Ag glaoch ar BheochantóirÃ! Spriocdháta nua á Fhógairt don Scéim GhearrScannán Frameworks
Tá an spriocdháta don scéim ghearrscannán bheochana Frameworks de chuid Bord Scannán na hÉireann, anois sa 20ú eagrán, á fhógairt. Glacfar le hiarratais go dtí 1i.n. Dé Céadaoin, 15ú Aibreáin 2015. Scéim shean-bhunaithe is ea Frameworks chun gearrscannáin bheoite a dhéanamh, scéim atá ag éirí go mór léi saothar nua ceannródaíoch ó bheochantóirí Éireannacha a spreagadh. Déanfaidh na tionscadail a thugfar maoiniú dóibh taiscéalaíocht chruthaitheach, agus beidh siad in ann freastal ar lucht féachana ginearálta.
Tá éirithe go mór le gearrscannáin a rinneadh faoin scéim Frameworks, le moladh náisiúnta agus criticiúil faighte acu. I measc na mbuaicphointe tá Somewhere Down the Line, a stiúraigh Julien Regnard agus a léirigh Jonathan Clarke; fuair sé an gradam don Scannán Beoite Is Fearr ag Féile Gearrscannán Clermont Ferrand i mbliana. Bhain CODA, a stiúraigh Alan Holly agus a léirigh Ciaran Deeney, clú amach ar fud na cruinne le gradaim á mbronnadh air ag féilte idirnáisiúnta áirithe ag tosú le SXSW, agus bhí sé ar an liosta fada fá choinne Duaiseanna an Acadaimh® 2015. Bhí This Missing Scarf, a stiúraíodh agus a léiríodh ag Eoin Duffy, ar an liosta fada fá choinne Duaiseanna an Acadaimh® 2014, agus bhain sé clú agus cáil amach go hidirnáisiúnta ag féilte.
Déanann BSÉ/IFB agus RTÉ comhaoiniú ar an scéim.
Le sonraí a fháil ar pharaiméadair na scéime, cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh, nós imeachta agus rialacha ginearálta, cliceáil anseo le do thoil.