RoghnaÃtear an GearrScannán Gaeilge RúbaÃ, a bronnadh duaiseanna air cheana, do Féile Scannán Tribeca
Beidh an chéad thaispeánadh idirnáisiúnta den ngearrscannán Gaeilge Rúbaí, a stiúraigh Louise Ní Fhiannachta agus a fuair maoiniú trí scéim ghearrscannán de chuid Bord Scannán na hÉireann, le tarlú ag Féile Scannán Tribeca. Beidh an gearrscannán gleoite seo le cur ar scáileán ag an bhFéile cháiliúil i Nua Eabhrac i mí Áibreáin, chomh maith leis na príomhscannáin The Canal, a stiúraigh Ivan Kavanagh, agus The Stag, a stiúraigh John Butler.
Scríofa ag Antoin Beag Ó Colla, insíonn Rúbaí scéal cailín óg; sna laethanta roimh a Céad Chomaoineach, maíonn sí gur aindiachaí í, rud a chuireann a múinteoir, a máthair agus an sagart paróiste trína chéile. éirithe ag Gemma O'Shaughnessy do Magamedia Teo, taispeánadh Rubaí don gcéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh, agus bronnadh duais An Chéad Gearrscannán Dráma is Fearr air. Beidh sé sa chomórtas ag IFTA i mbliana chomh maith, don duais An Gearrscannán is Fearr.
Beidh an chéad thaispeánadh idirnáisiúnta den phríomhscannán uafáis The Canal de chuid Park Films – scríofa agus stiúrtha ag Ivan Kavanagh agus leis na príomhaisteoirí Rupert Evans (Hellboy) agus Antonia Campbell-Hughes (Albert Nobbs, Kelly + Victor) – le tarlú ag tús na Féile Tribeca mar chuid den mhír Meán Oíche.
Scannánaithe i mBaile Átha Cliath i rith an tsamhraidh 2013, insíonn The Canal scéal David Williams (Evans) agus a mhná céile Alice (le Hannah Hoekstra as Hemel), a bhogann isteach i seanteach álainn taobh leis an gcanáil, lena mac óg Billy. Ag an am céanna is a thagann amhras ar David faoi dhílseacht a mhná, bíonn rudaí uafásacha á dtaibhreamh dó, agus creideann sé go bhfuil ainsprid éigin ina chónaí sa teach.
Beidh an chéad thaispeánadh de The Stag sna Stáit Aontaithe faoin teidil Batchelor Weekend, agus beidh sé le heisiúint ar fud na Stáit Aontaithe ar VOD. Is scannán grinn é le croí mór, faoi cairdeas idir fhir sa lá atá inniu ann, suite i saol tuaithe na hÉireann. Tá sé le feiceáil anois i bpictiúrlainne na tíre seo.
Le tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháíl le: Louise Ryan, Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Bord Scannán na hÉireann / Irish Film Board T) +353 86-329-7819 E) louise.ryan@irishfilmboard.ie