Maidir Leis an Maoiniúchán
Tá an maoiniú seo ar fáil do shraitheanna teilifíse beoite ar chuir Éireannaigh ardtallainne tús leo agus a bhfuil Éireannaigh chruthaitheacha ardtallainne - stiúrthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, beochantóirí - i gceannas orthu. Go hiondúil (ach ní i gcónaí), tabharfaidh an t-ábhar léargas éigin ar chultúr na hÉireann, agus beidh an bhainistíocht phraiticiúil ar siúl ag Éireannaigh don chuid is mó.
Go hiondúil (ach ní i gcónaí), cuirtear maoiniú ar fáil ag BSÉ/IFB faoin scéim seo do thionscadail atá as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.
De bharr an mhéadaithe i líon agus i gcaighdeán saothair bheochana in Éirinn le blianta beaga anuas, tá na caighdeáin sa réimse seo tar éis ardú agus tá an earnáil an-iomaitheach ar fad. Ina theannta sin, i réimse gnó ar léir go bhfuil ag éirí go hana-mhaith leis, ba chóir go mbeadh léiritheoirí a chuireann iarratas isteach chuig BSÉ/IFB le haghaidh tionscadal beochana in ann cás láidir a dhéanamh le cruthú go bhfuil tacaíocht BSÉ/IFB de dhíth orthu.
Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá maoiniú BSÉ/IFB do Léiriú Beochana (TV) ar fáil do léiritheoirí Éireannacha le clár beoite singil nó sraith bheoite theilifíse ar mian leo a léiriú, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán más gá, agus le haontú socraithe idir an script-scríbhneoir, an stiúrthóir agus an phríomhbheochantóir.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne BSÉ/IFB.
Caithfear aontú a fháil ó Bhainisteoir Tionscadail BSÉ/IFB sula dhéantar iarratas.
Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.