Spriocdháta Úr à Fhógairt don Scéim Ghearrscannáin Signatures
Tá spriocdháta á fhógairt anois do SIGNATURES, an scéim ghearrscannáin is suaitheanta de chuid Bord Scannán na hÉireann. Glacfaí le hiarratais go dtí an Aoine 23ú Lúnasa.
Scéim ghearrscannáin is ea SIGNATURES chun scannáin fhicsin bheoghníomhaíochta a dhéanamh a fheidhmeoidh mar thalamh profa do dhaoine cruthaitheacha in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an scéim go spreagfaí bunscéalaíocht láidir, féith fhíse, agus luachanna léiriúcháin a bheas oiriúnnach don scáileán mór.
I measc na ngearrscannáin Signatures a rinneadh cheana, tá Foxes, rogha oifigiúil na bhféiltí SXSW agus Tribeca 2012, agus Féile Ghearrscannán Clermont Ferrand níos luaithe an bhliain seo; agus tá Pentecost, a ainmniú do Dhuais an Acadaimh i 2012.
Tugann an scéim deis do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí dul ag obair i gcomhshaol proifisiúnta a chuirfidh leis an taithí atá acu.
Agus d’iarratas á ullmhú agat, déan cinnte gur féidir an obair léiriúcháin a dhéanamh idir Eanair agus Áibreáin na bliana seo chugainn, le seachadadh iomlán ag deireadh Bealtaine 2014.
Cuireann muid fáilte mhór roimh iarratais as Gaeilge, mar is féidir scannáin don scéim seo a léiriú as Béarla nó as Gaeilge.
Ba chóir aon iarratas don scéim a sheoladh, leis an tagairt REF: SIGNATURES ar an gclúdach, chuig:
Bord Scannán na hÉireann/The Irish Film Board,
Geata na Banríona, 23 Bóthar na nDuganna, Gaillimh.
Le tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh agus chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig an mhír Cláir Mhaoiniúcháin ar an láithreán gréasáin seo.