{title}

News

Spriocdháta Úr Á Fhógairt don scéim Reality Bites.

Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann spriocdháta úr a fhógairt d’iarratais ar an gcéad bhabhta eile de Reality Bites. Glacfaí le hiarratais go dtí an Aoine 5ú Iúil.

 

Tá sé i gceist ag Reality Bites saothair thrialacha agus tabhairt faoi nua a spreagadh maidir le scannánaíocht neamhfhicsine.

 

Táimid ar thóir rud éigin nua agus foirm an scannáin fhaisnéise á úsáid ag scannánóirí, cibé saghas tionscadal atá i gceist – bíodh sé iriseoireach, cruthaitheach, breathnóireach nó aeistéitiúil, oibiachtúil nó pearsanta. Is féidir scannáin fhaisnéise a léiriú as Béarla nó as Gaeilge.

 

Cuirfidh an scéim Reality Bites maoiniú ar fáil do suas le trí scannán idir 10 agus 12 nóiméad ar fhad. I measc na scannáin Reality Bites ar éirigh leo tá Bye, Bye Now, a stiúraigh agus a léirigh Ross Whittaker agus Aideen O’Sullivan, a d’éirigh thar barr leis ar leibhéal idirnáisiúnta, a taispeánadh ag féiltí ar nós Féile na hAithine, Vancouver, Krakow, chomh maith leis an bhféile scannán Silver Docs. 

 

Roghnaíodh an scannán seo le bheith mar ionadaí do scannáin Éireannacha ag Féile Scannán EU sa tSín i 2012. Bronnadh Gradam Clare Lynch: An Stiúrthóir is Fearr Dá Chéad Ghearrscannán ar Two Wheels Good le Barry Gene Murphy ag Féile Scannán Chorcaí 2012. Fuair Collaboration Horizontale le Ciaran Cassidy duais ag Palm Springs International ShortFest, an fhéile agus an margadh is mó do ghearrscannáin i Meiriceá Thuaidh.

 

Le tuilleadh eolais a fháil ar iarratas a dhéanamh agus chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig an roinn Cláir Mhaoiniúcháin ar an láithreán gréasáin seo.