As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Iasachtaí Forbartha Idirnáisiúnta |
'S iad aidhmeanna an chláir seo ná a) chun tionscnaimh a mhealladh agus a ‘cheangal' le hÉire sa chaoi is go ndéanfaí iad a léiriú anseo sa todhchaí, agus b) chun deiseanna a chur ar fáil do scríbhneoirí agus do stiúrthóirí Éireannacha a bheith ag obair i dteannta le léiritheoirí idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu, agus a bheith ag obair ar thionscnaimh atá á bhforbairt le haird a thabhairt ar an mhargadh idirnáisiúnta.
Maidir leis an Maoiniú
Cuirtear maoiniúchán ar fáil i bhfoirm iasachtaí atá inaisíoctha ar an gcéad lá príomhscannánaíochta den scannán forbartha.
Déantar cáilitheacht an iarratais ar Mhaoiniú Forbartha Idirnáisiúnta a mheas faoi trí threoir:
gealltanas ón bpríomh (tús) léiritheoir chun ar a laghad ball foirne Éireannach amháin a fhostú mar scríbhneoir, comhscríbhneoir, nó stiúrthóir (i gcás sraith theilifíse, le haghaidh 50% ar a laghad de chláracha); agus plean soiléir a bheith ag an bpríomh-léiritheoir go déanfaí céatadán cuíosach den léiriú in Éireann; agus léiritheoir Éireannach a bheith páirteach ann (a chuirfidh an t-iarratas isteach go BSÉ/IFB), mar comhléiritheoir bona fide, níos mó ná léiritheoir seirbhísí, i.e. a bheith i dteideal líon airithe ceart agus ioncam aontaithe, a bheas leagtha amach i gconradh chomhléiriúcháin mar choinníoll sula dtugfar aon mhaoiniú - cé nach gá don tionscnamh stádas comhléiriúcháin a bhaint amach.
Tá aisíochta ar Mhaoiniú Forbartha Idirnáisiúnta cosúil le cineálacha eile maoiniú forbartha, i.e. 100% (gan ús, gan táille a ghearradh) faoin chéad lá príomhscannánaíocht, más rud é go bhfuil an trí threoir thuasluaite tógtha san áireamh faoin am a thosaíonn an obair léiriúcháin. Sa chás nár comhlíonadh (1) nó (2), beidh préimh 100% de dhíth ar aisíocaíocht go BSÉ/IFB; sa chás nár comhlíonadh (1) agus (2) beidh préimh 200% de dhíth. Sa chás nár comhlíonadh (1) agus (2) ach gur comhlíonadh (3), ní laghdóidh sé méid na préimhe.
Is féidir Iasachtaí Forbartha Idirnáisiúnta a tharraingt anuas ina chéimeanna, faoi réir dhul chun cinn. Is é €50,000 an méid is mó is féidir a tharraingt anuas ag am amháin ar bith; is é €100,000 an méid is mó gur féidir le BSÉ/IFB a sholáthar d'aon tionscadal faoi leith. Ní mór go mbeadh maoiniúcháin dá réir ar fáil ó fhoinsí eile i leith aon mhaoiniúcháin ar thionscadal a dhéanann BSÉ/IFB atá os cionn €50,000. Ní thig le maoiniúcháin ó BSÉ a bheith níos mó ná maoiniúchán forbartha a tugadh sa tír inar thosaigh an tionscnamh.
Critéir
Ba chóir go léifidh iarratasóirí an mhír ‘Prionsabail agus Critéir' ar an láithreán seo, go háirithe na paragraif ar:
■Breisíocht
■Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
■Cineama á Dhéanamh
■Úrnuacht
Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinneadh cheana ag na daoine a bhfuil an t-iarratas a dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena n-iontaofacht ghairmiúil.
Beidh rudaí ar leith á dtabhairt san áireamh leis an gcineál seo maoiniú:
■B'fhearr linn tionscnaimh le hábhair Gaeilge iontu (scéal/caractair/suíomh) agus gaol soiléir cultúrtha le hÉire, ach beidh na treoirlínte cháilitheachta thuasluaite fós i bhfeidhm.
■Bunófaí méid an mhaoiniú a bhronnfaí ar thionscnamh go príomhá ar chaiteachas measta le linn na tréimhse forbartha. É sin ráite, i gcásanna áirithe beidh cead ag an léiritheoir Éireannach ‘ceannacht isteach' i dtionscnamh mar fhíor-chomhléiritheoir, tríd an t-aon íocaíocht amháin a dhéanamh i dtreo costais an phríomhléiritheora, má aontaíonn BSÉ leis, agus má tá sé ceadaithe.
Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá Iasachtaí Forbartha Idirnáisiúnta ar fáil do léiritheoirí Éireannacha le tionscnamh acu gur mhaith leo é a chomh-fhorbairt, aontú comhléiriúcháin a bheith acu (i bprionsabal ar a laghad), agus fianaise acu go bhfuil na cearta cuí ag an bpríomhléiritheoir ar aon ábhar atá lena choiriú don scáileáin. Má ainmnítear scríbhneoir, comh-scríbhneoir nó stiúrthóir Éireannach le ról a ghlacadh sa tionscnamh, is féidir leis seo an cás a neartú, ach níl gá leis ón tús.
Is féidir le tionscnaimh a fhaigheann maoiniú faoin gclár Forbartha Idirnáisiúnta a bheith in aon teanga.
Chun Iarratas a Dhéanamh
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.
Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Sarah Dillon, Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh:
■ Cur Síos Aon-Líne (ca. 25 focal)
■ Achoimre (ca. ½ leathanach A4)
■ Breac-chuntas an scéil nó gearr-chóiriú (ca. 6 -10 leathanach A4) *
■ Nótaí an léiritheora ar scripteanna/script scannáin atá á moladh, agur ar fhorbairt bhreise
■Míniú ar an structúir chomh-léiriúchán / chomh-forbartha, ag cur síos ar chuideachta an phríomhléiritheora agus an méid atá déanta acu, an obair a bheidh le déanamh ag an bpríomhléiritheoir agus an léiritheoir Éireannach, agus an plean léiriúcháin atá molta d'Éire.
■CV gach duine a bheidh príomhról acu
■An buiséad forbartha iomlán in euro, ag cur síos ar mhaoiniú forbartha atá socraithe cheana féin
■Buiséad forbartha iomlán Éireannach in euro
■Fianaise maidir le húinéireacht na gcearta san ábhar ábhartha ar fad
* I gcásanna áirithe is féidir scripteanna scannán iomlána a chur isteach, nuair atá cead tugtha cheana ag an bhFeidhmeannach Forbartha
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
Bord Scannán na hÉireann
Geata na Banríona
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir thagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.
Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh.
Rochtain ar Mhaoiniúchán
Má éiríonn le d'iarratas, beidh ort comhaontú a dhéanamh le foireann Fhorbartha BSÉ/IFB maidir le téarmaí chonradh maoiniúcháin, lena n-áirítear dátaí i leith maoiniú a tharraingt anuas agus i leith ábhar a sheachadadh. Chomh maith le conradh sínithe, beidh ar BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fad a fheiceáil agus a fhaomhadh sula mbeifear in ann an chéad íocaíocht a phróiseáil:
Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na cuideachta léiriúcháin
Deimhniú Imréiteach Cánach don chuideachta léiriúcháin
Comhaontú Rogha maidir le cearta bunúsacha (más ann dóibh), agus Comhaontú Comh-léiriúcháin idir an léiritheoir Éireannach agus an bpríomhléiritheoir
Comhaontú idir an chuideachta léiriúcháin agus an scríbhneoir scripte
- Comhaontú idir an chuideachta léiriúcháin agus an stiúrthóir (mas ann dó)
- Litir Neamh-fhritháirimh ón mBanc: ní mór don léiritheoir cuntas sonrach don tionscadal a oscailt agus fianaise ina leith sin a chur ar fáil do BSÉ/IFB i litir. (Is féidir foirm na litreach sin a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha).
- Litir Toilteanais ón Léiritheoir: ní mór don léiritheoir BSÉ/IFB a shásamh go bhforbróidh sé/sí an tionscadal atá i gceist, i litir gur féidir foirm na litreach sin a sholáthar freisin
- Buiséad Forbartha agus aon leasuithe a rinneadh mar a comhaontaíodh le linn plé le foireann fhorbartha BSÉ/IFB
- Sonrasc: ní mór don léiritheoir sonrasc a thabhairt do BSÉ/IFB maidir le gach céim den mhaoiniúcháin a tharraingítear anuas
Cuirfidh an Comhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha i gcomhpháirt le Foireann Dlí agus Cúrsaí Gnó BSÉ/IFB na doiciméid seo a leanas ar fáil don léiritheoir dá bhreithniú:
- Conradh Caighdeánach Maoiniúcháin idir BSÉ/IFB agus cuideachta léiriúcháin
- Gníomhas Muirire: san áit sáróidh iasachtaí €15,000, éileoidh BSÉ/IFB ar an léiritheoir gníomhas muirire a shíniú chun infheistíocht BSÉ/IFB a chosaint.
Tabhair faoi deara: San áit a ghlacann cuideachta léiriúcháin seilbh ar chearta i dtionscadal ar dhámh BSÉ/IFB maoiniú forbartha air cheana i leith cuideachta eile, ní mór don úinéir nua comhaontú i scríbhinn a dhéanamh le BSÉ/IFB ag glacadh dliteanais chun an iasacht/na hiasachtaí a rinne BSÉ/IFB roimhe sin a aisíoc ar an gcéad lá príomhscannánaíochta.
Ó Lúnasa 2010 ar aghaidh, beidh sé de dhualgas ar gach léiritheoir a fhaigheann maoiniú forbartha ó BSÉ/IFB deimhniú iniúchta do thionsnaimh a chur ar fáil, de réir ráitéas teicniúil M45 an ICAI. Tugfaí maoiniú len é seo a chlúdach sa mhaoiniúchán forbartha ó BSÉ/IFB. Is féidir níos mó sonraí a fháíl ar an deimhniú iniúchta in Aguisín C an doiciméid atá le híoslódáil ón leathanach seo.

