A ScannánóirÃ! Is é an spriocdháta don Scéim ‘Gearrscannáin’ ná an Aoine 26ú Iúil
Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann a fhógairt go bhfuil iarratais á lorg againn don scéim ‘Gearrscannáin’. Glacfaí le hiarratais go dtí an 26ú Iúil 2013.
Scéim í ‘Gearrscannáin’ a bhfuil sé mar sprioc aici gearrscannáin as Gaeilge a sholáthar, a mbeidh tarraingt acu do lucht féachana ginearálta.
Tá sé mar chuspóir ag an scéim go spreagfaí stiúrthóirí úra chun dul i bpriacal, chun dushlán a thabhairt don lucht féachana agus chun téamaí suimiúla a rachaidh i bhfeidhm orthu a chur os a gcomhair.
Cé gur chóir go mbeidh sé mar aidhm ag na scannáin freastal ar lucht féachana fairsing, ba chóir go mbeidh siad in ann grádú ‘faoi 15' a bhaint amach.
Ní mór gur bunscéalta as Gaeilge atá sna hiarratais. Ní ghlacfaí le gearrscannáin a cuireadh chuig BSÉ/IFB i mBéarla cheana. Déanfar an scéim a sholáthar ar-líne den chuid is mó.
"¨"¨’S é an spriocdháta do ‘Gearrscannáin’ ná an Aoine 26ú Iúil 2013. Le tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an roinn Gearrscannáin faoi Cláir Mhaoiniúcháin ar an láithreán gréasáin seo.