Na Cloigne

Na Cloigne

Is scannán corraitheach osnádúrtha é Na Cloigne. Insíonn sé scéal na lanúna óga Seán agus Nuala, a fhaigheann siad féin ceangailte le dúnmharú gruama beirt bhan óg.Is péintéir don scoth í Nuala. Tugann a cumas ealaíne tuiscint fho-chomhfhiosach di ar an Domhan Osnádúrtha. Oíche amháin ar an drabhlás, tógann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile leis ón dteach tabhairne le haghaidh 'deoch an dorais'. Dúisítear Nuala leis an torann, agus tosaíonn argóint mhór eatarthu. Ansin, imíonn sí léi sa ghluaisteán, amach sa dorchadas, agus í ar buile leis an éad.Músclaíonn Seán an mhaidin dár gcionn. Tá a chuid éadaí clúdaithe le fuil, agus gan cuimhne aige ar an méid a tharla an oíche roimh-ré. Thar an trí lá ina dhiaidh, cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharú. Tá Seán á chrá ag físeanna de bheirt fhear dorcha, gan fios aige cé atá marbh, nó conas atá seisean ag croílár an scéil.NA CLOIGNE (The Heads) is a supernatural thriller, which tells the story of a young couple, Seán and Nuala, who become caught up in the horrible and gruesome murders of two young women. Nuala is a gifted painter whose artistic abilities subconsciously attune her to the Otherworld. One drunken night Seán brings two attractive young women home for a nightcap after the pub. Nuala is awakened by their revelry and, after a raging row, drives off into the night in a state of jealous fury. Seán wakes up the following morning with his clothes soaked in blood and no recollection of what happened the night before. As the story unfolds over the next three days an extensive murder investigation begins. Meanwhile Seán is haunted by visions of dark men, unaware of who is dead and how he is involved.

Contact

Comhlacht LÉirÍuchÁin/Production Company:

  • ROSG
  • tel: +353 91 553 951
  • email: eolas@rosg.ie