As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Nósanna Imeachta: Spriocanna agus Cleachtas

Nósanna Imeachta: Cuspóirí  agus Cleachtais  
Ar an 1ú Iúil 2006 ghlac BSÉ/IFB le hathruithe ar na bealaí ina dhéanann sé breithniú ar thionscnaimh, agus ar conas a thagann sé chun cinnte maidir lena mhaoiniú forbartha agus léiriúcháin. Tá na hathruithe seo fós i bhfeidhm. Tá athchló athbhreithnithe déanta sa mhír seo ar an téacs a bhaineann leis seo, a d'fhoilsíodh an chéad uair i mí Meithimh 2006.

Tabhair faoi deara: tá na nósanna imeachta maidir le breithniú a dhéanamh ar ghearrscannáin, scannáin sa Tionscadal Catalyst agus scannáin sa scéim Taifeadadh na n-Ealaíon sonrach do na cláir sin agus ní phléitear iad sin go díreach anseo. 

Maoiniú Léiriúcháin - Cuspóirí Ginearálta 
Is é atá i gceist anseo ná gaol atá rud beag éagsúil idir BSÉ/IFB agus a chuid iarratasóirí a spreagadh. In ionad an riachtanais a bhí ann cheana tionscadal a aighniú, agus seit chuimsitheach gnéithe ann cheana féin , le haghaidh próiséas breithnithe - agus go ndéanfaí an tsuim airgid a éilíodh a dhámhadh, nó gan í a dhámhadh, ina dhiaidh sin - tabharfar cuireadh do léiritheoirí tionscadail a mholadh do BSÉ/IFB ag pointe níos luaithe agus gealltanas i bprionsabal i leith tacaíochta a éileamh.  

Nuair atá sé sin infhaighte, cuirfidh sé tús le próiséas idirphlé idir an léiritheoir agus BSÉ/IFB maidir le pacáiste cruthaitheach agus maoiniúchán foriomlán an scannáin a chur le chéile, agus feidhmeannaigh BSÉ/IFB sásta cabhair a thabhairt d'ullmhúchán an scannáin a mhéid agus atá caoi agus úsáideach. Sna cásanna is fearr, nuair a bhíonn maoiniú iomlán ag an scannán agus nuair is féidir é a léiriú, is de bharr an phróiséis a dhéanfar an idirbheartaíocht agus a chinnteofar méid agus téarmaí infheistíocht BSÉ/IFB.        

Nuair nach bhfuil gealltanas i bprionsabal i leith tacaíochta ar fáil ó BSÉ/IFB, beidh deis níos fearr ag an léiritheoir teacht ar chinneadh faoi céard is fearr a dhéanamh leis an dtionscadal a thabhairt chun cinn ina dhiaidh sin toisc nach bhfuil an oiread céanna ama agus acmhainní caite á ullmhú go dtí sin: ar chóir dó freagairt BSÉ/IFB a chur san áireamh agus iarracht a dhéanamh cruth nua a chur air agus é i gceist é a aighniú arís; nó ar chóir dó bogadh ar aghaidh agus maoiniú a lorg ó fhoinsí eile; nó ar chóir éirí as ar fad agus tabhairt faoi thionscadail eile atá ar an sláta forbartha reatha aige/aici.    

Cibé scéal é, beidh sé mar chuspóir ag an nós imeachta gaol aibidh agus idirghníomhach a chothú idir léiritheoirí agus feidhmeannaigh BSÉ/IFB, bunaithe ar chaidreamh agus ar chóimheas idir dhaoine gairmiúla. Ní féidir córas a cheapadh chun saothar cruthaitheach a mhaoiniú ina mbíonn cinneadh dobhréagnaithe, bíodh sé dearfach nó diúltach, mar thoradh ar thomhas bunaithe ar réimse critéar oibiachtúil. In eolaíocht atá chomh neamhchinnte sin, is dóchúla go mbeidh an cleachtas is fearr mar thoradh nuair a aithníonn iarratasóirí an pháirt dosheachanta atá ag an tsuibiachtúlacht i ngach cinneadh, agus nuair a ghlacann cinnteoirí leis an dualgas atá orthu seasamh a mhíniú agus a chosaint.     

Ní chuireann an nós imeachta nua seo aon bhac ar léiritheoirí iarratas a a chur isteach chuig BSÉ/IFB ag céim níos deireannaí, mar a rinneadh roimhe seo, agus formhór na ngnéithe eile ann i dtosach, más é sin is fearr leo.    

Maoiniú Léiriúcháin - Nósanna imeachta nua i bhfeidhm  
Sula ndéantar iarratas foirmeálta ar fhormhór na gcineál maoiniú léiriúcháin iarrtar ar léiritheoirí teagmháil neamhfhoirmeálta a dhéanamh le duine d'fhoireann Léiriúcháin BSÉ/IFB: an Príomhfheidhmeannach (Simon Perry) nó duine de na Feidhmeannaigh Léiriúcháin (Emma Scott, Alan Maher). Tabharfaidh sé sin an deis don fheimhneannas eolas bunúsach a chnuasach maidir leis an iarratas ionchasach - cúrsaí ama, aon obair bhreise atá de dhíth, constaicí dlí nó eile, etc. Ní ghlacfar le hiarratas (i.e. ní dhéanfar é a chlárú ná a phróiseáil) munar tharla an plé sin roimhré.     

Is féidir iarratais a dhéanamh ag am ar bith den bhliain. Ba chóir foirmeacha iarratais a úsáid: éilíonn an fhoirm eolas bunúsach maidir leis an dtionscadal (teideal, stair go dtí seo le BSÉ/IFB, más amhlaidh), sonraí teagmhála na cuideachta léiriúcháin agus an príomh-phearsanra cruthaitheach (léiritheoir, stiúrthóir, scríbhneoir) agus ráiteas agus síniú. Liostaíonn sé freisin na hábhair bhreise ar chóir iad a chur isteach, a bhaineann le scála agus le hábhar an tionscadail (e.g. script scannáin, CVanna, faisnéis faoin mbuiséad, etc.). Athraíonn siad sin ag braith ar an gcineál maoiniúcháin atá á éileamh agus tá siad riachtanach i ngach cás don phróiséas breithniúcháin. Is é sin an méid atá ag teastáil ag an bpointe seo. Nuair a fhaigheann tionscadal gealltanas i bprionsabal i leith tacaíochta ("faomhadh sealadach") éileoidh Foireann Dlí agus Gnó BSÉ/IFB cáipéisí eile in am trátha.    

Cláróidh an Comhordaitheoir Iarratas (Jill McGregor) gach iarratas agus déanfar gach iarratas a shannadh do dhuine amháin den fhoireann Léiriúcháin (féach thuas) le comhaontú eatartha. D'fhéadfadh go mbeadh a thuilleadh plé ann ansin idir an léiritheoir agus an feidhmeannach atá ag láimhseáil an tionscadail; cibé scéal é léifidh baill an Ghrúpa Tionscadail an script scannáin, agus pléifidh siad gnéithe den tionscadal, mar a chuirtear síos air ina dhiaidh seo. 

Ní dhéanann Painéal Léiriúcháin (ina mbíodh feidhmeannaigh áirithe BSÉ/IFB ina mbaill, maraon le comhalta de Bhord BSÉ/IFB agus duine seachtrach a bhíodh difriúil ar gach ócáid) cinntí maoiniúcháin a thuilleadh, ach déanann Grúpa Tionscadail a bhfuil ballraíocht ann ag na baill ar fad d'fhoirne Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB agus baill d'fhoireann Dlí & Cúrsaí Gnó BSÉ/IFB agus, ar bhonn ‘ad hoc', comhairleoirí a thagann ó linn bheag de dhaoine gairmiúla atá ináirithe ag BSÉ/IFB mar gheall ar a gcuid scileanna sonracha. Déanfaidh gach ball aonair den Ghrúpa Tionscadail grinnbhreithniú ar gach iarratas. Tionóltar cruinnithe den Ghrúpa Tionscadail go míosúil, ina mbíonn físchomhdháil idir Ghaillimh agus Baile Átha Cliath más gá, agus níos minicí ná sin nuair a bhíonn an líon iarratas níos airde ná mar a bhíonn de ghnáth.       

Cuirfear cinntí dearfacha an Ghrúpa Tionscadail in iúl mar fhaomhaidh sealadacha a mbeidh formhuiniú foirmeálta Bhord BSÉ/IFB de dhíth orthu agus a chuirfear in iúl d'iarratasóirí ina dhiaidh sin iad. Go hiondúil éilítear formhuiniú ón mBord i ndiaidh cruinnithe den Ghrúpa Tionscadail agus, má thugtar an formhuiniú sin, cuirfear an méid sin in iúl don iarratasóir laistigh de sheachtain amháin.   

Go hiondúil ní thabharfaidh BSÉ/IFB cainníochtú maidir lena ghealltanas airgeadais i leith tionscadail ach amháin má áitíonn an léiritheoir é sin, agus sa chás sin d'fhéadfaí figiúr ‘suas go dtí' a shonrú. Mar riail ghinearálta, cinnteofar méid díreach infheistíochta BSÉ/IFB le linn idirbheartaíochta idir an léiritheoir, BSÉ/IFB agus airgeadaithe eile, agus é mar chuspóir go soláthródh BSÉ/IFB íosmhéid an leibhéal maoiniúcháin atá de dhíth chun go gcuirfí an tionscadal chun cinn mar a beartaíodh (féach an chuid maidir le Breisíocht in áit eile sa doiciméad seo).      

Léiríonn faomhadh sealadach ó BSÉ/IFB do thionscadal dóthain de thiomantas ionas gur féidir le léiritheoir a chur in iúl d'airgeadaithe ionchasacha eile go bhfuil tacaíocht iomlán na gníomhaireachta náisiúnta ag an tionscadal faoi réir shriantacht reachtúil maoiniúcháin BSÉ/IFB agus idirbheartaíocht maidir le téarmaí an infheistíochta. Chomh luath agus a thugtar faomhadh sealadach tá BSÉ/IFB go héifeachtach ‘ar bhord' agus tosóidh an idirbheartaíocht lena fhoireann Dlí & Cúrsaí Gnó i ndáiríre, comhthreomhar leis an mhonatóireacht a bheidh ar siúl ag Feidhmeannaigh Léiriúcháin BSÉ/IFB maidir le dul chun cinn cruthaitheach agus praiticiúil an tionscadail i dtreo léiriúcháin.  

Tabharfaidh BSÉ/IFB faomhadh críochnaitheach do thionscadal chomh luath agus a chomhaontaíonn na páirtithe uilig na téarmaí infheistíochta agus go bhfuil an tionscadal maoinithe ina iomlán. Beidh daingniú ón mBord de dhíth maidir le faomhadh críochnaitheach, lena n-áirítear an méid maoiniúcháin a chuirfidh BSÉ/IFB ar fáil, sula ndéanfar conarthaí a shíniú.  

Tar éis don Ghrúpa Tionscadail cinneadh diúltach a dhéanamh, ní féidir tionscadal a chur ar ais isteach go BSÉ/IFB ach amháin nuair atá athruithe suntasacha ábhartha déanta ar an bpacáiste, i. e. ar an script scannáin, ar na príomhghnéithe cruthaitheacha ar nós roghnú aisteoirí, no ar an gcostas léiriúcháin. Cuirfear na hiarratais ar fad nach n-éiríonn leo in iúl don Bhord. 

Ní bhreithneofar tionscadal le haghaidh maoiniú léiriúcháin ó BSÉ/IFB ach amháin sa chás:

  • go ndéanann léiritheoir bona fide ag a bhfuil cuideachta léiriúcháin bunaithe in Éirinn nó i mballstát eile den Aontas Eorpach; agus
  • go bhfuil stiúrthóir tiomanta don scannán a dhéanamh.

Usáidtear an nós imeachta a rinneadh cur síos air go dtí seo chun measúnú a dhéanamh ar iarratais maidir le scannáin faisnéise, scannáin bheochana agus ficsean teilifíse chomh maith le príomhscannáin, agus mionathruithe áirithe le nádúr an ábhair atá lena bhreithniú á gcur san áireamh. Ní dhéanann an fhoirm iarratais le haghaidh scannán faisnéise aon tagairt do script scannáin nó d'fhoireann aisteoirí, mar shampla, ach do bhreac-chuntas sonraithe ar ábhar an scannáin. Leanfaidh tionscadail bheochana ar aghaidh ag baint tairbhe as breithniú breise ó chomhairleoirí nach ó BSÉ/IFB iad a bhfuil eolas speisialta acu sa réimse sin. Leanfar ar aghaidh ar bhreithniú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú críochnúcháin - ar bhonn sea nó ní hea, gan aon chéim faofa sealadaigh a bheith i gceist.      

Bhíodh sé ina chleachtas gurb é an Painéal Léiriúcháin a dhéanfadh breithniú ar na hiarratais ar mhaoiniúchán forbartha ar fad do thionscadail scannán faisnéise agus tionscadail bheochana (agus go dtéadh gach iarratas forbartha eile trí phróiséas Painéil Forbartha). Tá dhá athrú déanta anseo. Ar an gcéad dul síos, mar riail ghinearálta, ní chuireann BSÉ/IFB maoiniú forbartha ar fáil a thuilleadh do scannáin faisnéise mar ghníomhaíocht ann féin: i bhformhór na gcásanna, nuair a cheaptar go bhfuil moladh le haghaidh scannáin faisnéise sách láidir ina bhreac-chuntas le go mbeadh tacaíocht BSÉ/IFB tuilte aige, déanfar gealltanas i bprionsabal i leith forbartha agus léiriúcháin. Faoi réir chomhlíonadh na mbunriachtanas dlí, is é an cuspóir a bheidh ann go dtosóidh BSÉ/IFB ag tabhairt maoiniúcháin diaidh ar ndiaidh don tionscadal de réir mar a chuirtear tús leis an obair thaighde agus leis an obair ullmhúcháin eile, go dtí go mbíonn an maoiniúchan riachtanach eile i bhfeidhm agus gur féidir tús a chur leis an léiriúchán iomlán. Ar an dara dul síos, d'fhéadfadh tionscadail áirithe beochana tairbhe a bhaint as dá láimhseáilfí iad ar an gcaoi chéanna, nuair is é an tslí is éifeachtúla carachtair agus amhairc a fhorbairt próiséas comhléiriúcháin a thosú a rachaidh díreach go lán-léiriúchán, ach go n-éiríonn leis. Ach san áit, ar an dtaobh eile den scéal, go mbíonn dianobair scripte de dhíth chomh maith ar thionscadal beochana, is cosúla go molfaidh BSÉ/IFB go gcuirfí isteach é de réir na nósanna imeachta a bhfuil cur síos déanta orthu thuas.              

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh