-
Prey Alone - Short Film
-
An Teanga Runda - Short Film
-
How About You
Schemes and Applications Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Signatures |
Scéim nua do ghearrscannáin is ea ‘SIGNATURES' chun scannáin fhicsin bheoghníomhaíochta a dhéanamh a fheidhmeoidh mar thalamh profa do dhaoine cruthaitheacha in Éirinn gur mian leo scannáin a scríobh, a stiúradh agus a léiriú don phictiúrlann.
Tá sé mar chuspóir ag an scéim scéalaíocht láidir, nuálaíoch a spreagadh, chomh maith le cumas físe agus luachanna léiriúcháin atá oiriúnach don mhórscáileán. Tairgíonn an scéim an deis chomh maith do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí saothrú i gcomhshaol proifisiúnta a thabharfaidh leibhéal breise don taithí atá acu.
Is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla.
Is é an spriocdháta nua ná: an Aoine 9ú Meán Fómhair.
Paraiméadair na Scéime
An líon scannán: uasmhéid de changed to 5 sa bhliain
- Fad: Uasmhéid de 12 nóiméad
- Buiséad do gach scannán: Uasmhéid de €75,000
- Formáid:
- Tionscnamh ar Ardghléine (Hi-Def), S16mm nó 35mm
- Seachadadh ar digi-beta (ach is féidir scannáin ar tionscnaíodh iad ar 35mm a sheachadadh ar 35mm agus digi-beta)
- Is féidir maoiniú breise chun costais phriontaí 35mm a chlúdach a chur ar fáil an fhaid is go bhfaigheann an scannán eisiúint bona fide do phictiúrlainn in Éirinn nó má fhaigheann sé cuireadh chuig mórfhéile idirnáisiúnta scannán, faoi réir rialúcháin a bheidh i bhfeidhm ag BSÉ/IFB ag an am sin.
*Cuimhnigh go bhfuil an scéim seo le soláthrú ar HD Cam, chomh maith le digi-beta, agus gur chóir na costais a bhaineann leis seo á thabhairt san áireamh i mbuiséad an iarratais.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá iarratais á n-éileamh ó fhoirne léiritheora/stiúrthóra/scríbhneora (nuair nach iad an duine céanna iad an léiritheoir agus an stiúrthóir) faoi réir threoirlínte incháilitheachta mar seo a leanas:
- Léiritheoirí - ní mór do léiritheoirí ar a laghad gearrscannán amháin a bheith léirithe acu roimhe seo*
- Stiúrthóirí - ní mór do stiúrthóirí ar a laghad gearrscannán amháin a bheith stiúrtha acu roimhe seo*
- Scríbhneoirí - ní gá dóibh scannán a bheith scríofa acu roimhe seo
Le nach mbeidh aon éiginnteacht ann, caithfear na daoine thuasluaite a shocrú sula dhéantar an t-iarratas.
Stiúrthóirí - is féidir leo níos mó ná scannán SIGNATURES amháin a dhéanamh, ach ní níos mó ná trí chinn, in aon tréimhse deich mbliana
Léiritheoirí agus Scríbhneoirí - níl teorann leis an méid iarratas ar scéim SIGNATURES gur féidir le léiritheoir nó scríbhneoir a dhéanamh
Níl an scéim oscailte do mhic léinn lánaimseartha
* Ní scéim lán-oscailte í ‘SIGNATURES' maidir leis an tallann atá sí ag iarraidh a mhealladh: Dearadh an scéim chun a chur ar chumas léiritheoirí agus stiúrthóirí a bhfuil modhanna cruthaitheacha nua acu, ach a bhfuil méid áirithe taithí proifisiúnta acu chomh maith, gearrscannáin bheochana a dhéanamh.
Dá réir sin, ní mheasfar go mbeadh gearrscannán a rinneadh mar chuid de shaothar choláiste incháilithe, cé go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh scannán céime incháilithe dá mba rud é gur taispeánadh é go forleathan ag féilte.
Nós Imeachta
Ba chóir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó láithreán gréasáin BSÉ/IFB, ba chóir iad a chomhlánú ina n-iomlán agus iad a sheoladh - maraon leis na hábhair bhreise ar fad atá á n-iarraidh - chuig ceannáras BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní féidir cur isteach ar mhaoiniú BSÉ/IFB ar facs nó ar líne). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Déanfaidh grúpa meastóirí a cuirfidh BSÉ/IFB le chéile go hinmheánach agus go seachtrach na hiarratais a mheas, agus déanfaidh siad breithniú ar an scríbhneoireacht scripte agus ar an bhfoireann chruthaitheach. Cuirfear gearrliosta le chéile de thuairim is 10 bhfoireann agus tabharfar cuireadh dóibh sin freastal ar agallamh.
Tabharfar dámhachtain d'uasmhéid de 5 fhoireann. Braithfidh líon na scannán ‘SIGNATURES' a gheobhaidh maoiniú ar chaighdeán foriomlán na n-iarratas.
Ní mór d'fhoirne a roghnaítear iad freastal ar lá faisnéise ionas go mbeidh siad i dteideal a gcuid maoiniú a éileamh.
Cearta
Roimhe seo, choinnigh BSÉ/IFB na cearta dáiltí ar feadh cúig bliana agus ceapadh gníomhaire leis na gearrscannáin a dháileadh go hidirnáisiúnta.
Anois, fanfaidh cóipcheart na scannán a dhéantar faoin scéim SIGNATURES leis an bhfoireann scannánaíochta. Is féidir leis an bhfoireann an scannán a dháileadh iad féin, nó gníomhaire díolacháin a cheapadh. Mothaíonn BSÉ/IFB go dtabharfaidh seo oiliúint dháilte thábhachtach do scannánóirí, agus go gcuideoidh sé leo caidrimh dhíreacha a chothú leis na dáileoirí.
Cé go bhfuil an polasaí dáilte anois athraithe, fanann polasaí BSÉ/IFB maidir le scannáin Signatures a sheoladh chuig féilte idirnáisiúnta mar a bhí.
Baineann an mhéid seo le scannáin a tugadh conradh dóibh i 2010 agus ní athraíonn sé cúrsaí dáilte maidir le scannán ar bith a tugadh conradh dó roimhe sin.
Gnéithe Thábhachtacha na Scéime
Go ginearálta ba chóir go nginfí scannáin SIGNATURES ag tallann Éireannach nó ag daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Ba chóir freisin go mbeidh tallann Éireannach nó daoine a bhfuil cónaí orthu in Éireann i gceannas ar chúrsaí cruthaitheacha. Ba chóir go ndéanfaí bainistiú ar léiriú na scannán ó Éirinn chomh maith.
Caithfidh léiritheoirí cearta domhanda gan teorann ama a fháil thar na meáin ar fad do thionscadail a roghnaítear.
Ní ghlacfaí ach le léiritheoir amháin, agus ní thugfaí teideal creidiúna ach do léiritheoir amháin, do thionscadail a roghnaítear.
Bainfidh na rátaí seo a leanas le buiséid léiriúcháin na scannán ar fad a dhéantar iad faoin scéim:
- Léiritheoir: €2,000
- Stiúrthóir: €2,000
- Scríbhneoir: €1,300
- Scríbhneoir-Stiúrthóir: €3,000
- Ráta laethúil don bhfoireann aisteoirí agus don fhoireann theicniúil (mar a aontaítear é in aghaidh na bliana le Grúpa Ceardchumainn na Scannán) Meitheamh 2010 - Meitheamh 2011 €115 €120
- Árachas: 1.2% den bhuiséad
- Ciste Teagmhais: 5% den bhuiséad
Beidh cearta faofa ag BSÉ/IFB ar na gnéithe seo a leanas de gach scannán a dhéantar faoin scéim:
- Script scannánaíochta (agus d'fhéadfadh BSÉ/IFB eagarthóir scripte a cheapadh i gcásanna áirithe)
- Roghnú Aisteoirí
- Príomh-fhoireann theicniúil

