-
Dummy
-
The Night Nurse
-
Loft
Schemes and Applications Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Short Shorts |
Tugann BSÉ/IFB maoiniú do ghearrscannáin tríd scéimeanna éagsúla, agus tá gach scéim acu oscailte roimh iarratais uair sa bhliain. Tugann gach scéim maoiniú iomlán léirithe.
Mar gheall ar Short Shorts
Scéim sean-bhunaithe agus rathúil is ea SHORT SHORTS atá á coimeád ag BSÉ/IFB mar a bhí sí ach le mion-leasaithe. Is féidir le scannáin a dhéantar faoin scéim seo a bheith beoghníomhach nó is féidir leo beochan a úsáid; ba chóir dóibh ‘scéal a insint' ach ní gá dóibh gnáth-mhodhanna scéalaíochta a úsáid.
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo scannánaíocht a spreagadh chun go ndéanfar scannáin a bheidh, ina n-ábhar nó ina stíl, nuálach, gríosaitheach, saintréithiúil, dána nó a théann sa tseans nó a bhriseann rialacha ar bhealach éigin. Is dócha go measfaí maidir le tionscadail a roghnófar iad chun tacaíocht a thabhairt dóibh go mbeadh an cumas iontu go dtaispeánfaí iad i bpictiúrlainn tráchtála mar thionlacan éifeachtach do phríomhscannáin, fiú má bhíonn siad pas beag neamhghnáthach.
Is féidir na scannáin a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge.
I mbliana, is é BIA an téama, bíodh sé más scannán beoghnímh nó beochan atá ann.
Mar théama lárnach inár saolta laethúla, tá gaol ar leith againn uilig leis an mbia, ach níl aon amhras faoi - don gcuid is mó againn, is caidreamh paiseanta grá é. Tá an t-iliomad scannán ann atá bunaithe ar iontaisí an bhia, cur i gcás Babette's Feast, Chocolat, Mystic Pizza agus Waitress. I mbliana, ba mhaith linn go spreagfaidh scannánóirí a lucht féachana lena bhfuil le rá acu faoi BIA.
Tá an spriocdháta d'iarratais le haghaidh 2011 a rith anois.
Paraiméadair na scéime
- Líon scannán: uasmhéid de 7 scannán sa bhliain (féach freisin SHORT SHORTS EXTRA thíos)
- Fad: Idir 3 agus 5 nóiméad
- Buiséad do gach scannán: uasmhéid de €15,000
- Formáid:
- Tionscnamh ar aon fhormáid dhigiteach
- Seachadadh ar digi-beta
- Is féidir maoiniú breise chun costais phriontaí 35mm a chlúdach a chur ar fáil an fhaid is go bhfaigheann an scannán eisiúint bona fide do phictiúrlainn in Éirinn nó má fhaigheann sé cuireadh chuig mórfhéile idirnáisiúnta scannán, faoi réir pé rialúcháin a bheidh i bhfeidhm ag BSÉ/IFB ag an am sin.
*Cuimhnigh go bhfuil an scéim seo le soláthrú ar HD Cam, chomh maith le digi-beta, agus gur chóir na costais a bhaineann leis seo á thabhairt san áireamh i mbuiséad an iarratais.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh
Tá iarratais á n-éileamh ó fhoirne léiritheoir/stiúrthóir idir iadsan a bhfuil taithí acu agus iadsan nach bhfuil taithí acu, faoi réir threoirlínte i leith incháilitheachta mar seo a leanas:
- Léiritheoirí - ní mór dóibh ar a laghad gearrscannán amháin a bheith léirithe acu roimhe seo #
- Stiúrthóirí - ní mór dóibh ar a laghad gearrscannán amháin a bheith stiúrtha acu roimhe seo#
- Scríbhneoirí - ní gá dóibh scannán a bheith scríofa acu cheana
Léiritheoirí, Stiúrthóirí agus Scríbhneoirí - níl aon teorainn leis an líon SHORT SHORTS gur féidir le duine iarratais a chur isteach chun iad a dhéanamh
Níl an scéim oscailte do mhic léinn lánaimseartha
# Scéim atá réasúnta oscailte is ea an scéim SHORT SHORTS maidir leis an tallann nua atá in ann iarratais a dhéanamh. Tá gach seans go nglacfaí leis go raibh aon scannán atá críochnaithe, saothar choláiste san áireamh, incháilithe a dhóthain, ach coimeádann BSÉ/IFB chuige féin an ceart iarratas a dhiúltú i gcás ina raibh saothar a rinneadh cheana ar chaighdeán a bhí sách íseal.
Nós Imeachta
Ba chóir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó láithreán gréasáin BSÉ/IFB, ba chóir iad a chomhlánú ina n-iomlán agus iad a sheoladh - maraon leis na hábhair bhreise ar fad atá á n-iarraidh - chuig ceannáras BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní féidir cur isteach ar mhaoiniú BSÉ/IFB ar facs nó ar líne). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Déanfaidh grúpa meastóirí a cuirfidh BSÉ/IFB le chéile go hinmheánach agus go seachtrach na hiarratais a mheas, agus déanfaidh siad breithniú ar an scríbhneoireacht scripte agus ar an bhfoireann chruthaitheach. Déanfar gearrliosta de thuairim is 10 bhfoireann a chur le chéile agus tabharfar cuireadh dóibh sin freastal ar agallamh.
Gheobhaidh uasmhéid de sheacht bhfoireann dámhachtain agus braithfidh an líon SHORT SHORTS a gheobhaidh maoiniú ar chaighdeán foriomlán na n-iarratas. Ní mór d'fhoirne a roghnófar freastal ar lá faisnéise ionas go mbeidh siad i dteideal an maoiniú a éileamh.
Cearta
Roimhe seo, choinnigh BSÉ/IFB na cearta dáiltí ar feadh cúig bliana agus ceapadh gníomhaire leis na gearrscannáin a dháileadh go hidirnáisiúnta.
Anois, fanfaidh cóipcheart na scannán a dhéantar faoin scéim SHORT SHORTS leis an bhfoireann scannánaíochta. Is féidir leis an bhfoireann an scannán a dháileadh iad féin, nó gníomhaire díolacháin a cheapadh. Mothaíonn BSÉ/IFB go dtabharfaidh seo oiliúint dháilte thábhachtach do scannánóirí, agus go gcuideoidh sé leo caidrimh dhíreacha a chothú leis na dáileoirí.
Cé go bhfuil an polasaí dáilte anois athraithe, fanann polasaí BSÉ/IFB maidir le scannáin SHORT SHORTS a sheoladh chuig féilte idirnáisiúnta mar a bhí.
Baineann an mhéid seo le scannáin a tugadh conradh dóibh i 2010 agus ní athraíonn sé cúrsaí dáilte maidir le scannán ar bith a tugadh conradh dó roimhe sin.
Gnéithe Thábhachtacha na Scéime
Go ginearálta ba chóir go nginfí scannáin SHORT SHORTS ag tallann Éireannach nó ag daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Ba chóir freisin go mbeidh tallann Éireannach nó daoine a bhfuil cónaí orthu in Éireann i gceannas ar chúrsaí cruthaitheacha. Ba chóir go ndéanfaí bainistiú ar léiriú na scannán ó Éirinn chomh maith.
Caithfidh léiritheoirí cearta domhanda gan teorann ama a fháil thar na meáin ar fad do thionscadail a roghnaítear.
Ní ghlacfaí ach le léiritheoir amháin, agus ní thugfaí teideal creidiúna ach do léiritheoir amháin, do thionscadail a roghnaítear.
Beidh na rátaí seo leanas i bhfeidhm ar bhuiséid léiriúcháin aon scannán a dhéantar faoin scéim: - Ráta laethúil don bhfoireann aisteoireachta agus do chriú (mar a aontaítear gach bliain i gcomhar le Grúpa na gCeardchumann Scannán) Meitheamh 2010 - Meitheamh 2011: €120
Beidh cearta faofa ag BSÉ/IFB ar na gnéithe seo a leanas de gach scannán a dhéanfar faoin scéim:
-
- Script Scannánaíochta (agus i gcásanna áirithe is féidir le BSÉ/IFB eagarthóir scripte a cheapadh)
- Roghnú aisteoirí
- Príomh-fhoireann teicniúil
SHORT SHORTS EXTRA
Áiríonn leithdháileadh buiséid BSÉ/IFB don scéim seo acmhainní chomh maith chun maoiniú a dhéanamh ar thrí scannán sa bhreis de 3-5 nóiméad an ceann, a dhámhfar ar bhonn ad hoc le linn na bliana ar scannánóirí nua chun a chur ar a gcumas scannán ‘píolótach' a dhéanamh roimh tabhairt faoina gcéad príomhscannán. Tarlóidh sé sin nuair atá tiomantas i bprionsabal déanta ag Grúpa Tionscadail BSÉ/IFB maoiniú léiriúcháin a thabhairt do thionscadal príomhscannáin, ach go mbíonn siad den tuairim gur chóir go bhfaigheadh an stiúrthóir níos mó taithí (maraon leis an léiritheoir agus/nó leis an scríbhneoir i gcásanna áirithe) agus go mbeadh cumas cruthaithe sula gceadódh BSÉ/IFB a ranníocaíocht do bhuiséad i gcomhair scannáin ar fhad iomlán. .
Beidh scannáin SHORT SHORTS EXTRA faoi réir na srianta céanna maidir le buiséad agus am agus atá SHORT SHORTS rialta ach ní bheidh an iallach orthu cloí leis an tséanra roghnaithe don bhliain sin.

