A Scannánóirà ar fad! Is é an 13ú Ãúil an spriocdháta don scéim 'Gearrscannáin’
Tá áthas ar Bhord Scannán na hÉireann iarratais a éileamh don chéad bhabhta eile den scéim an-rathúil ‘Gearrscannáin. Is é an Aoine 13ú Íúil 2012 an spriocdháta nua don scéim.Scéim í ‘Gearrscannáin' a bhfuil sé mar sprioc aici gearrscannáin as Gaeilge a sholáthar, a mbeidh tarraingt acu do lucht féachana ginearálta. Tá sé mar chuspóir ag an scéim go spreagfaí stiúrthóirí úra chun dul i bpriacal, chun dushlán a thabhairt don lucht féachana agus chun téamaí suimiúla a rachaidh i bhfeidhm orthu a chur os a gcomhair. Cé gur chóir go mbeidh sé mar aidhm ag na scannáin freastal ar lucht féachana fairsing, ba chóir go mbeidh siad in ann grádú ‘faoi 15' a bhaint amach.
Ní mór gur bunscéalta as Gaeilge atá sna hiarratais. Ní ghlacfar le gearrscannáin a cuireadh chuig BSÉ/IFB i mBéarla cheana. Déanfar an scéim a sholáthar ar-líne den chuid is mó.
S'é an Aoine 13ú Íúil 2012 an spriocdháta do ‘Gearrscannáin'