TAR ÉIS '16: FógraÃonn BSÉ/IFB tionscnamh gearrScannán mar chomóradh ar 1916
Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann tionscnamh aonuaire á fhógairt, TAR ÉIS 16, a thabharfaidh maoiniú do suas le 8 ngearrscannán a dhéanfaidh cuimhne, ceiliúradh agus macnamh ar 1916, agus ar an rian a d'fhág eachtraí Dhomhnach na Cásca agus ar aghaidh ar an gcéad bliain ina dhiaidh.
Ba mhian le Bord Scannán na hÉireann cuireadh a thabhairt do scannánóirí a ndearcadh ar 1916, agus ar an gcéad bliain ina dhiaidh, a thabhairt. Táimid ag lorg scéalta, idir fhaisnéis agus ficsean, a chaithfidh solas ar ábhar 1916 agus ar an méid a tháinig ina dhiaidh, a bheas mar chúis iontais, agus fiú gur féidir tuairimí a spreagadh.
Is féidir leis na scéalta a bheith suite sa lá atá inniu ann nó san am atá caite, is féidir go mbeidh beoghnímh nó beochan i gceist, agus cuirimid fáilte roimh iarratais as Béarla nó as Gaeilge.
Beidh fáilte freisin roimh iarratais ó scannánóirí bhunaithe nó ó scannánóirí nua.
Ba chóir go mbeidh na scéalta uaillmhianach agus samhlaíoch, agus go mbeidh sé ar a gcumas acu lucht féachana áitiúil agus idirnáisiúnta a mhealladh.
Ní mór go mbeidh na scannáin réidh le seachadadh faoi mí EANAIR 2016.
An Maoiniú atá Ar Fáil:
Suas le €70k an scannán do suas le ceithre scannán ficsin idir 8-12 nóiméad.*
Suas le €40k an scannán do suas le ceithre scannán faisnéise idir 8-12 nóiméad.*
Chun na treoirlínte a léamh agus chun iarratas a dhéanamh téigh chuig an mhír Cláir Mhaoiniúcháin ar an suíomh gréasáin seo.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne tríd an chnáipe ‘Déan Iarratas' ón Aoine 6ú Feabhra.
Tabhair faoi deara go mbeidh na scéimeanna Gearrscannáin, Signatures, agus Reality Bites curtha ar atráth don bhliain 2015.
*do scannáin ag baint leasa as scannstoc/ábhair chartlainne, ní mór costais na ndeimhnithe imréitigh, sna meáin ar fad agus go deo, a chur isteach leis an iarratas.