As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Léiriúchán Conas Iarratas a Dhéanamh

Cibé  ar chuir tú iarratas isteach chuig Bord Scannán na hÉireann (BSÉ/IFB) roimhe seo nó nár chuir, tá  leathanaigh áirithe den chuid seo a mholaimid go lábidir duit tagairt a dhéanamh dóibh agus staidéar a dheanamh orthu sula ndéanann tú  iarratas - chun tuiscint bhunúsach a fháil ar an tslí  ina ndéanann BSÉ/IFB bainistíocht ar a sholáthar maoiniúcháin, nó chun an t-eolas atá agat faoin eagraíocht a athnuachan agus chun fáil amach faoi nuashonrúcháin agus athbhreithnithe ar ár nósanna imeachta.     

Is iad seo a leanas na leathanaigh a moltar duit iad a léamh roimh iarratas a dhéanamh: 
Prionsabail agus critéir ina leagtar amach na dálaí atá mar thaca dár gcuid cinntí ar fad i leith maoiniúcháin.

Nósanna Imeachta: Cuspóirí agus Cleachtais ina mínítear na cuspóirí agus na sonraí praiticiúla a bhaineann lenár nósanna imeachta maidir le hiarratais agus le cinnteoireacht. 

Forléargas a chuirfidh faisnéis úsáideach ar fáil duit faoi na cineálacha maoiniúcháin atá ar fáil agus faoi leithdháileadh ár gcuid acmhainní; agus, ach go háirithe, a thabharfaidh comhairle duit maidir leis na rialacha a rialaíonn na suimeanna airgid gur féidir linn a sholáthar d'aon tionscadal faoi leith: féach Rialúcháin & Teorainneacha    

Tá  bealaí ansin atá beagán éagsúil óna chéile le leanúint ag braith ar an bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar mhaoiniúchán forbartha, maoiniú léiriúcháin nó maoiniú dáileacháin.  

Maoiniú  Léiriúcháin    

Teigh chuig an leathanach atá ábhartha don chineál maoiniúchain atá á éileamh agat. (Muna bhfuil tú cinnte cé acu an leathanach ábhartha, féach ar an gcéad chuid den téacs ar gach leathanach a d'fhéadfadh a bheith i gceist go dtí go dtagann tú ar an gceann atá ceart duitse.) Is iad seo a leanas na leathanaigh gur féidir leat do rogha a dhéanamh uathu:  

Ficsean: Comhléiriúchán Éireannach
Ficsean: Comhléiriúchán Cruthaitheach
Ficsean: Léiriúchán Idirnáisiúnta
Léiriúchán Beochana
Léiriúchán Scannán Faisnéise
Ciste Tacaíochta Réigiúnda
Críochnú

Tabhair faoi deara go bhfuil Gearrscannáin faoi réir nósanna imeachta uathúla a mínítear iad ar an leathanach ábhartha.  Tá leathanaigh eile ann a bhaineann le cineálacha maoiniúcháin nuair atá BSÉ/IFB i gcomhpháirtíocht le lucht maoinithe eile, agus a bhfuil a nósanna imeachta uathúla dá gcuid féin acu. Faoi láthair tá leathanach amháin da leithéid seo:

  • Tionscnamh Catalyst


Léigh an leathanach cuí go cúramach, agus agus aire á thabhairt ach go háirithe d'aon Nótaí ‘Tabhair Faoi Deara' ag barr an leathanaigh, agus do na hailt faoi Chun Iarratas a Dhéanamh agus Cé atá  i dTeideal Iarratas a Dhéanamh.  

Mar a fhoghlaimeoidh tú ó na treoirlínte faoi Chun Iarratas a Dhéanamh, tá sé riachtanach gó ndéanfá teagmháil phearsanta le feidhmeannach BSÉ/IFB sula ndéanann tú iarratas chun plé a dhéanamh ar an staid ina bhfuil an tionscadal agus cé chomh hullamh is atá sé lena bhreithniú. Is iad seo a leanas na feidhmeannaigh ábhartha:  

Ficsean: Léiriúchán Éireannach - Simon Perry (Príomhfheidhmeannach), Alan Maher (Feidhmeannach Léiriúcháin), Emma Scott (Feidhmeannach Léiriúcháin)    
Ficsean Comhléiriúchán Cruthaitheach - Simon Perry (Príomhfheidhmeannach) 
Léiriúchán Beochana - Emma Scott (Feidhmeannach Léiriúcháin)   
Léiriúchán Scannán Faisnéise - Alan Maher (Feidhmeannach Léiriúcháin)
Críochnúchán - Simon Perry (Príomhfheidhmeannach), Alan Maher (Feidhmeannach Léiriúcháin), Emma Scott (Feidhmeannach Léiriúcháin)   
Léiriúchán Idirnáisiúnta - Simon Perry (Príomhfheidhmeannach), Naoise Barry (Coimisinéir Scannán na hÉireann), Teresa McGrane (Leas Phríomhfheidhmeannach)
Tacaíocht Réigiúnda - Mags O'Sullivan (Leas-choimisinéir Scannán)

Seachas má tá aithne agat cheana féin ar an bhfeidhmeannach a bhfuil tú ag dul i dteagmháil leis/léi, agus ach go háirithe mas é  an chéad chur chuige atá agat fáil amach fiú an bhfuil sé oiriúnach iarratas a dhéanamh, is dóchúla go bhfaighidh ríomhphost freagairt a bheidh níos tapúla agus níos sásúla ná  glaoch gutháin:  


Má bhíonn toradh dearfach ar do phlé faoin dtionscadal leis an bhfeidhmeannach, déan an fhoirm iarratais atá ábhartha don mhaoiniú atá  á éileamh agat a íoslódáil, comhlánaigh an fhoirm ina iomlán agus cuir le chéile na hábhair bhreise ar fad atá de dhíth. Tabhair aire géar do na treoir ar fad a tugtar ar an bhfoirm iarratais. Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.   

Seol d'iarratas sa phost, le cúiréir, nó déan é a sheachadadh tú féin chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh, a bhfuil an seoladh tugtha ar an bhfoirm iarratais, agus marcáil é d'aird Chomhordaitheoir na Scéimeanna agus na n-Iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais ar faics nó ar ríomhphost.     

Má theastaíonn a thuilleadh eolais uait nach bhfuil tú in ann teacht air ar an láithreán gréasáin, nó má tá aon ní míshoiléir sna treoirlínte, cuir fios, led' thoil, ar an gComhordaitheoir Léiriúcháin agus Forbartha.

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh