As Gaeilge / Mar gheall ar BSÉ /

Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise - Céard a chiallaíonn sé?  
Cuireadh An t-Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) i bhfeidhm do Ranna Rialtais agus do ghníomhaireachtaí eile san earnáil phoiblí ar an 21ú Aibreán 1998. Tháinig Bord Scannán na hÉireann faoi réim an Achta i Meitheamh 2002.   

Bunaíonn an t-Acht um Shaoráil Faisnéise trí cheart reachtúil nua: 

  • 1. Ceart de réir an dlí do gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá ina seilbh ag comhlachtaí poiblí.
  • 2. Ceart de réir an dlí do gach duine go ndéanfaí leasú ar fhaisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin san áit a mbíonn sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
  • 3. Ceart de réir an dlí na cúiseanna a fháil i leith cinntí a bhaineann leis an duine féin (ní bhaineann sé sin ach le cinntí a glacadh nuair nó tar éis do Bhord Scannán na hÉireann teacht faoi réim an Achta).

Deimhníonn an tAcht an ceart atá ag baill den phobal, a mhéid agus is féidir comhsheasmhach le leas an phobail agus an ceart atá ag daoine aonair dá bpríobháideachas, teacht a bheith acu ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh Bhord Scannán na hÉireann. 

Dearadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise chun rochtain phoiblí a cheadú ar fhaisnéis atá ina seilbh ag comhlachtaí poiblí nach bhfuil ar fáil ar an ngnáth-shlí trí fhoinsí eile. Tá rochtain ar fhaisnéis de réir an Achta faoi réir dhíolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta agus teorainneacha ama sonracha i gceist.

Cén fhaisnéis an féidir a éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

De réir an Acht um Shaoráil Faisnéise, tá'n ceart ag éinne rochtain a iarraidh ar fhaisnéis nach mbeadh ar fáil go poiblí ar aon slí eile. Tá'n ceart ag gach duine:    

  • rochtain a fháil ar thaifid atá ina seilbh ag Bord Scannán na hÉireann
  • faisnéis phearsanta a bhaineann leis an duine féin atá ina sheilbh ag Bord Scannán na hÉireann a cheartú san áit a mbíonn sé míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
  • rochtain a fháil ar na fáthanna go ndearna Bord Scannán na hÉireann cinneadh a bhaineann go díreach leis an duine féin.

Tagann na taifid seo a leanas laistigh de raon an Achta: 

  • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá ina sheilbh ag Bord Scannan na hÉireann, is cuma cathain ar cruthaíodh é
  • na taifid eile ar fad a cruthaíodh tar éis an dáta a tháinig an tAcht i bhfeidhm, 21ú Aibreán 1998
  • aon taifid eile atá riachtanach chun taifead reatha a thuiscint

tá dualgas ar Bhord Scannán na hÉireann freagairt a thabhairt ar an iarratas laistigh de cheithre sheachtain.

Agus Iarratas á Dhéanamh 

Ní mór an t-iarratas a bheith i scríbhinn agus ba chóir a chur in iúl go bhfuil an fhaisnéis á lorg de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise. Más le ríomhphost atá an t-iarratas á aighniú, d'fhéadfaí go n-éileofaí cruthúnas aitheantais. Má bhíonn an fhaisnéis de dhíth i bhfoirm áirithe - e.g. fótachóip nó diosca ríomhaire - ba chóir é sin a lua san iarratas. Ba chóir an oiread mionsonraí agus is féidir a thabhairt chun cabhrú le foireann Bhord Scannán na hÉireann an taifead a aithint. Má bhíonn deacracht ann na taifid bheachta atá á n-éileamh a aithint, beidh an t-Oifigeach FOI lánsásta cabhair a thabhairt leis an iarratas a ullmhú.   

Ba chóir iarratais ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig:
Louise Ryan
Oifigeach FOI
Bord Scannán na hÉireann, Geata na Banríona, 23 Br. na nDuganna, Gaillimh, Éire
Teil: + 353 91 561398 Facs: + 353 91 561405
R-phost: info@filmboard.ie   

Cinntí i leith Faisnéise: An Ceart Athbhreithniú agus Achomharc a Lorg
Leagann an t-Acht amach sraith dhíolúintí chun faisnéis íogair a chosaint san áit a d'fhéadfadh a nochtadh damáiste a dhéanamh do mhór-leasa Stáit nó do thríú pháirtithe. Nuair a luann an Bord na forálacha sin chun faisnéis a choinneáil siar, is féidir achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh sin. D'fhéadfadh cinntí maidir le rochtain a chur siar, muirir, cineálacha rochtana srl. a bheith ina n-ábhair achomhairc freisin. Is mar seo a leanas atá na sonraí maidir leis na meicníochtaí achomhairc:  

An bhfuil an chéad chinneadh críochnaitheach?
Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a dhéanfaidh ball sinsearach den bhfoireann a éileamh ar an gcéad chinneadh más rud é: 

a) go bhfuil tú míshásta leis an gcéad thoradh a fhaigheann tú i.e. faisnéis a dhiúltu, an cineál rochtana, muirir, srl.

b) muna bhfuil freagra faighte agat laistigh de cheithre sheachtain ó chuir tú isteach do chéad iarratas. Meastar gur diúltú ar d'iarratas é sin agus ligeann sé duit dul ar aghaidh le hathbhreithniú inmheánach. 

Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a mharcáil ‘Athbhreithniú FOI' agus ní mór iad a sheoladh i scríbhinn chuig:

Simon Perry
Príomhfheidhmeannach
Bord Scannán na hÉireann, Geata na Banríona, 23 Br. na nDuganna, Gaillimh, Éire
Teil: + 353 91 561398 Facs: + 353 91 561405
R-phost: info@filmboard.ie

Ní mór iarratas den chineál sin ar athbhreithniú inmheánach a aighniú laistigh de cheithre sheachtain ón gcéad chinneadh. Ní mór do Bhord Scannán na hÉireann an t-athbhreithniú a chríochnú laistigh de thrí sheachtain. Go hiondúil, ní mór an t-athbhreithniú inmheánach a bheith curtha i gcrích sular féidir achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise.  

Cén chaoi a ndéantar achomharc leis an gCoimisinéir Faisnéise? 
Tar éis don athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a éileamh ón gCoimisinéir Faisnéise. Freisin, muna bhfuil freagra faighte agat ar d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí sheachtain, meastar gur diúltú atá i gceist ansin agus is féidir leat achomharc ar an gceist a dhéanamh leis an gCoimisinéir.   

Is féidir achomhairc i scríbhinn a dheanamh go díreach leis an gCoimisinéir Faisnéise ag an tseoladh seo a leanas: 
Oifig an Choimisinéir Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2  
Teil: +353 1 6785222 Facs: +353 1 6610570
R-phost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie

Cé mhéid a chosnaíonn sé iarratas a dhéanamh? 
Baineann na muirir seo a leanas maidir le hiarratais ar thaifid a dhéantar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Más i gcomhair taifid ina bhfuil faisnéis neamh-phearsanta, ní mór taílle iarratais de €15 (€10 sa chás gur sealbhóir chárta leighis tú) a bheith in éineacht leis an iarratas. Más i gcomhair faisnéise phearsanta atá an t-iarratas ní bheidh aon táille i gceist. Is é €75 an táille i gcomhair athbhreithnithe inmheánaigh nuair nach faisnéis phearsanta atá i gceist.  

Táillí Chuardaigh agus Aisghabhála agus Táillí Cóipeála
Tá táillí i gceist chomh maith i leith an ama a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead a scaoiltear amach chugat iad de bhun iarratais agus maidir le cóipeáil a dhéanamh ar aon taifid a scaoiltear amach iad. Ní dócha go mbeidh táillí den chineál sin i gceist más i gcomhair faisnéise phearsanta atá an t-iarratas. Is mar seo a leanas atá rátaí na dtáillí sin:   

  • €20.95 san uair - cuardach agus aisghabháil
  • €0.04 an bhilleog ar fhótachóip
  • €0.51 le haghaidh diosca ríomhaire 3 órlach go leith
  • €10.16 le haghaidh CD-ROM ina bhfuil cóipeanna de dhoiciméid
  • €6.35 le haghaidh radagraif (X-gathú) ina bhfuil cóipeanna de dhoiciméid

D'fhéadfadh go mbeadh éarlais le híoc nuair is dócha gur níos mó ná €51 a bheidh ar an dtáille iomlán. Sa chás sin, cabhróidh Bord Scannán na hÉireann, má iarrtar air, leis an duine den phobal an t-iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó a chealú.  

Is féidir muirir a chur i leataobh sna cúinsí seo a leanas:  

  • Nuair a chosnóidh sé níos mó ná méid an táille féin an táille sin a bhailiú agus cuntasaíocht a dhéanamh air (úsáidtear treoir de níos lú ná €10 sa chás sin);
  • I gcás go mbeadh an fhaisnéis insan taifead ina chabhair faoi leith chun ceist a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis a thuiscint.

Baineann muirear leis an gcuid is mó d'athbhreithnithe inmheánacha agus neamhspleácha (Coimisinéir Faisnéise) maidir le rochtain a fháil ar thaifid nach taifid phearsanta iad. Tá laghdú dóibh sin a bhfuil cártaí leighis acu. Cuirfear an comhlacht poiblí ábhartha na muirir sin in iúl ag an am cuí.

Baile / Teagmháil / Priontáil an leathanach seo / As Bearla / Learscáil an tsuímh