{title}

News

A Scannánóirí! Spriocdháta Nua don Scéim Reality Bites á Fhógairt


Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann iarratais a lorg don chéad bhabhta eile den scéim rathúil Reality Bites. Is é an spriocdháta nua ná: an Aoine 4 Meitheamh.

Is é an aidhm den scéim REALITY BITES cur chuige trialach agus úr a spreagadh maidir le gearrscannánaíocht neamhfhicsean.

Rud éigin nua in úsáid cineála an scannáin faisnéise, bíodh na tograí irisiúil nó cruthaitheach, breathnaitheach nó aeistéitiúil, oibiachtúil nó pearsanta. D'fhéadfadh go mbeadh gearrléaráidí ar ábhair atá á mbreithniú i gcomhair léirithe scannáin do chineáil níos faide oiriúnach don scéim seo chomh maith.

Tá na dámhachtain ar fail d'uasmhéid de 2 scannán faisnéise, a bhfuil níos lú ná 12 nóiméad agus buiséad acu de €15,000 an ceann.

Is féidir scannáin a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge agus cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais as Gaeilge.

Le tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh agus chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig an mhír Cláir Mhaoiniúcháin ar an láithreán gréasáin.