Fógra: Athrú ar spriocdhátaà chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú léiriúcháin agus ar mhaoiniú dáilte
Ba mhian le Bord Scannán na hÉireann/The Irish Film Board athrú á fhógairt d’iarratasóirí maidir le nós meastóireachta na n-iarratas ar mhaoiniú léiriúcháin agus ar mhaoiniú dáilte. Ní bheidh spriocdháta míosúil i bhfeidhm as seo amach.
Is iad seo a leanas na spriocdhátaí nua chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú léiriúcháin agus ar mhaoiniú dáilte:
• An Aoine 14ú Feabhra 2014
• An Aoine 04ú Áibreáin 2014
• An Aoine 13ú Meitheamh 2014
Próiseálfar iarratais laistigh de 5-6 sheachtain ón spriocdháta. Tá an t-athrú seo le cur i bhfeidhm ionas go mbeidh níos mó ama ann chun plé a dhéanamh le Bainisteoirí Tionscadail BSÉ/IFB sula dhéantar iarratas.
Fanann nós meastóireachta na n-iarratas ar mhaoiniú forbartha mar atá. Is é an spriocdháta d’iarratais ná lá deireannach oibre na míosa, gach mí. Próiseálfar iarratais laistigh de 6-8 seachtain ón spriocdháta. Tabhair san áireamh áfách nach mbeidh aon spriocdháta ann d’iarratais i mí Márta.
Is iad na spriocdhátaí le teacht fá choinne maoiniú forbartha ná:
• An Aoine 31ú Eanair 2014
• An Aoine 28ú Feabhra 2014
• An Chéadaoin 30ú Áibreáin 2014
• An Aoine 30ú Bealtaine 2014
• An Luain 30ú Meitheamh 2014
Moltar go mór d’iarratasóirí amharc ar an leathanach cuí faoi chláir mhaoiniúcháin BSÉ/IFB ar ár suíomh gréasáin roimh iarratas a dhéanamh.