Focus Shorts - Gaeilge

Is scéim scannáin í Fócas ar Ghearrscannáin a bhaineann le cruthú gearrscannáin bheo-aicsean fhicsean.

Faoi Focus Shorts

Is scéim ghearrscannán í  Focus Shorts chun scannáin fhicsin bheoghnímh a dhéanamh, a bheas mar thalamh profa do dhaoine cruthaitheacha in Éirinn ar mian leo scannáin don phictiúrlann a scríobh, a stiúradh agus a léiriú.

Tá sé mar chuspóir ag an scéim scéalaíocht láidir, nuálaíoch a spreagadh, chomh maith le cumas físe agus luachanna léiriúcháin atá oiriúnach don mhórscáileán a chur chun cinn. Tairgíonn an scéim seo an deis do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí obair a dhéanamh i gcomhshaol proifisiúnta a thabharfaidh leibhéal breise don taithí atá acu, agus is cosúil go mbeidh siad céim chun tosaigh más mian leo dul i mbun fadscannánaíochta amach anseo.

Is féidir le gearrscannáin Focus Shorts a bheith suas le deich nóiméad ar fhad agus le huasmhéid buiséid de €50k acu.

Is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. (Más i nGaeilge atá an scannán ní mór fotheidil a bheith ann fá choinne féilte agus díolacháin ar fud an domhain).

Tá an spriocdháta 2017 dúnta anois.

Dúnfar an córas ar líne go huathoibríoch agus láithreach ar 1i.n. ar an lá seo, agus mar sin ba chóir duit d'iarratas a líonadh agus a sheoladh tamall maith roimh an spriocdháta mar ní ghlacfar le hiarratais ina dhiaidh seo ar ríomhphost nó ar aon bhealach eile.

 Paraiméadair na Scéime 

-  Líon scannán:                       Uasmhéid de 4 sa bhliain  

   -  Fad:                                    Uasmhéid de 10 nóiméad 

   -  Buiséad do gach scannán:*    Uasmhéid de €50,000 

   -  Seachadadh:                        DCP, Prores, BluRay

*Ba chóir go dtógfaí costais sheachadta (de réir na riachtanas thuasluaite) agus costais fhotheideal san áireamh i mbuiséad an iarratais, más ann dóibh.