-
Six Shooter - Winner Best Short (Live Action), Academy Awards 2006
-
Once - Best Original Song (Falling Slowly), Academy Awards 2008
-
New Boy - Nominated for Best Short (Live Action), Academy Awards 2009
Marketing and Communications Executive
As Gaeilge / Mar gheall ar BSÉ /Polasaí Glas BSÉ |
Mar sin, agus mar fhreagairt ar spriocanna um éifeachtúlacht fuinnimh san earnáil phoiblí, tá BSÉ/IFB tiomanta do mheasúnacht agus d'fheabhsú leanúnach ar ár bhfeidhmíocht maidir le cúrsaí comhshaoil.
Tá BSÉ/IFB tiomanta do na príomhphrionsabail ar inbhuanaíocht comhshaoil agus ar chaomhnú na timpeallachta. In ár ngnóthaí ar fad déanann muid iarracht an tionchar atá againn ar an timpeallacht a laghdú, trí sholáthar inbhuanaithe agus trí bhainistíocht éifeachtach ar achmainní ar nós fuinnimh agus dramhaíola.
Tá freagracht chomhshaoil ag croílár pholasaí glas BSÉ/IFB. Chun maith a dhéanamh dár ngealltanas:
Cloífimid lenár ndualgais nó rachaimid níos faide ná mar atá de dhualgas orainn maidir le reachtaíocht chomhshaoil;
Cloífimid lenár bpolasaí um sholáthar comhshaoil chun roghnú tairgí agus seirbhísí atá níos fearr don timpeallacht a chur chun cinn;
Déanfaimid measúnú neamhspleach tríú páirtí ar ár ngníomhaíochta ar fad a choimisiúnú go bliantúil;
Déanfaimid iarracht i gcónaí modheolaíochtaí thuariscithe agus cáipéisíocht a fheabhsú, le go mbeidh follasacht agus creidiúnacht ann;
Forbróimid tacar spriocanna bliantúla gur féidir a aithint go héasca, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, chun dramhaíl a laghdú agus chun ár lorg carbóin a laghdú;
Déanfaimid teagmháil leis na páirtithe leasmhara ar fad chun ár ndul chun cinn maidir leis na spriocanna seo a fhógairt;
Cuirfimid feasacht chomhshaoil agus tiomantas comhshaoil chun cinn i measc na foirne;
Spreagfaimid dea-chleachtas i dtionscal na scannán trínár dtreoirlínte mholta um dhea-chleachtas a chur ar fáil;
Rachaimid chun cinn i dtreo feabhsú foriomlán 33% in éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2020, de réir spriocanna an rialtais;
Tá Foireann Uirlisí Glas ar fáil anois sa mhír ‘Scannánaíocht in Éirinn' ar an láithreán gréasáin seo, a thugann treoirlínte ar conas an tionchar ar an timpeallacht a laghdú le linn scannánaíochta.

