-
Colony
-
Little Matador
-
Identities
Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Scannáin Fhaisnéise |
Maoiniú chun léiriú scannán faisnéise a chumasú, agus béim níos mó á leagan i gcónaí ar scannáin chruthaitheacha faisnéise ar fhad príomhscannáin gur féidir leo lucht féachana a aimsiú trína dtaispeáint i bpictiúrlanna agus ag féilte.
Tabhair faoi deara: ní chuireann BSÉ/IFB maoiniú ullmhúcháin ar fáil a thuilleadh le haghaidh scannán faisnéise. Nuair atá obair taighde nó réamhobair eile beartaithe, ba chóir iarratas ar mhaoiniú léiriúcháin a dhéanamh, ag leagan amach na céimeanna don obair réamh-léiriúcháin agus don obair léiriúcháin atá beartaithe, agus meastachán i leith na gcostas. Is dóchúla go mbeadh plé le feidhmeannach léiriúcháin de chuid BSÉ/IFB ina chabhair leis an bpróiséas sin. Déanfaidh BSÉ/IFB an cinneadh ansin, i bprionsabal, maidir le tacaíocht a thabhairt do léiriú an tionscadail nó gan í a thabhairt. Má tá an tacaíocht ar fáil agus sula mbíonn aon airgeadas eile i bhfeidhm, d'fhéadfadh BSÉ/IFB comhaontú a dhéanamh maoiniú léiriúcháin den chéad chéim a thosú chun taighde, scríobh scripteanna, déanamh spólscannán cur chun cinn, scannánaíocht tosaigh, etc. a chumasú mar is caoi. Má chinneann BSÉ/IFB go bhfuil toradh sásúil ar an obair, agus go bhfuil féidirtheachtaí ann, Scaoilfí amach ansin an méid iomlán de ranníocaíocht mhaoiniú léiriúcháin BSÉ/IFB nuair a bheadh an tionscadal réitithe go hiomlán agus cothrom an airgeadais aimsithe a bheadh de dhíth.
Maidir Leis an Maoiniúchán
Cuirtear an maoiniúchan ar fáil i bhfoirm iasachtaí iontaobh-teoranta atá infhaighte ar ais ó sciar den ioncam as saothrú an scannáin agus a chuireann BSÉ/IFB i dteideal sciar den bhrabús glan.
Ba chóir go mbeidh iarratasóirí ar an eolas maidir leis na rialúcháin agus teoireannacha a rialaíonn na suimeanna airgid gur féidir le BSÉ/IFB a bhronnadh ar thionscnamh. Is féidir iad seo a aimsiú ar leathanach Rialúcháin agus Teoireannacha san Fhorléargas ar an laithreán seo.
Go hiondúil cuirtear maoiniú léiriúcháin BSE/IFB ar fáil le linn léiriúcháin de réir sreabhadh airgid atá comhaontaithe. Sula gcuireann sé tús leis an maoiniúchán, ní mór BSÉ/IFB a shásamh go bhfuil gealltanas faighte ó agus conradh déanta leis na soláthróirí maoiniucháin eile ar fad atá ag an léiriúchán, agus go bhfuil dóthain sa mhéid airgeadais atá ar fáil leis an mbuiséad iomlán a chlúdú.
Critéir
Tá fonn ar BSÉ/IFB scannánaíocht faisnéise a thugann léargas ar an saol - an saol atá thart, an saol atá ann anois agus an saol amach anseo - atá an-phearsanta agus ag an am gcéanna atá go huathúil Éireannach. Ina theannta sin, tá BSÉ/IFB meáite ar thalann Éireannach a aimsiú agus a chur chun cinn a bhfuil sé ar a gcumas ábhar neamh-fhicsean a chur i láthair ar bhealach a sharaíonn teangacha agus cultúir, agus a úsáideann teicnící aeistéitiúla agus mothúchánacha na scannánaíochta chun a bhrí a chur in iúl.
Níl ann ach drochsheans go roghnófar scannáin faisnéise atá dírithe go príomha ar lucht féachana Éireannach, nó nach dtairgíonn cur chuige atá cruthaitheach nó úrnua sa chaoi a ndéanann siad cóiriú ar a n-ábhar le haghaidh maoiniúchán BSÉ/IFB. Cé go bhfuil na Treoirlínte i leith Prionsabal agus Critéar ar an láithreán gréasáin seo níos ábhartha do scannánaíocht ficsin, moltar do scannánóirí faisnéise atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB tagairt a dheanamh do na hailt mar gheall ar:
Ní mór d'iarratasóirí na treoirlínte i Prionsabail & Critéir agus aird faoi leith acu ar na hailt maidir le:
- Breisíocht
- Tosaíochtaí Cultúir, Tosaíochtaí Tionscail
- Cineama á Dhéanamh
- Úrnuacht
Agus maoiniú de chineál ar bith á chur ar fáil aige, tugann BSÉ/IFB aird faoi leith ar aon saothar a rinne na daoine cheana a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu, ag cur san áireamh a gcumas cruthaitheach sna meáin chlosamhairc chomh maith lena n-inniúlacht agus lena iontaofacht ghairmiúil.
Cé atá i dteideal Iarratas a Dhéanamh
Tá maoiniú BSÉ/IFB le haghaidh Léiriúchán Scannán Faisnéise ar fáil do léiritheoirí atá ag iarraidh scannán faisnéise a léiriú, a bheadh go hidéalach ar fhad phríomhscannáin agus dírithe ar lucht féachana pictiúrlainne, ar tionscnaíodh é in Éirinn, a mbeadh talann Éireannach i gceannas go cruthaitheach air agus go mbeadh a bhainistíocht phraiticiúil go príomha Éireannach.
Soláthraíonn BSE/IFB maoiniú faoin gclár Léiriúchán Scannán Faisnéise chun scannáin atá iontuigthe ag lucht labhartha Béarla agus Gaeilge a chumasú.
Chun Iarratas a Dhéanamh
Sula ndéanann tú d'iarratas tá sé riachtanach go mbeadh na treoirlínte ar an leathanach seo maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh léite agat, agus aird faoi leith a thabhairt agat ar aon treoir i leith teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh BSÉ/IFB roimh iarratas a dhéanamh.
Sula ndéanann tú d'iarratas ar an gcineál seo maoiniú léiriúcháin, bá chóir teagmháil phearsanta a dhéanamh le duine ó fhoireann léiriúcháin BSÉ/IFB - ceachtar acu, an Príomhfheidmeannach (Simon Perry), nó duine de na Feidhmeannaigh Léiriúcháin (Emma Scott, Alan Maher) - chun stádas an tionscnaimh a phlé, agus le feiceáil an bhfuil sé réidh le breithniú a dhéanamh air.
Ní ghlacfar le hiarratais (i.e. logáilte agus proiséasáilte) gan an réamh-comhrá seo.
Más amhlaidh, tar éis duit staidéar a dhéanamh ar an mhír Conas Iarratas a Dhéanamh, go bhfuil níos mó ceisteanna agat faoin gcineál seo maoiniúcháin ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha BSÉ/IFB, Sarah Dillon.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh:
- Cóiriúiomlán nócur síos mionsonraithe ar ábhar an scannáin
- Cur síos aonlíne (ca. 25 focal)
- Nóta an stiúrthóra maidir le cuspóir cruthaitheach agus cur chuige amhairc
- CVanna na bpríomhaithe ar fad
- Nóta maidir le haon phearsanra cruthaitheach/teicniúil atá ceaptha cheana féin
- Buiséad léiriúcháin, lena n-áirítear an barrleathanach
- Dréactplean/plean táscach airgeadais
- Fianaise i leith úinéireacht chearta i ngach ábhar ábhartha
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
Bord Scannán na hÉireann
Queensgate
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir tagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.
Chun mionchuntas a fháil ar an nós imeachta a úsáidtear chun iarratais a bhreithniú ba chóir duit Nósanna Imeachta:Treoirlínte maidir le Cuspóirí & Cleachtais a léamh ag tagairt ach go háirithe do na pointí in ailt 1-11 sa mhír i dtaobh maoiniúcháin.

