As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Iarratais agus Cinntí

Má tá sé i gceist agat iarratas a dhéanamh, ní mór duit an chuid dhílis ábhartha don mhaoiniúchán atá á éileamh agat, na Treoirlínte i leith Iarratais a Dhéanamh ach go háirithe, a staidéar. Léigh na treoirlínte sin go cúramach agus déan an fhoirm iarratais a íoslódail (ní féidir iarratas ar líne a dhéanamh ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Críochnaigh an fhoirm iarratais ina iomlán agus soláthraigh na hábhair bhreise ar fad atá á n-éileamh. Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.

Maidir leis na spriocdhátaí le haghaidh iarratas ar mhaoiniúchán, is é an gnáthchleachtas faoi láthair go gcuirfear iarratais a fuarthas laistigh de mhí féilire áirithe (i.e. seachadtha go príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh faoin lá deireannach gnó den mhí sin) san áireamh sa chéad dreas cinnteoireachta eile ina dhiaidh sin. Tabharfar na freagairtí mar seo a leanas:    
  • Maoiniúchan Forbartha - laistigh de 6-8 seachtain ó dheireadh na míosa a fuarthas an t-iarratas ann (i.e. tréimhse próiseála dhá mhí)  
  • Maoiniú Léiriucháin agus Dáiliúcháin - laistigh de 3-4 seachtain ó dheireadh na míosa a fuarthas an t-iarratas ann (i.e. tréimhse próiseála de mhí amháin).   

Déanann Grúpa Tionscadail d'fheidhmeannaigh agus de chomhairleoirí BSÉ/IFB na haighneachtaí a bhreithniú. Tionóltar cruinnithe ar leith chun iarratais ar mhaoiniúchán forbartha agus iarratais ar mhaoiniú léiriúcháin agus dáiliúcháin a mheas; de ghnáth tionóltar ar a laghad cruinniú amháin de gach cineál gach mí. Cuirtear fios le litir ar iarratasóirí maidir le cinntí maoiniúcháin, tar éis do Bhord BSÉ/IFB iad a cheadú, rud a ghlacann go hiondúil níos lú ná seachtain. Tabhair san áireamh nach féidir le BSÉ/IFB iarratais a sheoladh ar ais.

Má tá tú míshásta leis an tslí inar próiseáladh d'iarratas, ba chóir duit scríobh chuig Príomhfheidhmeannach BSÉ/IFB. Ba chóir go leagfadh an litir amach go soiléir na cúiseanna gearáin, agus go dtabharfadh sí an oiread mionsonraí agus is féidir. Tabhair faoi deara nach féidir gearaín a dheanamh ach ar chúiseanna a bhaineann le nósanna imeachta, ní le breith chruthaitheach. Glacfar go han-dáiríre le gearáin maidir le nósanna imeachta agus déanfaidh an Príomhfheidhmeannach iad a iniúchadh go hiomlán.  

Muna bhfuil tú id'iarratasóir, nó muna bhfuil tú cinnte an bhfuil sé i gceist agat a bheith id' iarratasóir, is féidir leat léargas foriomlán a fháil ar an tslí ina gcuireann BSÉ/IFB a chláir mhaoiniúcháin i bhfeidhm trí fhéachaint ar Prionsabail & Critéir inár láithreán gréasáin, ina dtugtar mion-chur síos ar na prionsabail agus ar na critéir a chuireann cinntí maoiniúcháin an BSÉ/IFB ar an eolas, maraon leis an gcuid a dhéanann cur síos ar ár Nósanna Imeachta: Cuspóirí agus Cleachtais.   

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh