As Gaeilge / An Tionscal Scannan /

Mar Gheall ar an Tionscal Scannán in Éirinn

Tá fás mór tagtha ar thionscal scannán na hÉireann le deich mbliana anuas, agus mar a deireadh san iris ‘Variety' le déanaí

".. the industry is now achieving critical mass of filmmaking talent to match the kind of influence, disproportionate to its small size, that it has always enjoyed in the fields of literature and theatre. Following in the footsteps of Sheridan and Jordan comes a generation that includes such directors as Lenny Abrahamson, Conor McPherson, John Crowley, Martin McDonagh, John Carney, Kirsten Sheridan, Lance Daly, Paddy Breathnach and Damien O'Donnell and writers such as Mark O'Rowe, Enda Walsh and Mark O'Halloran."

Meastar go bhfuil luach breis agus €550 million ar an earnáil léiriú chlosamhairc in Éireann, agus go bhfuil breis agus 6,000 duine fostaithe ann. Tá breis agus 560 fiontar beag nó mean-fhiontar san earnáil, agus sin sula ghlactar san áireamh an luach breise a chuireann an tionscal le gnó na turasóireachta.

Tá aird á tharraingt ag scannáin Éireannacha go hidirnáisiúnta sna blianta beaga anuas, le beagnach gach mór-duais idirnáisiúnta buaite acu, mar shampla Academy Awards® (An t-Amhrán is Fearr, do Once, An Gearrscannán is Fearr, do Six Shooter), an Palm D'Or ag Cannes (The Wind That Shakes The Barley), an Golden Bear i mBerlin (Bloody Sunday) agus an Golden Lion sa Veinéis (The Magdalene Sisters). Bhain Once Duais an Scannáin Eachtraigh is Fearr amach ag na Independent Spirit Awards agus thóg Garage Duais CICAE abhaile ó Fhéile Scannán Cannes i 2007.

Tá aithint a chur ar thallann Éireannach go hidirnáisiúnta chomh maith, le duaiseanna a fháil ag aisteoirí agus ag criú i roinnt de na searmanais dhuaiseanna idirnáisiúnta is mó le rá, mar shampla na Golden Globes (Colin Farrell, Gabriel Byrne, Jonathan Rhys Meyers), na Emmys (Brendan Gleeson, Dearbhla Walsh, Joan Bergin) na BAFTAs (Lorraine Glynn, Morna Ferguson), Féile Scannán Tribeca (Eileen Walsh, Ciaran Hynes), Cartoon Movie (Tomm Moore, Cartoon Saloon) agus na Evening Standard British Film Awards (Michael Fassbender, Seamus McGarvey). 

Pairtnéir chomhléiriúcháin iontach í Éire do léiriúcháin Eorpacha agus léiriúcháin idirnáisiúnta, le spreagthaí airgeadais fairsinge ann do scannán agus do theilifís, áiseanna den scoth, suíomhanna galanta, agus aisteoirí agus criú a bhfuil gradaim buaite acu ar fáil. Mar gheall ar an bhfeabhas atá tagtha ar scéim dhreasacht chánach Alt 481 do léiriú scannán agus cláracha teilfíse, tá Éire anois ar ardán níos fearr mar shuíomh scannáin. Tá méadú tagtha ar chaiteachas cháilitheach cheadaithe d'aon scannán ar leith, ó €35 milliún go €50 milliún, agus is féidir le tionscnaimh sochar a bhaint as an dtionscnamh suas go 28% dá gcaiteachas Éireannach.

Thar an 20 bliain seo caite bhí Éire ina suíomh scannáin do líon áirithe léiriúcháin rathúla idirnáisiúnta, mar shampla  Braveheart, Saving Private Ryan, Michael Collins agus níos déanaí Harry Potter, PS I Love You, Becoming Jane agus Leap Year.  Tá na híomhánna seo a léirítear sna snannáin le feiceáil ar fud na cruinne, agus is toisc mhór iad i dteacht turasaóirí go hÉirinn. Chun níos mó a fhoghlaim faoin tionscal, is féidir breathnú tríd ár láithreáin gréasáin, ar a bhfaighfidh tú eolas ar scannán a tugadh maoiniú BSÉ dóibh, ar scéim dhreaseach chánach na hÉireann Alt 481, ar thuairiscí tionscail, ar chuideachta léiriúcháin Éireannacha, ar chriú Éireannach agus ar ghildeanna, araon le sonraíocht ar chláracha maoiniúcháin BSÉ.
Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Bearla / Learscáil an tsuímh