Tugann Athoscailt an Chiste Idirnáisiúnta Treisiú €750k do Thionscal Scannán na hÉireann
Tá athoscailt an Chiste Idirnáisiúnta Um Léiriúcháin fógraithe inniu ag Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB), chun cabhrú le léiritheoirí Éireannacha mórthionscnaimh idirnáisiúnta scannáin agus theilifíse a mhealladh go hÉireann lena gcuid léiriúcháin a dhéanamh anseo. Is fiú €750,000 an ciste don tréimhse atá fágtha de 2011.
I measc na dtionscnamh móra a scannánaíodh in Éirinn cheana mar gheall ar an gciste tá THE TUDORS, sraith a bhfuil gradaim bronnta uirthi, le Jonathan Rhys Meyers (Match Point), BECOMING JANE le James McAvoy (X Men: First Class) agus Anne Hathaway (One Day), MY BOY JACK le Daniel Radcliffe (Harry Potter) agus Kim Cattrall (Sex and the City) agus CRACKS le Eva Green (Camelot). I measc sraitheanna theilifíse na Ríochta Aontaithe a lonnaíodh in Éirinn mar gheall ar an gciste tá MURPHY'S LAW, GEORGE GENTLY agus THE OLD CURIOSITY SHOP.
Tá sé mar aidhm ag an gciste tairbhí a chruthú do gheilleagar na hÉireann mar thoradh ar infheistíocht BSÉ/IFB, le béim á cur ar fhostaíocht phearsanra ard-cháilithe na hÉireann os comhair agus taobh thiar den gceamara, agus ar ard-léibhéil chaiteachais ar áiseanna agus ar sheirbhísí Éireannacha.
Deir James Hickey, Príomhfheidhmeannach BSÉ/IFB: "Cabhróidh an ciste seo, araon leis an dreasacht chánach Éireannach, Alt 481, agus lenár gcomhlachtaí léiriúcháin Éireannacha atá den gcéad scoth, pacáiste láidir a chur le chéile a chuirfidh Éire chun cinn mar shuíomh do léiriúcháin scannán agus theilifíse, agus le bheith mar spreagadh chun foireann Éireannach a fhostú, idir fhoireann aisteoireachta agus chriú. Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair le
léiritheoirí Éireannacha chun mórthionscnaimh nua a roghnú, bunaithe ar na critéir a foilsíodh inniu, agus le bheith ag obair leo chun na tionscnaimh seo a thógáil go hÉireann."
San am a chuaigh thart, chruthaigh an ciste deiseanna tábhachtacha d'fhoireann isteoireachta agus scannánaíochta Éireannacha, agus chur sé go mór leis an gcáil idirnáisiúnta den scoth atá acu. Bhí baint ag triúr stiúrthóir Éireannach, Ciaran Donnelly, Brian Kirk agus Dearbhla Walsh, chomh maith le neart aisteoirí Éireannacha - Maria Doyle Kennedy agus Sarah Bolger san áireamh - leis an tsraith THE TUDORS. Ceapadh Brian Kirk ina stiúrthóir ar MY BOY JACK freisin, agus stiúraigh Colm McCarthy an dá shraith is déanaí de MURPHY'S LAW. Bhí an
príomh-ról ag an aisteoir óg Jenn Murray sa phríomhscannán DOROTHY MILLS.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gCiste Léiriúcháin Idirnáisiúnta agus na critéir a bhaineann leis sa mhír Cláir Mhaoiniúcháin ar láithreán gréasáin BSÉ/IFB.