Production and Development Co-ordinator
As Gaeilge / Cláir Mhaoiniúcháin /Tacaíocht Réigiúnda |
Maoiniú forlíontach a fheidhmeoidh mar spreagadh d'fhormhór na gcineál scannán ficsin agus léiriúchán teilifíse a fhaigheann maoiniúchán cheana féin ó BSÉ/IFB (seachas Gearrscannáin nó scannáin sa dTionscadal Catalyst, agus scannáin bheochana) scannánaíocht a dhéanamh lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath-Chill Mhantáin i bpoblacht na hÉireann. , trí chuidiú le costais áitiúla a tharraingtear air.
TABHAIR FAOI DEARA: Tá dearcadh nua i gceist ag BSÉ/IFB maidir leis an gcineál maoiniú seo, agus tá athbhreithniú suntasach déanta ar na treoirlínte ó 1ú Márta 2010.
Maidir leis an Maoiniúchán
Níl maoiniú faoi Tacaíocht Réigiúnda ar fáil ach do thionscadail a bhfuil gealltanas acu cheana féin ar mhaoiniú léiriúcháin ó BSÉ/IFB, agus cuirtear leis an maoiniúchán sin é i dtaobh forchúitimh do BSÉ/IFB agus chun teidlíocht BSÉ/IFB ar sciar den bhrabús glan a ríomh.
I gcás tionscadal a bhfuil gealltanas acu le haghaidh maoiniú do Léiriúchán Éireannach nó maoiniúchán do Chomhléiriúchán Cruthaitheach, tá teacht go huathoibríoch ar an maoiniúchán le haghaidh Tacaíocht Réigiúnda. I gcás tionscadal a bhfuil gealltanas acu i dtaobh maoiniúcháin do Léiriúchán Idirnáisiúnta, tá teacht ar mhaoiniúchán Tacaíocht Réigiúnda lánroghnach agus faoi réir faomhadh ar bhonn cás ar chás.
Bronntar anois maoiniú Tacaíocht Réigiúnda mar mhéid socraithe do gach lá príomhscannánú a tharlaíonn i gceantair réigiúnda, in ionad a bheith bunaithe ar an mhéid airgid a chaitear sa cheantar réigiúnda. Is é an méid a bhronntar gach lá ná €7,500.
Is é €120,00 an méid is mó anois gur féidir le tionscnamh amháin a fháíl ó mhaoiniú Tacaíocht Réigiúnda, agus ní thig leis a bheith níos mó ná 20% de mhaoiniú léiriúcháin a bhronnann BSÉ/IFB ar an dtionscnamh sin.
Go hiondúil cuirtear maoiniú Tacaíocht Réigiúnda ar fáil le linn an tréimhse léiriúcháin mar shreabhadh airgid ina dtugtar 90% nuair a chríochnaíonn príomhscannánú sa cheantar réigiúnda, agus 10% nuair a fhaigheann BSÉ/IFB eolas sonrach maidir le caiteachas réigiúnda an tionscnaimh agus eilimintí phraicticiúla eile dá chuid scannánú réigiúnda.
Critéir
Ní mór do léiritheoirí scannán agus drámaí teilifíse a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar Thacaíocht Réigiunda a thaispeáint: |
(i) go mbeidh ar a laghad 25% de laethanta príomh-scannánaíochta le déanamh i bPoblacht na hÉireann i gcontaetha eile na Poblachta seachas Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin; agus
(ii) go bhfuil tairiscint shonraithe maoiniú léiriúcháin faighte ag an tionscnamh ó BSÉ agus go bhfuil sé ar tí a bhuiséad ar fad a fháíl.
I gcás go bhfuil breithniú á dhéanamh ar mhaoiniúchán Tacaíochta Réigiúnda, ba chóir aird a thabhairt ar theorainneacha BSÉ/IFB maidir le maoiniú léiriúcháin i dtaobh an uaschéatadáin de bhuiséad gur féidir leis a sholáthar. Ní féidir leis an móriomlán infheistíochta a dhéanann BSE/IFB i dtionscadal, lena n-áirítear maoiniú Tacaíochta Réigiúnda, na céatadáin atá leagtha síos a shárú. Mínítear an méid sin go sonrach i rannóg Forbhreathnú an láithreán greasáin seo: Rialacháin & Teorainneacha, alt 4.
Moltar d'iarratasóirí na treoirlínte atá ar fáil ar an leathanach seo a íoslódáil agus iad a léamah, ionas go mbeidh tuiscint iomlán acu ar na critéir athbhreithnithe agus ar dhualgais léiritheoirí maidir le maoiniú Tacaíocht Réigiúnda sula dhéantar iarratas, agus má tharlaíonn sé go bronnfar an maoiniú.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh
Tá maoiniúchán BSÉ/IFB le haghaidh Tacaíocht Réigiúnda ar fáil do léiritheoirí ag a bhfuil tionscadal beoghníomhaíochta, scannán ficsin nó tionscadal teilifíse acu a fuair gealltanas cheana féin ar mhaoiniú léiriúcháin ó BSÉ/IFB (bíonn faomhadh cás ar chás de dhíth ar leiritheoirí tionscadal a bhfuil Maoiniúchán Idirnáisiúnta á fháil acu) agus nach bhfuil neamh-incháilithe de bharr gur Gearrscánnán nó scannán Tionscadal Catalyst atá i gceist, nó toisc go sáródh infheistíocht fhoriomlán BSÉ/IFB a chuid teorainneacha reachtúla dá ndéanfaí mhaoiniúchán Tacaíochta Réigiúnda a dhámhadh.
Is féidir scannáin a maoinítear iad faoin scéim seo a dhéanamh in aon teanga.
Agus Iarratas á Dhéanamh
Sula ndéanann tú iarratas ar an gcineál seo maoiniú léiriúcháin, ba chóir teagmháil phearsanta a dhéanamh leis an Leas-choimisinéir Scannán (Mags O'Sullivan) chun staid an tionscadail agus cé chomh réidh is atá sé lena bhreithniú a phlé. Ní ghlacfar le hiarratas (i.e.ní dhéanfar é a chlárú agus a phróiseáil) muna bhfuil an plé sin déanta.
Chun iarratas a dhéanamh ní mór an fhoirm iarratais a íoslódáil ón leathanach seo, ní mór í a chomhlánú go hiomlán, agus í a sheoladh - i dteannta na n-ábhar breise ar fad a éilíodh - chuig príomhoifig BSÉ/IFB i nGaillimh. (Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar faics nó ar líne ar mhaoiniúchán BSÉ/IFB). Ní dhéanfar próiseáil ar iarratais neamhiomlána.
Is iad seo a leanas na hábhair bhreise nach mór iad a bheith san áireamh:
- Script Scannáin (agus a dháta)
- Sceideal scannánaíochta
- Liosta de na suímh réigiúnda atá á moladh lena n-áirítear sonraí teagmhála
- Liosta den bhfoireann aisteoirí, criú agus oiliúnaithe áitiúla atá le fostú lena n-áirítear a gcuid sonraí teagmhála
- Liosta na bhfoghlaimeoirí áitiúla atá le fostú, araon lena sonraí teagmhála
Ba chóir iarratais a sheachadadh tríd an post, le teachtaire nó go pearsanta chuig:
Comhordaitheoir Scéimeanna & Iarratas
Bord Scannán na hÉireann / the Irish Film Board
Queensgate
23 Bóthar na Duganna
Gaillimh
Tar éis dúinn iarratas a fháil, seolfar litir admhála chuig na hiarratasóirí ina mbeidh uimhir tagartha ar chóir é sin a choimeád lena úsáid ar gach comhfhreagras ina dhiaidh sin.
De réir an chleachtais reatha, breithneofar iarratais a fhaightear iad i nGaillimh roimh an lá deireanach gnó d'aon mhí fhéilire ag dreas cinnteoireachta a tharlaíonn ag am nach faide é ná ocht seachtain níos déanaí ná sin. Cuirfear na cinntí in iúl d'iarratasóirí i litir díreach ina dhiaidh sin.

