-
The Daisy Chain
-
Eden
-
Kisses
Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Prionsabail agus Critéir |
Tá cláir mhaoiniúcháin BSÉ/IFB treoraithe ag líon prionsabal ginearálta atá mar bhunús ag a chuid critéar cinnteoireachta. Is iad seo a leanas na prionsabail sin:
- Breisíocht
- Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
- Cineama a Dhéanamh
- Úrmhaireacht
Mínítear iad sin níos mine thíos. Ina dhiaidh sin leagtar amach roinnt gnéithe eile a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chinneadh i bhfábhar tionscadail amháin thar thionscadal eile.
Breisíocht
Réasúnaíocht riachtanach chun airgead poiblí a chur ar fáil do thionscal is ea gur chóir dó gníomhaíocht a chruthú nach dtarlódh ar aon bhealach eile, i.e. nach gcruthódh an margadh as a stuaim féin í. Ciallaíonn sé sin gur chóir gur scannáin nach ndéanfaí iad, nó nach ndéanfaí iad leis an leas céanna d'Éirinn muna gcumasófaí a ndéanamh le tacaíocht na gníomhaireachta, na scannáin sin a fhaigheann tacaíocht ó BSÉ/IFB. Léireoidh scannáin den chineál sin, agus na leasanna a eascraíonn astu, gníomhaíocht ‘bhreise' thráchtala.
Tá sé i gceist ag na nósanna imeachta atá ann chun iarratais ar mhaoiniú léiriúcháin a mheas a chinntiú níos éifeachtúla go dtugann an méid páirtíochta atá ag BSÉ/IFB in aon tionscadal fíor-léargas ar an méid ina bhfuil gá leis an bpáirtíocht sin; go sonrach, gurb é an leibhéal infheistíochta atá ag BSÉ/IFB an leibhéal atá de dhíth chun maoiniú an scannáin sin a chur i gcríoch agus gurb é sin an méid. Tá sé soiléir go bhfuil sé deacair póilíneacht a dhéanamh air sin le cruinneas fíor-iomlán, de bharr nádúr na n-idirbheartaíochtaí maidir le scannáin a mhaoiniú, ach seasann an prionsabal agus cloífear go dlúth leis.
Beidh tionchar ag an aidhm scannáin a mhaoiniú a bhfuil ‘breisíocht' ag baint leo ar roghanna BSÉ/IFB agus tionscadail á gcuardach le haghaidh tacaíocht a thabhairt dóibh. Tugann breisíocht le tuiscint go ndéanfar difríocht, agus beidh claonadh ag BSÉ/IFB dul i dtreo tacú le tionscadail a bhfuil an cuma orthu go bhfuil siad ar ard-chaighdeán ach go bhfuil gnéithe ag baint leo atá go hinbhraite ar leith agus difriúil ó na scannáin atá ar fáil i bpríomhshruth an mhargaidh. Ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil spéis ag BSÉ/IFB ach i dtacaíocht a thabhairt do scannáin nach scannáin ‘thráchtala' iad. A mhalairt ar fad atá fíor, tá flúirse fianaise i stair na scannán a thaispeánann gur minic gurb iad na scannáin thionscantacha úrnua a thagann aniar aduaidh ar lucht féachana na scannáin is fearr a n-éiríonn leo. Is cosúil go dteastaíonn nuálaíocht rialta ón mhargadh. Tabharfaidh BSÉ/IFB tacaíocht fhuinniúil do léiritheoirí a léiríonn gur mian leo a bheith rathúil sa mhargadh - agus a bhfuil tionscadail acu a léiríonn feasacht ar an mhargadh, ach nach bhfuil ró-umhal dó.
Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
Comhsheasmhach lena théarmaí tagartha ón rialtas, agus ag freagart do riachtanais thionscal na scannán in Éirinn mar a fheictear iad faoi láthair, tá BSÉ/IFB den tuairim go bhfuil tionscadail áirithe, ó thaobh a n-ábhar, a bhfoinsí nó a leas don tionscal a léiríonn tosaíochtaí soiléire maidir lena maoiniú seachas cinn eile.
Tabharfar tús áite go láidir d'iarratais ar son tionscadal:
- a bhfuil ‘tionscnamh Éireannach' acu ó thaobh na cruthaíochta de; ‘sé sin ceaptha, scríofa ag talann Éireannach agus a mbeidh talann Éireannach dá stiúradh
- a insíonn scéalta ó Éirinn, ag tarraingt as agus ag taispeáint chultúr, stair agus mhodh beatha na hÉireann agus dearcadh na hÉireann ar an saol agus uirthi féin.
- a mbeidh baint ag tallann nua scannánaíochta ó Éirinn i bpríomhróil chruthaitheacha, i.e. stiúrthóir, scríbhneoir, léiritheoir, cumadóir, príomhaisteoir.
Tabharfar fíor-aird chomh maith ar iarratais:
- a mholann tionscadal a bhfuil gné láidir Éireannach (ó thaobh suímh, caractar etc. de) ag baint leis agus a mbeidh stiúrthóir aige nach stiúrthóir Éireannach é, nuair a mheasann BSÉ/IFB go bhfuil teist an stiúrthóra sin go dtí seo ina dhearbhú i leith caighdeáin
- a bhfuil baint ag léiritheoir Éireannach leo mar chomhléiritheoir mionlaigh ar scannán nuair is rud é: (a) go bhfuil BSÉ/IFB cinnte ina thuairim faoi chaighdeán an tionscadail, (b) go bhfuil an méid infheistíochta a dhéanann BSÉ/IFB ar chomhchéim leis an leibhéal páirtíochta atá ag pearsanra, gnéithe agus saoráidí Éireannacha sa tionscadal agus (c) go bhfuil gealltanas tugtha ag an gcomhléiritheoir tromlaigh comhalartú a dhéanamh trí ghníomhú mar chomhléiritheoir mionlaigh ar scannán Éireannach amach anseo.
Leanfaidh BSÉ/IFB ar aghaidh ag cur fáilte faoi leith roimh iarratais i dtaobh scannán atá le déanamh den chuid is mó i nGaeilge.
Beidh BSÉ/IFB airdeallach i gcónaí ag cinntiú go mbeidh caiteachas ard i gceist ar phearsanra agus sa dtionscal Éireannach maidir le scannáin a ndéanann sé infheistíocht iontu, agus is dóchúil go mbeidh páirt ábhartha ag an ngné sin d'iarratas i gcinneadh dearfach. Ní bheidh sé ina dháil chinniúnach leis féin, áfach, más amhlaidh nach bhfuil BSÉ/IFB cinnte dearfa faoi chaighdeán tionscadail, nó nach gcomhlíonann an tionscadal i slite eile aon cheann de na tosaíochtaí atá leagtha amach thuas. Déanfar plé níos mine ar an ábhar seo faoi Tuilleadh Breithnithe thíos.
Ag Cruthú Cineama
Cúis bhunúsach go bhfuil BSÉ/IFB ar an saol is ea chun saothar in Éirinn a dhéantar lena thaispeáint ar an scáileán mór a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn.
Níl cosc curtha aige sin ar BSÉ/IFB ó bheith ag tabhairt tacaíochta do shaothar gurb í an teilifís an príomh-asraon i bhfeidhm ina leith. Thairis sin, sa mhéid is go gcuireann an teilifís ar chumas cuideachtaí léiriúcháin maireachtáil agus fiú maireachtáil go rathúil, agus go léiríonn sé sineirge atá sláintiúil agus riachtanach idir an teilifís agus an scáileán mór, i dtír chomh beag le hÉireann bheadh sé míréadúil do BSÉ/IFB a chuid tacaíochta a shrianadh go scannáin phictiúrlainne.
Ach, cé go leanfar ar aghaidh ag freagairt go dearfach d'iarratais ó am go chéile ar son tionscadal gur ar an dteilifís is mó is dócha go bhfaighidh siad lucht féachana, fiú amháin ag cur san áireamh scannáin agus sraitheanna déanta don teilifís, leagfaidh BSÉ/IFB béim níos mó amach anseo ar a chuid oibligeáidí maidir le saothar cineama agus talainn cineama.
I bhfeidhm, ciallóidh sé sin:
- Go ndéanfar meastóireacht níos déine ar scannáin fhaisnéise ó thaobh a n-acmhainn eisiúint pictiúrlainne a bhaint amach nó spéis a spreagadh ó fhéilte idirnáisiúnta scannán. Tabharfar an chead rogha do ‘phríomhscannáin ‘fhaisnéise'; ní dócha go dtabharfar tacaíocht do scannáin atá dírithe ar mhíreanna ama theilifíse aon uaire an chloig nó níos giorra, nó nach bhfuil mórán nó nach bhfuil aon tarraingt idirnáisiúnta acu ach amháin sa chás go gceaptar go bhfuil cáilíocht éigin acu nach féidir a dhiúltú. Taobh amuigh den bhéim atá ag BSÉ/IFB ar chúrsaí cineama, tá sé i gceist ag an gcur chuige sin freagairt a thabhairt ar an méadú soiléir sa ndúil atá ag lucht féachana pictiúrlainne i scannáin fhaisnéise a fheiceáil.
- Pléifear le beochan ar shlí níos solúbtha, mar aitheantas ar an dtábhacht a bhaineann le saothar Éireannach sa réimse seo atá ag méadú i gcónaí agus ar cé chomh cúng is atá an margadh amharclainne atá ann do phríomhscannáin bheochana. Tabharfar tús áite, áfach, do shaothar nuálach ó thalainn Éireannacha a bhfuil an chosúlacht air go bhfuil sé cruthaitheach agus cumhachtach a dhóthain le formáid an scáileáin mhóir a láimhseáil ach an deis a fháil.
- Déanfar breithniú ar fhicsean teilifíse, bíodh sé ina chlár aonair nó ina shraith ó thaobh a cháilíocht bhunúsach de ach d'fhéadfadh tosca eile a bheith san áireamh freisin. Cuirfear béim láidir ar thacaíocht a thabhairt do stiúrthóirí (agus, ó am go chéile, scríbhneoirí) a léiríonn a ngairm go dtí seo go soiléir go bhfuil an cumas acu scannáin cineama a dhéanamh, nó atá, i dtuairim BSÉ/IFB, ag dul i dtreo gairm beatha a dhéanamh as scannáin don cineama. Chomh maith leis sin, ní mór a chur ina luí ar BSÉ/IFB go bhfuil a rannpháirtíocht ríthábhachtach chun an clár a réadú agus beidh BSÉ/IFB ag súil le hionchur eagarthóireachta a dhéanamh ina ábhar. Ní bheidh tacaíocht fhorbartha ar fáil le haghaidh ábhair atá dírithe go sonrach ar léiriúchán teilifíse ach go fíor-annamh.
Úrmhaireacht
Ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach sa chaoi ina mbaineann sé feidhm as a chuid acmhainní, agus comhsheasmhach leis na cuspóirí bhreisíochta ar tugadh breac-chuntas orthu cheana féin, leagfaidh BSÉ/IFB mórbhéim ar chúrsaí úrmhaireachta agus tionscadail á n-éileamh agus á roghnú aige chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Seachas na buntáistí ealaíne, tá go leor fianaise ann gurb iad na scannáin a thairgíonn rud éigin don lucht féachana nach bhfuil feicthe cheana -ábhar conspóideach, seasamh gríosaitheach, féith úr grinn, casadh sa séanra nó doimhneas nua mothúcháin, na scannáin sin is fearr a mbíonn san iomaíocht i margadh ina bhfuil ceannas ag táirgí mórbhuiséid.
Cuirfidh sé seo BSÉ/IFB i dtreo tús áite a thabhairt do stiúrthóirí (agus scríbhneoirí) a bhfuil ‘guthanna' sainiúla acu, a léiríonn a gcuid saothar go bhfuil dearcadh láidir ar leith ar an tsaol acu, a thaispeánann cúrsaí an an tsaoil ar bhealach a thugann brí nua dóibh nó a chuireann scathán os comhair gnéithe den nádúr a sheachnaíonn scannánóirí eile nó nach dtugann siad faoi deara iad. Teastaíonn ó BSÉ/IFB tacaíocht a thabhairt do scannáin a aimsíonn lucht féachana chomh fairsing agus is féidir, agus tá sé ag súil go léireoidh lucht déanta scannán an dúil chéanna. Ag an am gcéanna aithníonn sé go dteipeann ar go leor acu rath ag an díoloifig a bhaint amach. Creideann BSÉ/IFB gur féidir caiteachas airgid poiblí a chosaint go láidir má éiríonn go maith le scannán, nó fiú má theipeann air, más amhlaidh go bhfuil rud éigin úrnua le rá aige, rud éigin úrnua a chuirfidh leis an méid atá le rá ag cúrsaí scannán go domhanda.
Gnéithe Bhreise
Ba chóir go dtabharfadh na treoirphrionsabail a bhfuil cur síos déanta orthu thuas léargas d'iarratasóirí faoin gcaoi a ndéanfaidh feidhmeannaigh agus comhairleoirí BSÉ/IFB meastóireacht ar thionsacadal ó thaobh ábhair de agus maidir leis an bhfoireann chruthaitheach a bheadh i gceist. Agus meastóireacht á déanamh ar iarratais ar mhaoiniú léiriúcháin, d'fhéadfadh tosca eile teacht isteach san áireamh, a bhaineann le tionchar eacnamaíochta an léiriúchain, leis na socruithe airgeadais, agus an t-ionchas atá ann go n-aimseofar lucht féachana.
Más amhlaidh nach measann BSÉ/IFB go gclaíonn tionscadal le haon cheann de na treoirphrionsabail, ní bheidh dóthain sna tosca eile sin iontu féin chun tairiscint ar mhaoiniúchán a chinntiú. Ach, i gcás tionscadail ina fheictear go bhfuil an t-ábhar agus an fhoireann chruthaitheach áititheach, d'fhéadfadh na gnéithe seo a leanas tionchar a bheith acu ar na hidirbheartaíochtaí idir BSÉ/IFB agus na scannánóirí maidir le leibhéal infheistíochta BSÉ/IFB agus leis an gcaoi ina ndéanfar an scannán a mhaoiniú, a léiriú agus a dháileadh:
- Teist an léiritheora go dtí seo
- An ndearna an léiritheoir scannáin a bhainistiú agus a sheachadadh ar bhealach proifisiúnta agus éifeachtach roimhe seo?
- An bhfuil dea- thaithí roimhe seo ag BSÉ/IFB ar a bheith ag plé leis an léiritheoir?
- I gcás comhléiriúchain, an bhfuil dea-theist phroifisiúnta go dtí seo ag aon léiritheoirí nach léiritheoirí Éireannacha iad?
- Fostaíocht Éireannach
- An mbeidh pearsanra Éireannach i bpríomh-phostannna cruthaitheacha agus teicniúla?
- I gcás comhléiriúcháin, an bhfuil a gcomhréir sin cuí?
- An dtairgeoidh an léiriúchan fostaíocht do phearsanra Éireannach i ngach grád is féidir?
- Caiteachas i ngeilleagar na hÉireann
- An ndéanfar an scannánú in Éirinn?
- An mbainfidh an léiriúchán feidhm as saoráidí léiriúcháin agus iarléiriúcháin in Éirinn?
- An mheallfaidh an tionscadal infheistíocht isteach i ngeilleagar na hÉireann?
- Díolachán agus Dáiliúchán
- An bhfuil baint ag gníomhaire díolacháin idirnáisiúnta leis an scannán?
- An bhfuil dáileoir Éireannach ag an scannán?
- An bhfuil aon dáileoirí nó craoltóirí a bhfuil maoiniú léiriúcháin á sholáthar acu?
- Struchtúr airgeadais
- An bhfuil an lucht comhaoinithe atá molta don scannán iontaofa?
- An dtabharfaidh na socruithe airgeadais an deis do BSÉ/IFB seasamh réasúnach i leith aisíocaíochta a chaibidliú?
- An mbeidh follasacht réasúnach cuntasaíochta maidir le hioncam díolacháin, e.g. trí ghníomhaire bailiúcháin a úsáid?
Ba chóir a chur in iúl go láidir nach bhfuil sé riachtanach freagraí dearfacha a thabhairt ar na ceisteanna sin ar fad le go dtairgeofaí maoiniú léiriúcháin do thionscadal. Ach d'fhéadfadh sé tarlú go bhféadfadh freagraí diúltacha ar chuid mhór acu dearcadh a bheadh go láidir dearfach ag BSÉ/IFB i leith gnéithe cruthaitheacha de thionscadal a lagú. Ar a laghad ar fad, spreagfadh meascán de fhreagraí dearfacha agus diúltacha plé faoi mhéid agus faoi chineál aon ghealltanais a thabharfadh BSÉ/IFB.
Critéir Athraitheacha
Tá critéir shonracha dá gcuid féin ag cláir mhaoiniúcháin áirithe de chuid BSÉ/IFB agus ní gá go mbeidís rialaithe ag na prionsabail atá leagtha amach thuas:
- Forbairt Ilthionscadal (MPD)
Cé go gcuirtear na treoirphrionsabail i bhfeidhm maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shlátaí tionscadal a moltar iad, tá a chritéir bhreise féin ag an gclár MPD ar chóir seiceáil a dhéanamh orthu sula ndéanfar iarratas. - Léiriúchán Idirnáisiúnta
Cé go bhfuil an clár seo i dtéarmaí ginearálta faoi réir ghnáth-chritéar cultúrtha BSÉ/IFB, tá níos mó tionchair ag an dtionscal air ná mar atá ag cúrsaí cruthaitheachta. An fhad is go bhfuil teist mhaith ag an bpríomhléiritheoir go dtí seo, agus go bhfuil cuma inchreidthe ar an bpacáiste cruthaitheach, bunófar meastóireacht BSÉ/IFB go príomha ar a bhreithniú ar thionchar ‘méadaitheach' eacnamaíochta a mhaoiniúchán, agus ar na deiseanna fostaíochta do phearsanra Éireannach i bpríomh-phoist. - Tacaíocht Réigiúnda
Tá téarmaí tagartha ag an gclár seo a bhaineann go hiomlán le cúrsaí eacnamaíochta. Le bheith incháilithe, ní mór go mbeadh maoiniú léiriúcháin cheana féin ag tionscadal, agus ní chuirtear aon bhreithiúnas cruthaitheach eile i bhfeidhm. Déantar meastóireacht ar an méid den bhuiséad léiriúcháin atá lena caitheamh in Éirinn lasmuigh de limistéar na príomh-chathrach agus den limistéar atá díreach in aice leis; ní mór go mbeadh dhá oiread i gceist leis an méid sin agus an méid maoiniúcháin atá á éileamh. - Dáiliúcháin
Feidhmíonn an clár Soláthar Priontaí ar bhonn uathoibríoch, trína mbíonn scannáin cáilithe i gcóir tacaíochta má roghnaítear iad le haghaidh féile atá ar liosta d'fhéilte ceadaithe, faoi réir chomhaontú le BSÉ/IFB maidir leis an leibhéal maoiniúcháin. Tugtar maoiniú le haghaidh priontaí agus le haghaidh fógraíochta do dháileoirí Éireannacha ar scannáin a bhfuil tacaíocht acu ó BSÉ/IFB a thaispeánann go bhfeabhsóidh tacaíocht ó BSÉ/IFB cur chun cinn scannáin i margadh na hÉireann.
Tabhair Faoi Deara: Forchoimeádann BSÉ/IFB an ceart cur le haon cheann de na critéir thuasluaite nó é a athrú nó é a chur ar fionraí mar fhreagairt ar chúinsí áirithe nó de réir mar a thagann athruithe ar a chuid polasaithe.

