As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Iasachtaí Céad-Dhréachta

Maoiniú le haghaidh scríbhneoirí, nó le haghaidh scríbhneoirí agus stiúrthóirí, lena chur ar a gcumas céad-dhréachtaí de scripteanna príomhscannán a scríobh.    

Tabhair faoi deara 1: Tá an an clár seo deartha go príomha chun scríbhneoireacht scannán ficsean beoghnímh a spreagadh, ach níl príomhscannáin bheoite fágtha as an áireamh  

Tabhair faoi deara 2: Ní chuireann BSÉ/IFB maoiniúchán forbartha ar fáil níos mó le haghaidh scannáin faisnéise; féach an Clár Maoiniú Léiriúcháin: Scannáin Faisnéise chun na sonraí a fháil maidir leis an gcaoi a dhéantar tionscadail scannán faisnéise a bhreithniú san am i láthair        

Maidir leis an Maoiniúchán   
Cuirtear maoiniú ar fáil i bhfoirm iasachtaí atá inaisíoctha ar an gcéad lá príomhscannánaíochta den scannán forbartha. Ní ghearrtar ús ar an iasacht, ní ghearrtar aon táille ag am na haisíocaíochta agus ní fhaigheann BSÉ/IFB aon sciar den bhrabús mar chúiteamh ar a mhaoiniúchán forbartha.    

Fanann an cóipcheart don chéad dhréacht maoinithe den script scannáin leis an scríbhneoir, nó leis an scríbhneoir agus an stiúrthóir (más amhlaidh) ach comhaontú a bheith eatarthu dá réir. Má fhaigheann léiritheoir na cearta sa dréacht ina dhiaidh sin, go hiondúil beidh an léiritheoir sin freagrach as an Iasacht Céad- Dhréachta a aisíoc le BSÉ /IFB. 

Suimeanna seasta atá sna hIasachtaí Céad-Dhréachta: €12,000 nuair is é an scríbhneoir an t-aon iarratasóir amháin nó €16,000 nuair a dhéanann scríbhneoir agus stiúrthóir iarratas le chéile. Sa chás deireanach, is ar na hiarratasóirí atá an dualgas comhaontú a dhéanamh faoin gcaoi a ndéanfar an t-iasacht a roinnt.    

Critéir  

Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir a léamh agus aird faoi leith a thabhairt ar na hailt maidir le:

  • Breisíocht   
  • Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail  
  • Cineama á Dhéanamh    
  • Úrnuacht    

Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinneadh cheana ag na daoine a bhfuil an t-iarratas a dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena n-iontaofacht ghairmiúil.   

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh    

Tá Iasachtaí Céad-Dhréachta ar fáil do scríbhneoirí, nó do scríbhneoirí agus stiúrthóirí ag obair i dteannta a chéile, nuair nach bhfuil aon léiritheoir i gceist ach go bhfuil tionscadal príomhscannáin ag na hiarratasóirí gur mian leo é a fhorbairt, agus go bhfuil teacht soiléir acu ar aon chearta is gá in aon ábhar atá lena chur in oiriúint don scáileán.  

Ní ceadmhach do stiúrthóirí iarratais a dhéanamh ina n-aonair. Má tá smaoineamh ag stiúrthóir i leith scannáin gur mian leis/léi é a fhorbairt, ach nach eol dó/di scríbhneoir a bheadh oiriúnach don obair, tá fáilte roimhe/roimpi teagmháil a dhéanamh le foireann Fhorbartha BSÉ/IFB le comhairle agus moltaí a fháil agus ullmhúchán á dhéanamh chun iarratas a dhéanamh in éineacht le scríbhneoir, más spéis leo é sin. 

Soláthraíonn BSÉ/IFB maoiniúchán forbartha chun scannáin a dhéanamh atá go príomha i mBéarla nó i nGaeilge, nó sa dá theanga i dteannta a chéile.  

Agus Iarratas á Dhéanamh  

Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.  

Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB.   

Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.  

Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh: 

  • Cur Síos Aon-Líne (ca. 25 focal)
  • Achoimre (ca. ½ leathanach A4)  
  • Breac-chuntas an scéil nó gearr-chóiriú (ca. 6 -10 leathanach A4) #    
  • Nótaí an scríbhneora ar an script scannáin atá á moladh  
  • Nótaí an stiúrthóra ar an script scannáin atá á moladh (má bhaineann sin) 
  • CV an iarratasóra/na n-iarratasóirí 
  • Fianaise maidir le húinéireacht na gcearta san ábhar ábhartha ar fad; i gcás go bhfuil an script scannáin lena bhunú ar smaoineamh úrnua, ní mór don iarratasóir/na hiarratasóirí deimhniú a thabhairt gur smaoineamh úrnua agus neamhualaithe atá i gceist trí an litir is féidir a íoslódáil ón leathanach seo a shíniú.    

Mar a fógraíodh i Meitheamh 2006, tháinig deireadh le hinghlacthacht scripteanna láithreacha scannán ar lán-fhad in iarratais ar Iasachtaí Céad-Dhréachta ó 1ú Eanair 2007.

Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig: 
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas    
Bord Scannán na hÉireann
Geata na Banríona
23 Bóthar na Duganna  
Gaillimh    

Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir thagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.    

De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin. 

Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 8-10 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.    

Rochtain ar Mhaoiniúchán   
Má éiríonn le d'iarratas, beidh ort comhaontú a dhéanamh le foireann fhorbartha BSÉ/IFB maidir le téarmaí chonradh maoiniúcháin, lena n-áirítear dátaí i leith maoiniú a tharraingt anuas agus i leith ábhar a sheachadadh. Chomh maith le conradh sínithe, beidh ar BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fad a fheiceáil agus a fhaomhadh sula mbeifear in ann an chéad íocaíocht a phróiseáil:

  • Deimhniú Imréiteach Cánach don Iarratasóir (do na hiarratasóirí)  
  • Comhaontú Rogha maidir leis na cearta bunúsacha (más ann dóibh)
  • Sonrasc: Ní mór don iarratasóir (na hiarratasóirí) sonrasc a thabhairt do BSÉ/IFB i leith gach céime den mhaoiniúchán a tharraingaítear anuas. 

Soláthróidh an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha i gcomhpháirt le foireann Dlí agus Cúrsaí Gnó BSÉ/IFB an doiciméad seo a leanas le go ndéanfaidh an t-iarratasóir (na hiarratasóirí) breithniú air:  

  • Conradh Caighdeánach Maoiniúcháin idir BSÉ/IFB agus an t-iarratasóir (na hiarratasóirí)  

Tabhair Faoi Deara: Ní mór d'iarratasóirí cead i scríbhinn a fháil ó BSÉ/IFB chun rogha a dhéanamh d'aon chearta i scripteanna scannáin ar forbraíodh iad le hiasachtaí céad dhréachta nó chun na cearta sin a dhíol.   

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh