Fógra: Athrú go dtà Spriocdháta Maoiniú Iarratais BSÉ/IFB
Mian Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board a chur in iúl do gach táirgeoir go bhfuil athrú ar spriocdáta seo chugainn d’iarratais maoinithe le haghaidh táirgeadh, forbairt agus dáileadh. An spriocdháta le haghaidh iarratas a chur san áireamh ag an chruinniú seo chugainn ná deireadh an lae oibre, Dé hAoine 10ú Eanáir 2014.
Tá BSÉ/IFB anois ag glacadh le hiarratais ar líne. Ba chóir d’iarratasóirí a theastaíonn uathu iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh clárú i dtosach ar shuíomh gréasáin BSÉ/IFB, aitheantas pearsanta a chruthú do logáil isteach, agus dul tríd an phróiseas iarratais nua.
Tá athruithe éagsúla déanta ar an phróiseas iarratais, agus mar sin molaimid go gcaitheann iarratasóirí am ag dul i dtaithí ar an phróiseas iarratais nua ar líne, ag fágáil neart ama leis an iarratas iomlán a líonadh roimh spriocdhátaí maoinithe BSÉ/IFB.
Tá sé tábhachtach tabhairt san áireamh go bhfuil eolas agus ábhair bhreise anois ag teastáil ó na scéimeanna Maoiniú Léiriúcháin ar fad, na rudaí seo leanas ina measc;
1. Anailís ar an tionscadal faoi chritéir BSÉ/IFB maidir le cineama a dhéanamh, úrmhaireacht agus breisíocht
2. Sonraí maidir leis an chomhléiritheoir, leis an bheart chomhléirithe, agus le haon ghaolmhaireacht chómhalartach atá ann
3. Sonraí maidir le sprioclucht féachana an tionscadail agus le conas ar éirigh le tionscadail dá leithéid seo cheana sna margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta
4. Sonraí ar straitéis mholta an tionscadail maidir le féilte Éireannacha agus idirnáisiúnta
Tá maoiniú léiriúcháin Céad Chéim d’Fhaisnéis anois athraithe go Iasacht d’Fhorbairt Fhaisnéise.
Moltar go gcinntíonn iarratasóirí go bhfuil na treoirlínte ar Conas Iarratas a Dhéanamh léite acu sula dhéanann siad iarratas.
Nascanna Cabhracha:
Cláraigh le Córas Iarratais nua BSÉ/IFB
Léigh na treoirlínte Conas Iarratas a Déanamh de chuid BSÉ/IFB
Léigh tuilleadh faoi Maoiniú d’Fhorbairt Fhaisnéise