-
The Secret of Kells
-
Niko and The Way To The Stars
-
Granny O'Grimms Sleeping Beauty
Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Iasachtaí Forbartha Beochana |
Maidir leis an Maoiniúchán
Cuirtear an maoiniúchán ar fáil i bhfoirm iasachtaí atá inaisíoctha ar an gcéad lá príomhscannánaíochta den scannán forbartha. Níl aon ús i gceist leis an iasacht, ní ghearrtar aon táille ag am an aisíocaíochta, agus ní fhaigheann BSÉ/IFB aon sciar den bhrabús mar chúiteamh ar a mhaoiniúchán forbartha.
Is féidir Iasachtaí Forbartha Beochana a tharraingt anuas ina gcéimeanna, faoi réir dhul chun cinn. Is é €50,000 an méid is mó is féidir a tharraingt anuas ag am amháin ar bith; is é €100,000 an méid is mó gur féidir le BSÉ/IFB a sholáthar d'aon tionscadal faoi leith. Ní mór go mbeadh maoiniúcháin dá réir ar fáil ó fhoinsí eile i leith aon mhaoiniúcháin do thionscadal a dhéanann BSÉ/IFB atá os cionn €50,000.
Critéir
Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir agus aird faoi leith acu ar na hailt maidir le:
- Breisíocht
- Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
- Cineama á Dhéanamh
- Úrnuacht
Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinneadh cheana ag na daoine a bhfuil an t-iarratas a dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena n-iontaofacht ghairmiúil.
Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá Iasachtaí Forbartha Beochana ar fáil do léiritheoirí a bhfuil tionscadal príomhscannáin nó sraith teilifíse beochana acu ar mian leo é a fhorbairt, a bhfuil rochtain shoiléir acu ar cibé cearta is gá in aon ábhar atá lena chóiriú don scáileán, agus comhaontú (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte agus le haon tallann cruthaitheach eile a bhfuil sé i gceist acu a choimisiunú.
Soláthraíonn BSÉ/IFB maoiniúchán forbartha chun scannáin a dhéanamh atá go príomha i mBéarla nó i nGaeilge, nó sa dá theanga i dteannta a chéile.
Agus Iarratas á Dhéanamh
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.
Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh:
- Cur Síos Aon-Líne (ca. 25 focal)
- Achoimre (ca. ½ leathanach A4)
- Breac-chuntas an scéil nó gearr-chóiriú (ca. 6 -10 leathanach A4) #
Coincheapa amhairc, dearaí do charachtair, scéalchláir, etc. - Nótaí an stiúrthóra, nótaí an phríomhbheochantóra, nótaí an léiritheora (mar is cuí) maidir leis an scéal molta, na carachtair, an stíl fhoriomlán, gnéithe den dearadh, etc.
- An buiséad forbartha iomlán in euro
- I gcásanna sonracha is féidir scripteanna scannáin ar lánfhad a aighniú, ach cead roimhré a bheith tugtha ag an bhFeidhmeannach Forbartha.
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig: Applications should be delivered by post, by courier or in person to:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
Bord Scannán na hÉireann
Geata na Banríona
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir thagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.
Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 1 - 6 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.
Rochtain ar Mhaoiniúchán
Má éiríonn le d'iarratas, beidh ort comhaontú a dhéanamh le foireann fhorbartha BSÉ/IFB maidir le téarmaí chonradh maoiniúcháin, lena n-áirítear dátaí i leith maoiniú a tharraingt anuas agus i leith ábhar a sheachadadh. Chomh maith le conradh sínithe, beidh ar BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fad a fheiceáil agus a fhaomhadh sula mbeifear in ann an chéad íocaíocht a phróiseáil:
- Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na cuideachta léiriúcháin
- Deimhniú Imréiteach Cánach don chuideachta léiriúcháin
- Comhaontú Rogha maidir le cearta bunúsacha (más ann dóibh)
- Comhaontú idir an chuideachta léiriúcháin agus an scríbhneoir scripte
- Comhaontú idir an chuideachta léiriúcháin agus an stiúrthóir, an príomhbheochantóir, rannpháirtithe cruthaitheacha eile (mar a bhaineann)
- Litir Neamh-fhritháirimh ón mBanc: ní mór don léiritheoir cuntas sonrach don tionscadal a oscailt agus fianaise ina leith sin a chur ar fáil do BSÉ/IFB i litir. (Is féidir foirm na litreach sin a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha).
- Litir Toilteanais ón Léiritheoir: ní mór don léiritheoir BSÉ/IFB a shásamh go bhforbróidh sé/sí an tionscadal atá i gceist, i litir gur féidir foirm na litreach sin a sholáthar freisin
- Buiséad Forbartha agus aon leasuithe a rinneadh mar a comhaontaíodh le linn plé le foireann fhorbartha BSÉ/IFB
- Sonrasc: ní mór don léiritheoir sonrasc a thabhairt do BSÉ/IFB maidir le gach céim den mhaoiniúcháin a tharraingítear anuas
Cuirfidh an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha i gcomhpháirt le Foireann Dlí agus Cúrsaí Gnó BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fáil don léiritheoir dá bhreithniú:
- Conradh Caighdeánach Maoiniúcháin idir BSÉ/IFB agus cuideachta léiriúcháin
- Gníomhas Muirire: san áit sáróidh iasachtaí €15,000, éileoidh BSÉ/IFB ar an léiritheoir gníomhas muirire a shíniú chun infheistíocht BSÉ/IFB a chosaint.
Tabhair faoi deara: San áit a ghlacann cuideachta léiriúcháin seilbh ar chearta i dtionscadal ar dhámh BSÉ/IFB maoiniú forbartha air cheana i leith cuideachta eile, ní mór don úinéir nua comhaontú i scríbhinn a dhéanamh le BSÉ/IFB ag glacadh dliteanais chun an iasacht/na hiasachtaí a rinne BSÉ/IFB roimhe sin a aisíoc ar an gcéad lá príomhscannánaíochta.
Ó Lúnasa 2010 ar aghaidh, beidh sé de dhualgas ar gach léiritheoir a fhaigheann maoiniú forbartha ó BSÉ/IFB deimhniú iniúchta do thionsnaimh a chur ar fáil, de réir ráitéas teicniúil M45 an ICAI. Tugfaí maoiniú len é seo a chlúdach sa mhaoiniúchán forbartha ó BSÉ/IFB. Is féidir níos mó sonraí a fháíl ar an deimhniú iniúchta in Aguisín C an doiciméid atá le híoslódáil ón leathanach seo.

