Marketing and Communications Executive
As Gaeilge /Mar gheall ar BSÉ |
Cad é Bord Scannán na hÉireann?
'S í an ghníomhaíocht fhorbartha náisiúnta do thionscal scannán na hÉireann í Bord Scannán, ag déanamh infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar. Tacaíonn an ghníomhaíocht le tionscal scannán na hÉireann, agus cuireann sí chun cinn é. Cuireann sí chun chun freisin Éire mar shuíomh scannánaíochta do léiriúcháín idirnáisiúnta.
Athbunaíodh BSÉ i mí Áibreáin 1993 faoin Acht um Bord Scannán 1980, agus rinneadh leasú air i 1993, 1997, 2000 agus 2006. Socraítear buiséad bliantúil BSÉ gach bliain trí vóta a chaitear i nDáil Éireann, agus tá buiséad caipiteal €16.5 milliún againn do 2010. Tá Bord Scannán na hÉireann faoi choimirce an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.
Cad a dhéanann Bord Scannán na hÉireann/ Irish Film Board?
Tá ról lárnach ag BSÉ/IFB i bpróiseas cruthaitheach scannán na hÉireann, ó script go scáileán. Tugann muid infheistiocht d'fhorbairt, do léiriúcháín, agus d'éisiúint phríomhscannán Éireannach, teilifís, beochana, scannáin fhaisnéise agus gearrscannáin. Is féidir léaráid a íoslódáil ón ár láithreán gréasáin a thaispeánann cá háit go sonrach a théann an mhaoiniú atá le hinfheistiú.
Cuidíonn an próiseas maoiniúcháin seo le tionscnaimh a thugann Bord Scannán na hÉireann tacaíocht dóibh aird idirnáisiúnta a tharraingt orthu féin ag na leibhéil idirnáisiúnta is mó. Tá breis agus 150 gradaim buaite ag léiriúcháin a thacaigh BSÉ leo ag na féilte scannáin A-liosta is mó ar domhain, san áireamh Cannes, Beirlín, an Veinéis, Sundance, Tribeca agus Toronto.
Spreagann An Coimisiúin Scannán, craobh na gníomaíochta, infheistíocht dhíreach chuige féin trí chúnamh a thabhairt do léiritheoirí idirnáisiúnta lena bhfuil de dhíth orthu agus iad ag scannánaíocht ar láthair in Éirinn. Tugann Aonad na Seirbhísí Láthair eolas cuimsitheach ar ghnéithe uilig scannánaíochta in Éirinn, ó dhreasaigh chánaigh go suíomhanna, roghnú aisteoirí, criú, treallamh agus áiseanna.
Cad é luach eacnamúil an earnáil chlosamhairc?
Is príomh-infheisteoir é Bord Scannán na hÉireann i dtionscal léiriúcháin teilifíse agus scannán, atá ag croílár na hEacnamaíochta Fheasa Chruthaitheacha nua seo, agus mar sin is mór gur fiú é don tír seo.
De réir torthaí ó shuirbhé a rinne PWC i 2008, is tionscal é an tionscal closamhairc in Éirinn atá chun fás a dhéanamh, agus go bhfuil luach €557.3 milliún air, le breis agus 6,000 duine á bhfostú ann, agus le 0.3% de Olltáirgeacht Intíre (OTI/GDP). Chun níos mó eolais a fháil ar luach an tionscal closamhairc léigh an tuairisc shuirbhé iomlán.

