mhír "Conas Iarratas a Dhéanamh" scrúdaithe agat, má tá aon cheisteanna bhreise ann faoin chineál seo maoiniú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Scannán Naoise Barry (naoise.barry@irishfilmboard.ie).
Chun iarratas a dhéanamh b'éigean duit an fhoirm iarratais a íoslódáil, a chomhlánú ina hiomláine, agus á seoladh - le chéile leis na hábhair bhreise ar fad a n-iarrtar - chuig ceannoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú BSÉ/IFB ar fhacs nó ar-líne). Ní ghlacfaí le hiarratais neamhiomlána. Is iad na hábhair bhreise gur gá a bheith san áireamh ná:
▪ Script scannáin (dátaithe)
▪ Cur síos aon-líne (ca. 25 fhocal)
▪ Achoimre (ca. ½ leathanach A4)
▪ CVanna na bpríomhpháirtithe
▪ Nótaí ar aon phríomhaisteoirí nó ar aon fhoireann chruthaitheach/theicniúil atá geallta
▪ Nóta ar aon ghnéithe/eilimintí eile den tionscnamh atá indíolta
▪ Buiséad iomlán léiriúcháin, leathanach tosaigh san áireamh
▪ Miondealú ar Chaiteachas Ceadaithe Éireannach
▪ Foirm Eolais Chomhlánaithe (gur féidir a fháil ó Naoise Barry)
▪ Plean airgeadais ag cur síos ar fhoinsí dhaingnithe
▪ Fianaise go bhfuil na cearta san ábhar ábhartha ar fad faoi úinéireacht an príomhléiritheora
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig :
Comhordaitheoir na Scéimeanna agus na n-Iarratas
Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board
Geata na Banríona,
23 Br. na nDuganna,
Gaillimh,
Éire.
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir thagartha inti gur chóir a choinneáil lena h-úsáid i ngach comhfhreagras ina dhiaidh sin. De
réir an chleachtais reatha, breithneofaí iarratais ar Léiriúchán Idirnáisiúnta, a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire, ag babhta cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ceithre sheachtain níos déanaí ná sin. Cuirfí na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.

