A BheochantóirÃ!! Spriocdháta Nua Frameworks à Fógairt
Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann spiocdháta nua a fhógairt do Frameworks - scéim na ngearrscannán beochana. Glacfaí le hiarratais go dtí an Aoine, 20ú Aibreán. Is scéim bhunaithe rathúil í Frameworks do léiriú gearrscannáin bheochana, atá ag spreagadh saothair nuálacha ó bheochantóirí Éireannacha.
Beidh taiscéalaíocht chruthaitheach i gceist leis na tionscnaimh a roghnófaí, agus ba chóir go mbeidh sé ar a gcumas acu lucht féachana leathan a tharraingt. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag beochan Éireannach sna blianta beaga anuas, le hainmniúchán do Dhuais an Acadaimh - An Gearrscannán Beochana Is Fearr faighte ag Granny O'Grimm's Sleeping Beauty a stiúraigh Nicky Phelan agus a scríobh Kathleen O'Rourke. Moladh freisin The Rooster, The Crocodile and the Night Sky, a scríobh agus a stiúraigh Padraig Fagan, don ghradam suntasach Annie de chuid ASIFA Hollywood. Taispeánadh Old Fangs de chuid Adrien Merigeau ag an bhféile cháiliúil Sundance, agus ag Féile Scannán Annecy agus Féile Scannán Londan anuraidh, le moladh óna léirmheastóirí.
Tá Scéim Frameworks maoinithe ag BSÉ, An Chomhairle Ealaíon, BAI agus RTÉ. Is féidir scannáin a dhéanamh as Gaeilge nó i mBéarla, agus cuirimid fáilte mhór go háirithe roimh iarratais as Gaeilge. Le tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh agus chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig Clár Maoiniú Frameworks ar laithreán gréasáin BSÉ.