Short Stories

Faoi Short Stories

Tugann Short Stories cuireadh do scannánóirí a samhlaíocht, a scéalaíocht cruthaitheach agus a gcumas físe a úsáid chun lucht féachana a spreagadh le gearrscannáin atá ionspioráideach agus siamsiúil fiú. Ba mhaith linn leis an mbabhta is déanaí seo de Short Stories go n-amharcfaidh scannánóirí ar an téama 'Íola'.

Níl teorann leis an treoir - smaoinigí ar Íola, Íomha, Samhail, Dia, Dia Bréige, Dealbh, Figiúr, Feitis, nó smaoinigí ar Duine nó Rud a bhfuil meas ag daoine air, grá acu dó, nó a thugann daoine urraim dó, cur i gcás Laoch, Banlaoch, Duine Cáiliúil nó Sár-Réalta. Níl deireadh ar bith leis an liosta ná leis na féideartheachtaí.

Is scannáin bheoghnímh nó fhicsean bheochana iad Short Stories atá idir 2-5 nóiméad ar fhad agus agus beidh buiséad €20k leo.

Is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Más i nGaeilge atá an scannán ní mór fotheidil a bheith ann fá choinne féilte agus díolacháin ar fud an domhain.

Tá an spriocdháta 2017 dúnta anois.

Dúnfar an córas ar líne go huathoibríoch agus láithreach ar 1i.n. ar an lá seo, agus mar sin ba chóir duit d'iarratas a líonadh agus a sheoladh tamall maith roimh an spriocdháta mar ní ghlacfar le hiarratais ina dhiaidh seo ar ríomhphost nó ar aon bhealach eile.

Paraiméadair na Scéime 

-  Líon scannán:                       Uasmhéid de 6 sa bhliain  

-  Fad:                                    Uasmhéid de 2-5 nóiméad 

-  Buiséad do gach scannán:*    Uasmhéid de €20,000

-  Seachadadh:                           DCP, Prores, BluRay

*Ba chóir go dtógfaí costais sheachadta (de réir na riachtanas thuasluaite) agus costais fhotheideal san áireamh i mbuiséad an iarratais, más ann dóibh.