TreoirlÃnte Nua á bhFógairt don Chiste d’Fhorbairt Script Scannáin
Tá an Ciste d'Fhorbairt Script Scannáin á oscailt arís ag Bord Scannán na hÉíreann (BSÉ/IFB). Tá an ciste seo mar chuid thábhachtach de pholasaí forbartha BSÉ, ag tacú le scríbhneoirí, scríbhneoirí/stiúrthóirí agus stiúrthóirí atá fadbunaithe nó atá ag teacht chun cinn, chun tionscadail a fhorbairt le tacaíocht airgid agus eagarthóireachta sna laethanta tosaigh.
Bunaíodh an ciste i 2007, agus beidh sé ag feidhmiú mar a bhí cheana, ach beidh roinnt leasuithe i bhfeidhm ann ón am seo.
- Más mian le hiarratasóir iarratas a dhéanamh le himlíne/cóiriú, tá sé mar riachtanas anois ag BSÉ go seolfar isteach suas le 25 leathanach den script scannáin (sampla na scripte) araon leis an imlíne/cóiriú. Glactar fós le céad-dhréachtaí de script scannáin.
- Forbairt Thallaine: Beidh tionscnamh nua le tabhairt isteach ag BSÉ ar bhonn trialach a bheas dírithe ar iarratasóirí nach éiríonn leo dámhachtain fhorbairt scripte a bhaint amach, ach a thaispeánann a gcuid scríbhneoireachta cumas áirithe agus gur léir go mbainfidís leas as a bheith ag obair le comhairleoirí scripte. Tabharfar deis d'iarrthóirí oibriú le hEagarthóir Scripte/Comhairleoir atá faofa ag BSÉ ar feadh tréimhse ainmniúil, chun idéanna a fhorbairt agus chun a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fheabhsú. Roghnófar na hiarrthóirí astu siúd a chuireann iarratas isteach chuig an Ciste d'Fhorbairt Script Scannáin amháin - ní bheidh aon phróiseas iarratais eile ann don tionscnamh seo. Mar a luaíodh, beidh an tionscnamh seo le reachtáil ar bhonn trialach agus ar bhonn ad hoc. Is féidir nach roghnófar iarrthóirí ar bhonn rialta, agus ní bheidh figiúr seasta ann maidir leis na rannpháirtithe a roghnófar. Toisc nach dtabharfar aon mhaoiniú d'iarrthóirí, is féidir leo féin roghnú ar mhian leo glacadh leis an tacaíocht seo.
- Is é 1.00 i.n. dé hAoine 19ú Mí na Nollag 2014 an chéad spriocdháta eile d'iarrataisí ar an Chiste d'Fhorbairt Script Scannáin, agus tar éis sin beidh spriocdháta d'iarrataisí le teacht (mar is iondúil) ar an lá deireannach oibre gach mí, nó mar a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin BSÉ.
Moltar go gcaitheann iarratasóirí súil ar an mhír Cláír Mhaoiniúcháin ar shuíomh gréasáin BSÉ sula dhéanann siad iarratas, agus go háirithe ar na treoirlínte Conas Iarratas a Dhéanamh agus Ceisteanna Coitianta.