As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /

Rialúcháin agus Teorainneacha

Tá an méid maoiniúcháin gur féidir le BSÉ/IFB a dhámhadh ar iarratasóirí teorannaithe ag rialúcháin atá comhaontaithe le Rialtas na hÉireann nó atá leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach 

Dlús Chúnamh Stáit 
De réir rialacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dlús chúnamh stáit (i.e. an méid maoiniúcháin i dtionscadal a thigeann ó chistí fóirdheontais, scéimeanna dreasachta cáin-bhunaithe agus aon mheicníochtaí tacaíochta eile) ní cheadaítear do mhéid an chúnamh stáit a úsáidtear chun tionscadal scannáin a mhaoiniú a bheith os cionn 50% dá chostas iomlán, faoi réir eisiatachtaí áirithe:  

a) nuair a mheastar go bhfuil an scannán ‘ar bhuiséad íseal' nó ‘deacair' (féach an t-alt thíos);
b) nuair nach bhfuil costas iomlán de níos mó ná €100,000 ar an tionscadal scannáin ar fad

Tabhair faoi deara go bhféachtar ar mhaoiniúchán a fuarthas de réir fhorálacha Ailt 481 in Éirinn agus dámhachtain ó Chiste Fís agus Fuaim de chuid  Choimisiún Craolacháin na hÉireann, araon mar chúnamh stáit; agus ó thaobh comhléiriúchan idirnáisiúnta de go bhfuil méid an chúnamh stáit i dtionscadal ina chomhiomlán den mhaoiniúchán ar fad a rinne na tíortha a a bhí páirteach sa comhléiriúchán.     

Scannáin ar bhuiséad íseal agus scannáin ‘dheacra'

Tá an t-údarás ag BSÉ/IFB a dheimhniú go bhfuil scannán atá lena dhéanamh in Éirinn ‘ar bhuisead íseal' nó ‘deacair'. Is féidir a rá go bhfuil scannán ‘ar bhuiséad íseal' muna mbíonn a bhuiséad léiriúcháin níos mó ná €3,000,000; is féidir teacht ar shainmhíniú ceadaithe ar ‘deacair' sa chuid  Do Scannán a Mhaoiniú den láithreán gréasáin seo.  

Teorainneacha ar Mhaoiniúchán Forbartha 

Maidir le maoiniúchán forbartha, tá teorainneacha ar an méid gur féidir le BSÉ/IFB a thabhairt do thionscadail, de bhun rialúcháin ó Rialtas na hÉireann mar a chuireann BSÉ/IFB i bhfeidhm iad. Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 rinneadh athbhreithniú ar na teorainneacha sin agus is mar seo a leanas atá siad anois:  

(a) is é €100,000 (€75,000 mar a bhí) an t-uasmhéid maoiniúcháin forbartha gur féidir leis an BSÉ/IFB a sholáthar d'aon tionscadal aonair
(b) ní mór an méid céanna maoiniúcháin a fháil ó fhoinsí eile i gcás aon mhéid os cionn €50,000 (€40,000 mar a bhí) de mhaoiniúchán forbartha a dhéanann BSÉ/IFB

Aisíocaíocht:  Caithfear iasachtaí forbartha BSÉ/IFB a chur san áireamh mar mhír líne den bhuiséad léiriúcháin agus ní mór an aisíocaíocht a dhéanamh ina iomlán faoin gcéad la príomhscannánaíochta.     

Dáta i bhFeidhm: Baineann na teorainneacha nua ar mhaoiniúchán forbartha leis na tionscadail ar fad atá á bhforbairt go gníomhach le maoiniúchán ó BSÉ/IFB ar an 1 Iúil 2008 agus leis na tionscadail ar fad a fhaigheann gealltanas maidir le maoiniúchán forbartha BSÉ/IFB tar éis an dáta sin.    

Teorainneacha maidir le Maoiniú Léiriúcháin  

Maidir le maoiniú léiriúcháin, sa chaoi ceanna tá rialúcháin ag rialtas na hÉireann a chuireann teorainneacha ar an méid maoiniúcháin gur féidir le BSÉ/IFB a sholáthar. Le feidhm ón 1 Iúil 2008 rinneadh líon áirithe leasuithe ar na teorainneacha sin.     

Ficsean: Léiriúchán Éireannach/Léiriúchán Beochana/leiriúcháin Scannán Faisnéise:   


(a) i gcás tionscadal le buiséid atá níos mó ná €100,000 agus níos lú ná €1.5 milliún is féidir le BSÉ/IFB suas go dtí 65% den bhuiséad a sholáthar (mar a bhíodh gan aon uasteorannú);

(b) i gcás tionscadal a bhfuil buiséid acu atá níos mó ná €1.5 milliún agus nach bhfuil níos mó ná €5 mhilliún, is féidir le BSÉ/IFB suas go dtí €1 mhilliún, nó 40% den bhuiséad, cibé acu is mó, a sholáthar (foráil nua);

(c) i gcás tionscadal a bhfuil buiséid acu atá níos mó ná €5 mhilliún, is féidir le BSÉ/IFB suas go dtí €2 mhilliún, nó 25% den bhuiséad, cibé acu is mó, a sholáthar (oiriúnú ar an bhforáil a bhí ann).

Breisíocht:  Níor chóir a ghlacadh leis go gciallaíonn na teorainneacha nua atá á dtabhairt isteach go gcuirfidh an BSÉ/IFB leibhéil níos airde maoiniúcháin ar fáil d'aon tionscadal nó do gach tionscadal. Déanfar suimeanna maoiniúcháin a éilítear a sháraíonn na sean-teorainneacha a scrúdú le déine faoi leith agus ní dhámhfar iad ach amháin i gcás go mbíonn BSÉ/IFB go hiomlán den tuairim nach féidir an tionscadal a chur i gcríoch ar aon bhealach eile. Fiú amháin i gcásanna nuair atá an riachtanas soléirithe, ciallaíonn leibhéal reatha acmhainní BSÉ/IFB go bhfuil fíor-dhrochsheans go rachaidh an maoiniúchán a gheobhaidh aon tionscadal aonair thar €1 milliún agus nár chóir fiú smaoineamh ar aon suim os cionn €1.5 milliún.     

Nóta ar bhuiséad 2010: Ar na cúiseanna a míníodh san Fhorléargas, tá méid an mhaoiniú léiriucháin ar fáil do BSÉ/IFB i 2010 10% níos lú nó mar sin ná mar a bhí i 2009, nuair a rinne gearradh suntasach ar bhuiséad BSÉ/IFB cheana féin. Le hard-éileamh ar na hacmhainní seo, agus toisc gur mian le BSÉ/IFB tacú leis an líon tógraí agus gur féidir leis, ba chóir go nglacfaidh iarratasóirí leis gurb é €600,000 an t-uasmhéid ar mhaoiniú tionscnaimh ar bith, muna bhfuil cúinsí eisceachtúla ann.

Coinníoll Speisialta: Agus na teorainneacha nua maoiniúcháin tugtha isteach, tá sé mar choinníoll maidir le maoiniúchán ó BSÉ/IFB i leith tionscadal Ficsean: Léiriúcháin Éireannacha, go gcaithfidh an buiséad léiriúcháin dóthain de mhíreanna líne a bheith ann chun ábhair mhargaíochta a dhéanamh. Ní bhaineann an ceangaltas sin, a dhéantar é a mhíniú go sonrach sa chuid ábhartha de Cláir Mhaoiniúcháín le tionscadail Léiriúcháin Beochana nó Léiriúcháin de Scannáin Fhaisnéise.            

Tionscadail ar Bhuiséid atá Fíor-Íseal:
Ceadaíonn rialúcháin ón gCoimisiún Eorpach fós do BSÉ/IFB maoiniú léiriúcháin de 100% a thabhairt do thionscadail scannán gur féidir iad a thabhairt chun críche agus a sheachadadh ar chostas iomlán léiriúcháin atá níos lú ná €100,000. Ní bhaineann an choinníoll speisialta thuasluaite le tionscadail den chineál sin.      

Ficsean: Comhléiriúchán Cruthaitheach / Ficsean: Léiriúchán Idirnáisiúnta / Críochnú  

(d) leanfaidh tionscadail faoi na cláir seo ar aghaidh  faoi réir na teorann bunúsaí a rialaigh maoiniúchán BSÉ/IFB roimh an 1 Iúil 2008: is féidir le BSÉ/IFB suas go dtí €750,00 nó 25% den bhuiséad a thabhairt, cibé acu is mó.    

(e) mar chleachtas, ní rachaidh maoiniú BSÉ/IFB ar thionscnaimh Comhléiriúchán Cruthaitheach thar 90% de chaiteachas measta an tionscnaimh ar fhoireann, earraí agus seirbhísí Éireannacha; agus i gcás tionscnamh Léiriúchán Idirnáisiúnta beidh BSÉ/IFB ag súil leis go léireoidh caiteachas dá leithéid seo iolraí suntasach de dhámhachtain ar bith.

Maoiniúchán Tacaíochta Réigiúnda: San áit a chuirtear é sin ar fáil anuas ar aon chineál maoiniú léiriúcháin ní mór don chomhiomlán den dá dhámhachtain na teorainneacha mar leagtar amach anseo iad a chomhlíonadh.      

Dáta i bhFeidhm: Ní bhaineann na teorainneacha nua i leith maoiniú léiriúcháin ach le tionscadail a thosaíonn ar an bpríomh-scannánaíocht ar an 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin.

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Gaeilge / Learscáil an tsuímh