As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Frameworks

Mar gheall ar Frameworks

Scéim shean-bhunaithe is ea FRAMEWORKS chun gearrscannáin beoite a dhéanamh, scéim a mheasann BSÉ/IFB go bhfuil sí thar a bheith rathúil chun saothar nua ceannródaíoch ó bheochantóirí Éireannacha a spreagadh.   

Déanfaidh na tionscadail a thugtar maoiniú dóibh taiscéalaíocht chruthaitheach agus léireoidh siad cumas freastal ar lucht féachana leathan.

Déanann BSÉ/IFB, an Chomhairle Ealaíon,  RTÉ agus BAI comhaoiniú ar an scéim.

Is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. 

_____________________________________________________________________

Paraiméadair na Scéime  

  • Líon na scannán: uasmhéid de 6 sa bhliain  
  • Fad: Uasmhéid de 6 nóiméad
  • Buiséad do gach scannán: Uasmhéid de €50,000  
  • Formáid:   
    • Tionscnamh ag úsáid aon teicníc nó formáid
    • Seachadadh ar digi-beta agus HD Cam 
    • Is féidir maoiniú breise chun costais phriontaí 35mm a chlúdach a chur ar fáil an fhad is go bhfaigheann an scannán eisiúint bona fide do phictiúrlainn in Éirinn nó má fhaigheann sé cuireadh chuig mórfhéile idirnáisiúnta scannán, faoi réir rialúcháin a bheidh i bhfeidhm ag BSÉ/IFB ag an am sin.   

*Cuimhnigh go bhfuil an scéim seo le soláthrú ar HD Cam, chomh maith le digi-beta, agus gur chóir na costais a bhaineann leis seo á thabhairt san áireamh i mbuiséad an iarratais.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh  

Tá iarratais á n-éileamh ó fhoirne léiritheora/stiúrthóra/scríbhneora (nuair nach iad an duine céanna iad an léiritheoir agus an stiúrthóir) faoi réir threoirlínte incháilitheachta mar seo a leanas: 

Léiritheoirí - ní mór do léiritheoirí CV a sholáthar a thaispeánann a gcumas beochan a léiriú.   
Stiúrthóirí - ní mór do stiúrthóirí ar a laghad gearrscannán amháin a bheith stiúrtha acu roimhe seo*  
Scríbhneoirí - ní gá do scríbhneoirí scannán a bheith scríofa acu roimhe seo 

Tá sé ceadmhach do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí iarratas a dhéanamh chun níos mó ná scannán amháin de chuid ‘FRAMEWORKS' a dhéanamh ach ní ceadmhach níos mó ná trí chinn a dhéanamh in aon tréimhse deich mbliana  

Níl an scéim oscailte do mhic léinn lánaimseartha  

* Ní scéim lán-oscailte í ‘Frameworks' maidir leis an tallann atá sí ag iarraidh a mhealladh: dearadh an scéim chun a chur ar chumas léiritheoirí agus stiúrthóirí a bhfuil modhanna cruthaitheacha nua acu, ach a bhfuil méid áirithe taithí proifisiúnta acu chomh maith, gearrscannáin bheochana a dhéanamh.

Dá réir sin, ní mheasfar go mbeadh gearrscannán a rinneadh mar chuid de shaothar choláiste incháilithe, cé go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh scannán céime incháilithe dá mba rud é gur taispeánadh é go forleathan ag féilte.   

Nós imeachta  

Tá an spriocdháta d'iarratais ar FRAMEWORKS le léiriú sa bhliain 2010 dúnta anois.

Ba chóir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó láithreán gréasáin BSÉ/IFB, ba chóir iad a chomhlánú ina n-iomlán agus iad a sheoladh - maraon leis na hábhair bhreise ar fad atá á n-iarraidh - chuig ceannáras BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní féidir cur isteach ar mhaoiniú BSÉ/IFB ar facs nó ar líne). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.  

Déanfaidh grúpa meastóirí a cuirfidh BSÉ/IFB le chéile go hinmheánach agus go seachtrach na hiarratais a mheas, agus déanfaidh siad breithniú ar an scríbhneoireacht scripte agus ar an bhfoireann chruthaitheach. Déanfar gearrliosta a chur le chéile de thuairim is 10 bhfoireann agus tabharfar cuireadh dóibh sin freastal ar agallamh. 

Tabharfar dámhachtain d'uasmhéid de 6 fhoireann. Braithfidh líon na scannán ‘FRAMEWORKS' a gheobhaidh maoiniú ar chaighdeán foriomlán na n-iarratas. Ní mór d'fhoirne a roghnaítear iad freastal ar lá faisnéise ionas go mbeidh siad i dteideal a gcuid maoiniú a éileamh.  

Cearta  
Roimhe seo, choinnigh BSÉ/IFB na cearta dáiltí ar feadh cúig bliana agus ceapadh gníomhaire leis na gearrscannáin a dháileadh go hidirnáisiúnta.

Anois, fanfaidh cóipcheart na scannán a dhéantar faoin scéim FRAMEWORKS leis an bhfoireann scannánaíochta. Is féidir leis an bhfoireann an scannán a dháileadh iad féin, nó gníomhaire díolacháin a cheapadh. Mothaíonn BSÉ/IFB go dtabharfaidh seo oiliúint dháilte thábhachtach do scannánóirí, agus go gcuideoidh sé leo caidrimh dhíreacha a chothú leis na dáileoirí.

Cé go bhfuil an polasaí dáilte anois athraithe, fanann polasaí BSÉ/IFB maidir le scannáin FRAMEWORKS a sheoladh chuig féilte idirnáisiúnta mar a bhí.

Baineann an mhéid seo le scannáin a tugadh conradh dóibh i 2010 agus ní athraíonn sé cúrsaí dáilte maidir le scannán ar bith a tugadh conradh dó roimhe sin.

Gnéithe Thábhachtacha na Scéime

Go ginearálta ba chóir go nginfí scannáin FRAMEWORKS ag tallann Éireannach nó ag daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Ba chóir freisin go mbeidh tallann Éireannach nó daoine a bhfuil cónaí orthu in Éireann i gceannas ar chúrsaí cruthaitheacha. Ba chóir go ndéanfaí bainistiú ar léiriú na scannán ó Éirinn chomh maith.

Beidh cearta faofa ag BSÉ/IFB i leith na ngnéithe seo a leanas de gach scannán a dhéantar faoin scéim:     

  • Script scannánaíochta (agus i gcásanna áirithe is féidir le BSÉ/IFB eagarthóir scripte a cheapadh) 
  • Roghnú aisteoirí 
  • Príomhbheochantóirí agus foireann theicniúil eile  

 

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh