As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Iasachtaí Forbartha Ficsin

Maoiniú do léiritheoirí lena chur ar a gcumas scripteanna scannáin a choimisiúnú agus an obair phraiticiúil ar fad a dhéanamh atá riachtanach chun tionscadal príomhscannáin a ullmhú le haghaidh léiriúcháin. Tá sé tábhachtach na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara. 

Is le haghaidh scannáin fhicsin bheoghnímh atá an clár seo; déantar maoiniú ar phríomhscannáin bheochana faoi chlár difriúil, Iasachtaí Forbartha Beochana.  

Ní chuireann BSÉ/IFB maoiniúchán ar fáil a thuilleadh le haghaidh scannáin fhaisnéise; chun sonraí a fháil maidir leis an gcaoi a dhéantar breithniú anois ar scannáin fhaisnéise féach Clár Maoiniú Léiriúcháin: Scannáin Faisnéise.  

Ní bhíonn maoiniú forbartha le haghaidh drámaí teilifíse (clár aonair nó sraith) ar fáil ach go hannamh anois ó BSÉ/IFB; ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le ball den bhFoireann Fhorbartha má tá sé ar intinn agat iarratas a dhéanamh agus a mhíniú don duine sin an bhfuil tú ag éileamh tacaíochta ó BSÉ/IFB seachas ó chraoltóir nó ina theannta sin.    

Maidir leis an Maoiniúchán   
Cuirtear maoiniú ar fáil i bhfoirm iasachtaí atá inaisíoctha ar an gcéad lá príomhscannánaíochta den scannán forbartha. Ní ghearrtar ús ar an iasacht, ní ghearrtar aon táille ag am an aisíocaíochta agus ní fhaigheann BSÉ/IFB aon sciar den bhrabús mar chúiteamh ar a mhaoiniúchán forbartha.    

Is féidir Iasachtaí Forbartha Tionscadail a tharraingt anuas ina chéimeanna, faoi réir dhul chun cinn. Is é €50,000 an méid is mó is féidir a tharraingt anuas ag am amháin ar bith; is é €100,000 an méid is mó gur féidir le BSÉ/IFB a sholáthar d'aon tionscadal faoi leith. Ní mór go mbeadh maoiniúcháin dá réir ar fáil ó fhoinsí eile i leith aon mhaoiniúcháin ar thionscadal a dhéanann BSÉ/IFB atá os cionn €50,000.  

Critéir
Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir a léamh agus aird faoi leith a thabhairt acu ar na hailt maidir le:
  • Breisíocht   
  • Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail  
  • Cineama á Dhéanamh    
  • Úrnuacht    

Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinneadh cheana ag na daoine a bhfuil an t-iarratas a dhéanamh acu ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena n-iontaofacht ghairmiúil.    

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh   
Tá Iasachtaí Forbartha Tionscadail ar fáil do léiritheoirí a bhfuil tionscadal príomhscannáin acu ar mian leo é a fhorbairt, a bhfuil teacht shoiléir acu ar na cearta a bhfuil gá leo in aon ábhar atá lena chóiriú don scáileán, agus comhaontú (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte a bhfuil sé i gceist acu coimisiúnú a dhéanamh air/uirthi. Is féidir le gealltanas ó stiúrthóir cur le hiarratas ach níl sé riachtanach ag an tús.  

Soláthraíonn BSÉ/IFB maoiniúchán forbartha chun scannáin a dhéanamh atá go príomha i mBéarla nó i nGaeilge, nó sa dá theanga i dteannta a chéile.  

Agus Iarratas á Dhéanamh  
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.  

Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB.   

Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.  

Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh: 

  • Cur Síos Aon-Líne (ca. 25 focal)   
  • Achoimre (ca. ½ leathanach A4)  
  • Breac-chuntas an scéil nó gearr-chóiriú (ca. 6 -10 leathanach A4) #    
  • Nótaí an scríbhneora ar an script scannáin atá á moladh  
  • Nótaí an léiritheora maidir leis an script scannáin atá á moladh agus forbairt bhreise    
  • CV an iarratasóra/na n-iarratasóirí 
  • Fianaise maidir le húinéireacht na gcearta san ábhar ábhartha ar fad
  • An buiséad forbartha iomlán in euro   

* I gcásanna sonracha is féidir scripteanna scannáin ar lán-fhad a aighniú, má tá faomhadh roimhré tugtha ag an bhFeidhmeannach Forbartha.   

Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig: 

Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas   
Bord Scannán na hÉireann
Geata na Banríona
23 Bóthar na Duganna  
Gaillimh    

Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir thagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.    

De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin. 

Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 8-10 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.    

Rochtain ar Mhaoiniúchán   
Má éiríonn le d'iarratas, beidh ort comhaontú a dhéanamh le foireann fhorbartha BSÉ/IFB maidir le téarmaí chonradh maoiniúcháin, lena n-áirítear dátaí i leith maoiniú a tharraingt anuas agus i leith ábhar a sheachadadh. Chomh maith le conradh sínithe, beidh ar BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fad a fheiceáil agus a fhaomhadh sula mbeifear in ann an chéad íocaíocht a phróiseáil:

Maraon le conradh sínithe, beidh ar na doiciméid seo a leanas ar fad a bheith feicthe agus faofa ag BSÉ/IFB sular féidir próiseáil a dhéanamh ar an gcéad íocaíocht: 

  • Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na cuideachta léiriúcháin   
  • Deimhniú Imréiteach Cánach don chuideachta léiriúcháin  
  • Comhaontú Rogha maidir le cearta bunúsacha (más ann dóibh)  
  • Comhaontú idir an chuideachta léiriúcháin agus an scríbhneoir scripte 
  • Comhaontú idir an chuideachta léiriúcháin agus an stiúrthóir (mas ann dó)
  • Litir Neamh-fhritháirimh ón mBanc: ní mór don léiritheoir cuntas sonrach don tionscadal a oscailt agus fianaise ina leith sin a chur ar fáil do BSÉ/IFB i litir. (Is féidir foirm na litreach sin a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha).  
  • Litir Toilteanais ón Léiritheoir: ní mór don léiritheoir BSÉ/IFB a shásamh go bhforbróidh sé/sí an tionscadal atá i gceist, i litir gur féidir foirm na litreach sin a sholáthar freisin    
  • Buiséad Forbartha agus aon leasuithe a rinneadh mar a comhaontaíodh le linn plé le foireann fhorbartha BSÉ/IFB    
  • Sonrasc: ní mór don léiritheoir sonrasc a thabhairt do BSÉ/IFB maidir le gach céim den mhaoiniúcháin a tharraingítear anuas  

Cuirfidh an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha i gcomhpháirt le Foireann Dlí agus Cúrsaí Gnó BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fáil don léiritheoir dá bhreithniú:

  • Conradh Caighdeánach Maoiniúcháin idir BSÉ/IFB agus cuideachta léiriúcháin    
  • Gníomhas Muirire: san áit sáróidh iasachtaí €15,000, éileoidh BSÉ/IFB ar an léiritheoir gníomhas muirire a shíniú chun infheistíocht BSÉ/IFB a chosaint.   

Tabhair faoi deara: San áit a ghlacann cuideachta léiriúcháin seilbh ar chearta i dtionscadal ar dhámh BSÉ/IFB maoiniú forbartha air cheana i leith cuideachta eile, ní mór don úinéir nua comhaontú i scríbhinn a dhéanamh le BSÉ/IFB ag glacadh dliteanais chun an iasacht/na hiasachtaí a rinne BSÉ/IFB roimhe sin a aisíoc ar an gcéad lá príomhscannánaíochta.           

Ó Lúnasa 2010 ar aghaidh, beidh sé de dhualgas ar gach léiritheoir a fhaigheann maoiniú forbartha ó BSÉ/IFB deimhniú iniúchta do thionsnaimh a chur ar fáil, de réir ráitéas teicniúil M45 an ICAI. Tugfaí maoiniú len é seo a chlúdach sa mhaoiniúchán forbartha ó BSÉ/IFB. Is féidir níos mó sonraí a fháíl ar an deimhniú iniúchta in Aguisín C an doiciméid atá le híoslódáil ón leathanach seo.

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh